Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fág ag
a.
·
Fágaim an Satharn ag Muire Mháthair agus bím ag an Aifreann Dé Domhnaigh = sin é an leiscéal a thug an leadaí fadó
Fágfaidh mé an Luan ag an gcladach. Is beag eile a bhéas déanta agam ach a mbeidh mé réidh leis an tráigh = ag obair san gcladach a bhéas mé Dé Luain
+
Fágfaidh sé an teach agus an talamh ag an mac
Tá sé cho maith dhuinn é sin a fhágáil ag an deachma (fc. deachma)
TUILLEADH (1) ▼
Fág é sin ag an dul amú
+
Ar fhága sé slán agadsa chor ar bith sul ar imigh sé?
Caithfidh mé slán a fhágáil aige
TUILLEADH (4) ▼
Fág slán aige anois, mar ní móide go bhfeicfeá aríst é
Ní hé a bheannacht a d'fhága sé ag an athair ag imeacht dó
D'fhága sé a bheannacht agadsa ar chaoi ar bith!
D'fhága sé a mhallacht ag an mbaile seo, agus ní gan údar. Ba dona a caitheadh leis ann
+
Fágfaidh mise másaí tinne agad má chloisim an focal sin uait aríst = léasfaidh mé thú
Fágfaidh mise pian san ngoile agad mara n-eirí tú as do chuid nathaíocht'
TUILLEADH (5) ▼
Níor fhága mise smid aige = chuir mé in a shórt é
Fágfaidh mise ag craitheadh na gcrúb thú mara leige tú de do chuid ámhailleacht = gortóidh mé thú
Fágfaidh an cléibh sin druim tinn agad
Fágfaidh na bróga léasrachaí ar na cosa agad
D'fhága an diabhal grís agam (orm). Is maith an bronntanas í sin! = thóig mé grís uaidh
+
Fágfaidh an bhóithreóireacht ag caitheamh na miotán é. Níl áird ar bith aige ar a ghnatha
Sé an droch-phósadh a d'fhága ag iarraidh a chudach é
TUILLEADH (4) ▼
Níor fhága sleaghannaí na raithní sin aon-ionga ag gabhail liom anuiridh
Níor fhága an dúchan fata de bhláth bliana agam
Níor fhága an bháisteach aon-fhód móna ag na daoine i mbliana
Níor fhága an curásach sin gráinne coirce san ngarraí sin thiar agam
+
Fágaim ag Dia é. Má ghoid sé fhéin é ní chuirfidh mise aon-tréas air faoi = déanfaidh Dia breith a thabhairt air. Ní chuirfidh mé aon-leanúntas chúirte air
Fágaimse ag Dia é, mar a d'fhág Neil an tinncéara a ghoid a léine
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac leis. Fág ag Dia é. Agróidh Dia é sin air
+
Fágaim ag mac Dé gurb shin é an rud adúirt sé = mionnaím gurb shin é adúirt sé
Fágaim ag Dia nach raibh mé ann beag ná mór
TUILLEADH (4) ▼
Fágaim ag Dia nach bhfuil pínn ag gabhail liom!
Fágaim ag mac Dé bheannaithe nar leag mé láimh ná cois air! Sin í an fhírinne
Fágaim ag mo Shlanaíodóir nachar dhúirt mé smid ná smeaid faoi ach an oiread leis an té nar rugadh
Fágaim ag Dia Dílis, nach raibh mé ann ach an oiread leatsa, agus dhá mbeinn fhéin ní chorróinn é
b.
+
Chúig leoraí a d'fhága sé ag chuile chruach = a mheas sé nó a cheap sé do chuile chruach
D'fhágfainn dhá chloich dhéag ag do mhuic-sa. Ní mórán le deich gclocha an mhuic eile seo
TUILLEADH (5) ▼
D'fhágfainn trí phíosa a bheith san ngarraí sin. Tá sin ann go réidh
D'fhága sé trí chárr feamainne ag an gcoca. Sin rud nach raibh ann muis
Fágaim dhá scór bliain ag an mac is sine. Níl sé lá thairis. Sin é a d'fhágfadh an ceann is óige tuairim 's chúig bhliana fichead, agus sé a chloch neart é … Ara bail ó Dhia ar do dheich mbliana fichead. Is fada uaithi é
Fágfaidh muid coróin ar (ag) luach an bhéiréiste. Cár chuir tú an chuid eile den airgead?
Fágfaidh muid dhá lá aige len a dhéanamh = we will give him (we will suppose he takes two days to do it) two days to do it

