Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fág ag
a.
·
Fágaim an Satharn ag Muire Mháthair agus bím ag an aifreann Dé Domhnaigh — sin é an leithscéal a thug an leadaí fadó
Fágfaidh mé an Luan ag an gcladach. Is beag eile a bheas déanta agam ach a mbeidh mé réidh leis an trá — ag obair sa gcladach a bheas mé Dé Luain
+
Fágfaidh sé an teach agus an talamh ag an mac
Tá sé chomh maith dhúinn é sin a fhágáil ag an deachma (fc. deachma)
TUILLEADH (1) ▼
Fág é sin ag an dul amú
+
Ar fhága sé slán agatsa chor ar bith sular imigh sé?
Caithfidh mé slán a fhágáil aige
TUILLEADH (4) ▼
Fág slán aige anois mar ní móide go bhfeicfeá aríst é
Ní hé a bheannacht a d'fhága sé ag an athair ag imeacht dó
D'fhága sé a bheannacht agatsa ar chaoi ar bith!
D'fhága sé a mhallacht ag an mbaile seo agus ní gan údar. Ba dona a caitheadh leis ann
+
Fágfaidh mise másaí tinne agat má chloisim an focal sin uait aríst — léasfaidh mé thú
Fágfaidh mise pian sa ngoile agat mura n-éirí tú as do chuid nathaíochta
TUILLEADH (5) ▼
Níor fhága mise smid aige — chuir mé ina shórt é
Fágfaidh mise ag croitheadh na gcrúb thú mura lige tú de do chuid ábhailleacht — gortóidh mé thú
Fágfaidh an cléibh sin droim tinn agat
Fágfaidh na bróga léasrachaí ar na cosa agat
D'fhága an diabhal grís agam (orm). Is maith an bronntanas í sin! — thóg mé grís uaidh
+
Fágfaidh an bhóithreoireacht ag caitheamh na miotán é. Níl aird ar bith aige ar a ghnaithe
'Sé an drochphósadh a d'fhága ag iarraidh a chodach é
TUILLEADH (4) ▼
Níor fhága sleánnaí na raithní sin aon ionga ag gabháil liom anuraidh
Níor fhága an dúchan fata de bhláth bliana agam
Níor fhága an bháisteach aon fhód móna ag na daoine i mbliana
Níor fhága an curásach sin gráinne coirce sa ngarraí sin thiar agam
+
Fágaim ag Dia é. Má ghoid sé fhéin é ní chuirfidh mise aon tréas air faoi — déanfaidh Dia breith a thabhairt air. Ní chuirfidh mé aon leanúntas chúirte air
Fágaimse ag Dia é, mar a d'fhág Neil an tincéara a ghoid a léine
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac leis. Fág ag Dia é. Agróidh Dia é sin air
+
Fágaim ag Mac Dé gurb in é an rud adúirt sé — mionnaím gurb in é adúirt sé
Fágaim ag Dia nach raibh mé ann beag ná mór
TUILLEADH (4) ▼
Fágaim ag Dia nach bhfuil pínn ag gabháil liom!
Fágaim ag Mac Dé bheannaithe nár leag mé láimh ná cois air! Sin í an fhírinne
Fágaim ag mo Shlánaíodóir nár dhúirt mé smid ná smeaid faoi ach an oiread leis an té nár rugadh
Fágaim ag Dia Dílis nach raibh mé ann ach an oiread leatsa, agus dhá mbeinn fhéin ní chorróinn é
b.
+
Chúig leoraí a d'fhága sé ag chuile chruach — a mheas sé nó a cheap sé do chuile chruach
D'fhágfainn dhá chloich dhéag ag do mhuicse. Ní mórán le deich gclocha an mhuic eile seo
TUILLEADH (5) ▼
D'fhágfainn trí phíosa a bheith sa ngarraí sin. Tá sin ann go réidh
D'fhága sé trí charr feamainne ag an gcoca. Sin rud nach raibh ann muis
Fágaim dhá scór bliain ag an mac is sine. Níl sé lá thairis. Sin é a d'fhágfadh an ceann is óige tuairim is chúig bhliana fichead, agus sé a chlochneart é … Ara bail ó Dhia ar do dheich mbliana fichead. Is fada uaithi é
Fágfaidh muid coróin ar (ag) luach an bhéiréiste. Cár chuir tú an chuid eile den airgead?
Fágfaidh muid dhá lá aige lena dhéanamh we will give him (we will suppose he takes) two days to do it