Féach freisin

fág ag in iontrálacha eile (50+)

 
Ná fág an seaicéad sin leis an tine ar fhaitíos na heirimisce. Ghabhfadh na cait sin ag macnas leis ar an bpuinnte, agus ní chomhnóidís go strachlaídís isteach i gceartlár na coigilte é. Triomóidh sé amáireach amuigh ar an tom
 
Ní bheadh a fhios agad cé is fhearr ná is measa den bhrotuinn sin. Gach uile dhuine aca ag baint fearasbár dhá chéile. Agus 'ar ndó' cár fhága tú an t-athair!
 
Níl garraí ar an bhfeáin agam nach bhfuil foirghe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith, ach i ngiosadáin. Níl ann ach an uair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailighe go fada anois é tharéis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
 
Ag líonadh feánach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. "Tá 'fire' agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid móna-sa", adeir sé. "Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orra muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé".
 
fiar
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
 
Sin é an fiolladóir bradach. Ní fhágfadh sé bonn bán ort dhá ngéilltheá dhó. Is maith leis an rith uachtair a bheith aige i gcomhnaí i leabaidh druim díbearha a chur air as an tír!
 
fios
Cár fhága sé é adeir tú? Dheamhan a fhios agam fhéin
 
focal
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
 
Is deacair dhó féar ná fóthair a bheith aige lá agus gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint, nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléaracht, agus ag biorú claidheachaí nuair a bhí aige a ghnatha a dhéanamh
+
Bhí cuid agus maoin aige, ach d'fhága frasaíl a mhná gan bonn bán é. Bhí an croí mór aice. Ro-mhór a bhí sé.
TUILLEADH (1) ▼
Sí a chuid frasaíl fhéin a d'fhága mar sin é. Níor sheas an uachta dhó mórán le bliain. Nach mbíodh sé ag glaoch is chuile theach ósta san tír
 
Céard a thug an roiseadh sin do "tyre" do bhicycle? Tá an "tube" ag freagairt ann. Ná fág ball na háite nó go gcuire tú deis eicínt air. Mara gcuire fágfaidh sé ar an mbóthar thú
 
Tá sé ro-fhreochanta. Ní fhágfaidh sé aon-duine gan cur in a aghaidh. Fear ar bith atá in a cheann posta seisean, níorbh fhuláir dó foighid naoimh a bheith aige
 
Dhein sé fudarnéis den áit len a shean-mhótar. D'iagóir Dé dhó nar fhága é san áit a raibh sé! Tá íosbairt déanta ar chearca aige ar chaoi ar bith
+
Cé air ar fhága sé cúram an tí ag imeacht dó?
TUILLEADH (1) ▼
Is air a fágadh é, ach dheamhan 's móide láimh ná cois a bhí aige ann ach an oiread linne
 