Féach freisin

fág ag in iontrálacha eile (50+)

 
Ná fág an seaicéad sin leis an tine ar fhaitíos na heirimisce. Ghabhfadh na cait sin ag macnas leis ar an bpointe, agus ní chónóidís go streachlaídís isteach i gceartlár na coigilte é. Triomóidh sé amárach amuigh ar an tom
 
Ní bheadh a fhios agat cé is fhearr ná is measa den bhratainn sin. Gach uile dhuine acu ag baint farasbarr dhá chéile. Agus ar ndóigh cár fhága tú an t-athair!
 
Níl garraí ar an bhfeadhain agam nach bhfuil foirgthe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith ach i ngeosadáin. Níl ann ach nuair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailí go fada anois é thar éis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
 
Ag líonadh feadhnach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. 'Tá fire agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid mónasa,' adeir sé. 'Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orthu muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé'
 
feáin
Beidh sé isteach agat anois gan mórán achair idir chlár is chuinneog. Tá sin chomh siúráilte agus atá an feáin ar an móin. Níor fhága sé an baile seo ariamh gan a theacht ar cuairt anseo
+
fiar
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
TUILLEADH (1) ▼
Fág an claí beagán ar fiar mar seo nuair a bheas tú dhá dhéanamh, i riocht is go mbeidh cosán isteach anseo agat. Níl maith ar bith dhuit é a ligint díreach
 
Sin é an fiolladóir bradach. Ní fhágfadh sé bonn bán ort dhá ngéilltheá dhó. Is maith leis an rith uachtair a bheith aige i gcónaí i leaba droim díbeartha a chur air as an tír!
 
fios
Cár fhága sé é adeir tú? Dheamhan a fhios agam fhéin
 
focal
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
 
Is deacair dhó féar ná fothair a bheith aige lá is gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléireacht agus ag biorú claíochaí nuair a bhí aige a ghnaithe a dhéanamh
+
Bhí cuid agus maoin aige ach d'fhága frasaíl a mhná gan bonn bán é. Bhí an croí mór aici. Rómhór a bhí sé.
TUILLEADH (1) ▼
'Sí a chuid frasaíl fhéin a d'fhága mar sin é. Níor sheas an uachta dhó mórán le bliain. Nach mbíodh sé ag glaoch i chuile theach ósta sa tír
 
Céard a thug an roiseadh sin do tyre do bhicycle? Tá an tube ag freagairt ann. Ná fág ball na háite nó go gcuire tú deis eicínt air. Mura gcuire, fágfaidh sé ar an mbóthar thú
 
Tá sé rófhriochanta. Ní fhágfaidh sé aon duine gan cur ina aghaidh. Fear ar bith atá ina cheann posta seisean, níorbh fholáir dó foighid naoimh a bheith aige
 
Ní iarrfadh sé go deo ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leor, ach caitheann sé a shaol ag cipiléireacht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leo. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shin agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann agus nach raibh an oiread áite fágtha aige ann sa deireadh agus go suífeadh sé síos! B'éigean dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais
 
Dhein sé fudairnéis den áit lena sheanmhótar. D'éagóir Dé dhó nár fhága é san áit a raibh sé! Tá íospairt déanta ar chearca aige ar chaoi ar bith
+
Cé air ar fhága sé cúram an tí ag imeacht dó?
TUILLEADH (2) ▼
D'fhága an misinéara i gcionn an phoitín sa gcúlteach é an lá sin. Thar éis an aifrinn thug siad amach é nó gur chur siad thrí lasadh é. Ach bhí mo dhuine ar meisce lá arna mhárach. Nuair a fiafraíodh dhe cá bhfuair sé é, séard adúirt sé: 'an té a chruthaigh neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh.' Ba in é an fear agat le fágáil i gcionn poitín!
Is air a fágadh é, ach dheamhan is móide láimh ná cois a bhí aige ann ach an oiread linne
 
Má fhágann tú M. T. É. as margadh, cé eile atá agat a dhéanfas é?
 
Dhá bhfágadh sé fúmsa é, is fadó a bheadh sé faite agam dó, ach ní fhágfadh. An iomarca comhairleachaí ar ndóigh!
 