Dhá bhfágadh sé fúmsa é, is fadó a bheadh sé faite agam dó, ach ní fhágfadh. An iomarca comhairleachaí 'ar ndó!
+
fág i
D'imigh sé uaim go Sasana, agus d'fhága sé ag caitheamh in a dhiaidh ó shoin mé
TUILLEADH (5) ▼
Sin é an rud a d'fhága caitheamh in a dhiaidh agam ar fad
Foighid ort! Tá an-tsaint san airgead aige, ach fágfaidh sé in a dhiaidh é ar ball = ní fhéadfaidh sé a thabhairt san uaigh leis
D'fhága mise i bpian anois é. Níl a fhios aige san míádh cá bhfuil mé ag dul = tá sé ag déanamh imní dhó fios a fháil cáil mé ag dul
Fág in a dhá chéad fhéin é. Tá an méid sin aige san mbliain ar a laghad ar bith = you can count (suppose, take for granted) it at (as) a hundred.
Fágaim fiche cliabh fataí a bheith is chuile pholl. Níl thairis ionta. Tá an oiread fataí agamsa leis in a dheidh sin, mar tá poill théagaracha agam. Níorbh ait liom taibhsí a chlúdú ariamh
+
Fágaim le m'anam nach bhfuil a fhios agam céard is cor dó ach an oiread leatsa
TUILLEADH (1) ▼
Fágaim le m'ais nach mbeidh plé beag ná mór agam leis
+
fág
Fág seo ag siúlóid. Tá muid cuibhrithe annseo ó mhaidin
TUILLEADH (24) ▼
Fág seo amach go fóilleach. Tá gnatha agam dhíot
Fág seo ag iascach. Tá an lá in araíocht
Ag caint ar a dhul ar an loch a bhí tú. Fág seo
Tá sí ag teacht. Fág seo le faitíos go bhfeicfeadh sí muid
Fág mo bhealach as sin. Níl mo dhíol bealaigh agam le dhul thart.
Fág an doras, agus ná bíodh chuile dhuine ag breathnú ort
Sin ní fhágfainn le mo ló marach go raibh lón ar iompar agam. Sliabh gortach a tháinig orm. Ní hé a athrú a bhí ann. B'fhurasta aithinte dhom é
Níor fhága an chasacht sin mé i gcaitheamh an gheimhridh. Tá sí in a leannán agam
Is diabhlaí an ghlaomaireacht atá ort faoi do shean-chaipín. 'Ar ndó' níor fhága sí an tír. An rud nach ngoidtear fáitear é, adeir siad, agus scéal cinnte nar goideadh do shean-chaipín-sa. Bheadh féirín ag an té a ghoidfeadh muis!
"Níor fhága an marbh láthair" adeir sé. "Tá mo phíopa ag duine eicínt san teach. Tóróidh mé a bhfuil istigh, agus an té a bhfuighidh mé aige é, ní leis a rachas (fc. marbh)
An té is cumhang (nó "ar cumhang") leis fágadh = an té a shíleas nach bhfuil a dhóthain réitigh aige, imíodh sé; an té a shíleas go bhfuil doicheall roimhe ná fanadh sé mar a dtaithníonn leis
Má shíleann tú go bhfuil doicheall romhat a dheárthair mo chroí, sin é amach an bealach agad. Sén chaoi a bhfuil sé againne annseo: an té ar cumhang leis fágadh. Níl buairín barra againn ar aonduine
A dhiabhail, tá an teach seo ag cur thar maoil. Cuirfidh muide thar maoil tuilleadh é muis. Is beag a fháilte atá romhainn sílim, ach bíodh aca. An té is cumhang leis fágadh.
D'fhága sé annsin é ag tabhairt na gcor
D'imigh sé uaim Dé Luain agus d'fhága sé ag obair ar anchaoi mé. Is beag é foghail duine aonraic le coirce atá ag tuitim dhá cheann
Ná fág ag déanamh bróin mar siúd í. Teirigh go dtí í
Nach breá nach bhfágfadh sib le m'anshógh féin mé, agus gan a bheith ag spochadh liom
Fuair an ceann seo den phobal inniu é ón sagart. Más thíos a fríodh iad is thuas a fágadh iad aige siúd. 'Ar ndó' dheamhan leath chirt aige leo, níl sin
Ara a dhearthair ó mo chroí thú, ní raibh mo chois istigh agam, nuair a d'áitigh sí mé. Más thíos a fríodh mé thuas a fágadh mé ar chaoi ar bith. Ach d'airigh sé gur in a theach fhéin a bhí sé. Níor mhór dhó!
Dhá gcuimhníodh sé ar an arán a hithiodh, ba bheag a luadh aige a dhul tharmsa gan cuireadh a thabhairt dom. Agus a liachtaí lá oibre a thug mé dhó. Ba dona é scathamh marach mise. Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é = bhí a chuid oibre gan déanamh. Rinne mise dhó í
Bheadh an bhróig millte aige marach thusa. Más thíos a fuair tú í, is thuas a d'fhága tú í = fuair tusa í, agus droch-bhail uirri, agus chuir tú caoi cheart uirri
Sin í an bhean a chuir smais air. Más thíos a fuair sí é is in a sheasamh a d'fhága sí é (is thuas a d'fhága sí é). Ba bheag an deis a bheadh aige inniu marach a cuid airgid sin
Marach P. se'againne a theacht ann agus M. a choisint, dheamhan fata a changlódh sé len a loiseag ag T. Sh. Más ba thíos a fuair P. é, ba in a sheasamh a d'fhága sé é (M.).
An t-ól a d'fhága ag iarratas mar sin é