Tá mé fágtha gan siúl an bhealaigh ag an gcois sin
+
fág i
D'imigh sé uaim go Sasana, agus d'fhága sé ag caitheamh ina dhiaidh ó shin mé
TUILLEADH (7) ▼
Sin é an rud a d'fhága caitheamh ina dhiaidh agam ar fad
Foighid ort! Tá an-tsaint san airgead aige, ach fágfaidh sé ina dhiaidh é ar ball — ní fhéadfaidh sé a thabhairt san uaigh leis
D'fhága mise i bpian anois é. Níl a fhios aige sa mí-ádh cá bhfuil mé ag dul — tá sé ag déanamh imní dhó fios a fháil cá'il mé ag dul
Fágfaidh mise in do chuid fola thú, má chloisim mórán eile sceaimhínteacht agat
Fág ina dhá chéad fhéin é. Tá an méid sin aige sa mbliain ar a laghad ar bith — you can count (suppose, take for granted) it at (as) a hundred.
Fágaim fiche cliabh fataí a bheith i chuile pholl. Níl thairis iontu. Tá an oiread fataí agamsa leis ina dhiaidh sin, mar tá poill théagarthacha agam. Níorbh ait liom taibhsí a chlúdú ariamh
Fágfaidh muid ina dhearmad é. Níor mhaith liom a rá gurb é a ghoid d'aon uaim a rinne sé. Murab é fearacht an fhear fadó leis an ngairleoig aige é: "ní do do ghoid atá mé a ghairleog ach do t'ardú liom".
+
Fágaim le m'uacht agus le m'anam go maróidh mé thú! Ní bheidh sé níos saoire agat
TUILLEADH (3) ▼
Fágaim le m'anam nach bhfuil a fhios agam céard is cor dó ach an oiread leatsa
Fágaim le m'uacht agus le m'anam go bhfuil mé reicthe beo beathach aici!
Fágaim le m'ais nach mbeidh plé beag ná mór agam leis
+
fág
Fág seo ag siúlóid. Tá muid cuibhrithe anseo ó mhaidin
TUILLEADH (14) ▼
Fág seo amach go fóilleach. Tá gnaithe agam dhíot
Fág seo ag iascach. Tá an lá in araíocht
Ag caint ar a dhul ar an loch a bhí tú. Fág seo
Tá sí ag teacht. Fág seo le faitíos go bhfeicfeadh sí muid
Fág mo bhealach as sin. Níl mo dhíol bealaigh agam le dhul thart.
Fág mo sholas. Ní léir dhom céard atá mé a dhéanamh agat
Fág an doras, agus ná bíodh chuile dhuine ag breathnú ort
Sin ní fhágfainn le mo ló murach go raibh lón ar iompar agam. Sliabh gortach a tháinig orm. Ní hé a athrú a bhí ann. B'fhurasta a aithinte dhom é
Níor fhága an chasacht sin mé i gcaitheamh an gheimhridh. Tá sí ina leannán agam
Is diabhlaí an ghlaomaireacht atá ort faoi do sheanchaipín. Ar ndóigh níor fhága sí an tír. An rud nach ngoidtear faightear é, adeir siad, agus scéal cinnte nár goideadh do sheanchaipínse. Bheadh féirín ag an té a ghoidfeadh muis!
'Níor fhága an marbh láthair,' adeir sé. 'Tá mo phíopa ag duine eicínt sa teach. Tóróidh mé a bhfuil istigh, agus an té a bhfaighidh mé aige é, ní leis a rachas' (fc. marbh)
Má shíleann tú go bhfuil doicheall romhat a dheartháir mo chroí, sin é amach an bealach agat. 'Sé an chaoi a bhfuil sé againne anseo: an té ar cúng leis fágadh. Níl buairthín bara againn ar aon duine
A dhiabhail, tá an teach seo ag cur thar maoil. Cuirfidh muide thar maoil tuilleadh é muis. Is beag a fháilte atá romhainn sílim, ach bíodh acu. An té is cúng leis fágadh.
Sin é ansin agat anois é. Ní ligfidh mé laglabhartha as seacht bpunt é. Tóg é nó fág é ar an airgead sin — níl ann ach breith nó fág; féadfaidh tú a cheannacht nó a fhágáil