Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fál
Ainmfhocal, Fireann
Geiniúnach Uathaidh: an fháil
Ainmneach Iolraidh: na fálta
1.
claidhe, sconnsa, múr nó a leithide; claidhe sceach.
a.
+
Trí bhuadh an fhir mhaith: fál, faire, mochóirí
Más iad trí bhuadh an fhir mhaith fál faire agus mochoirí, ní fear maith é seo thíos. Níl fál ag gabhail leis anois nach bhfuil foghluithe, agus chidh Dia muise nach mochóireach maith é
TUILLEADH (3) ▼
Treabhadh garbh agus pona (?) mín: cuir síol agus déan fál = comhairle d'fheilméara
Más leat an garraí siúd a choisint l'aghaidh féir imbliana, ní fuláir duit fál thairis siúd a chur air
Ní mór na fálta siúd a thógáil. Tá siad leagha go talamh
+
Níl claidheachaí ar bith suas ag Baile Locha Riach. Fálta uilig atá ann = fálta sceach
Ní raibh san áit sin ar fad ach faslach, agus diabhal asna dhó-san nar chuir fál leis. Tá sé ag tabhairt fhataí anois dó
TUILLEADH (3) ▼
M'anam dhá gcuirtheá fál ar an ngiodán sin i lúibinn an bhóithrín, go ndéanfadh sé áit iothlainne dhuit. Diabhal duine a ghabhfas in a bhárr ort, ná cuid dhá dhul
M'anam más leis a dhul ag fuagairt foghlach go gcaithfidh sé deis a chur ar a chuid fálta thar mar atá orra
Ag déanamh fáil atá siad le dhá lá. Sea agus claidhe dúshlánach. Tá siad ag cur balla fidín in íochtar agus clocha coiléir as sin suas
·
Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an láimh a chuir = is beag an rud is buaine ná an duine; is buaine saothar duine ná é féin
M. go ndéanaidh Dia grásta air a chuir an crann sin. Is beag an cheapadh a bhí againn an lá ar chuir sé é sin, go mbeadh sé san gcréafóig bliain ón lá sin. Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an láimh a chuir
+
Ní theigheann sídheóg thar fhál tórann adeir siad = níor mhór uisce tórann a bheith ann dar le tuilleadh
Cuirtear naoineáin gan baisteadh san bhfál tórann
TUILLEADH (2) ▼
Níor mhór don chriathrach sin fál tórann. Dheamhan caoi ar bith air mar atá sé. Ar an gcriathrach se'againne a bhíos caoirigh Sh. Mh. ar fad, ach dúbhshlán na gcaoirigh se'againne a dhul soir ar a gcuid-siadsan. Má theigheann is maith éascaidh a bhéas madadh saghdha anoir asta aríst
Seo é anois an fál tórann. Leis an mbaile thiar é uaidh sin síos
b.
leasú nó cosaint ar bharr claidhe.
·
Is aice atá an fál sceach ar an ngarraí siúd thíos = sceacha agus craobhrachaí i mbarr an chlaidhe i gcruth agus dhá mbeadh an claidhe fhéin feidhearha nar bhaol dó foghail ingeall ar na sceacha
c.
·
Tá mé in mo chuaille fáil anois = in mo bhambairne, in mo staic, gan a fhios agam céard is fhearr dom a dhéanamh; "stuck" (fc. cuaille)
d.
treampán.
+
Shílfeá nach fál ar bith atá ort nach bhféadfá a theacht ar cuairt = nach bhfuil teampán nó bacainn ar bith ort
Teagadh sé isteach más breá leis é, nó mara breá fanadh sé uainn. Níl duine ar bith ag cur aon-fhál air
TUILLEADH (2) ▼
Cén fál a bhí ort nach bhféadfá a dhul síos agus labhairt leis
Níl fál ar bith air, nach bhféadfadh sé a dhul 'na chladaigh agus a chuid den fheamainn a bheith aige cho maith le duine
·
An mar gheall ar an "mbicycle" atá tú ag loiceadh. Ní fál go haer é. Tá sean-cheann annseo agus tiúrfaidh sé ann thú le gaoith a chur ann = is féidir a theacht uaidh sin; ní bacainn do-sháruithe é sin
Más cheal airgid atá do do choinneál as, ní fál go haer é. Tá leoraí geallta a thiacht chugamsa amáireach le móin a cheannacht uaim. Díol thusa do chuid fhéin leis in mo leabaidh
2.
+
Bhíodh fál buaile ann an uair sin = talamh comhair ag baile pailitéaraí nó a leithide, le haghaidh cimín; an limistéar talún buaile a bheadh ag baile san am a mbíodh beithigh dhá gcur ar buaile (fc. fosaíocht)
Sí an tamhnach sin an fál buaile a bhí ag Clochar É. san am a raibh comhnaí ann. Is maith an scathamh é sin anois. Tá na sean-bhallaí ann fós
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh tada in uachtar an bhaile seo san sean-reacht ach fál buaile. Roinneadh amach annsin é, agus fuair chuile dhuine a chuid fhéin di
3.
áit chosanta; cumhdach.
·
Ní raibh fál ná fálach aige le dhul ar fascadh = fascadh ná dídean; áit chosanta
Bhí cúigear aca in mo dhiaidh agus gan fál ná fálach agam le dhul uatha. Isteach liom tigh Th. Sh. faoi dheireadh, agus d'fhuagair mé cara agus coimirce air

Féach freisin

Fál in iontrálacha eile (50+)

 
Ba fearadh do sheandaoine an pinsean ar chaoi ar bith. Is iomdha sean-duine a gheobhfadh anshógh agus amhgar dhá uireasa. Ach ó a thosuigh siad dhá fháil tá cion orra, deirimse leat
+
fios
Dhá dtugtaí fios mo shaoil dom, is túisce a thiúrfainn roghain ar an scéal sin a fháil amach. Tá mé ar bís go mbeidh a fhios agam céard a thug ann é, nó an ag iarraidh mná a bhí sé
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an fhios (de fhios?) a bheadh le fáil uaidh fhéin, ach is mian leis chuile fhios a fháil = chuile eolas, chuile scéal, chuile thuairisc
Níl a fhios agam céard a rinne mé ar mo Dhia chor ar bith. Níl me ag fáil aon-mhámh i gCathair Pheadair ná Phóil
Níl ól le fáil inganfhios na i gcoimhfhios ann. Teach suarach anois é
 
fliuch 1
Seo é an saol a gcaithfidh chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh in allas a mhailí fhéin nó a bheith dhá uireasa. Níl duine ar bith ag fáil a bheatha ó neamh anois. Tá an saol sin imithe. Dar Dia is maith an ceart é freisin
 
Caithfidh an fliuchán a chuid fhéin a fháil. Deir siad nach mór deachma na sláinte a íoc = má fhaghann duine fliuchán, beidh slaghdán, tinneas cnámh etc. air
 
B'fhearr liom iarraidh go mór a fháil ar Sh. Sé an fear fobhairne é atá aige. Níl iadhadh air ach ag maoidheachtáil leis. Is maith glan a choinneós sé fhéin as chuile thromásc, pé aca sin é
+
focal
Níl focal den chaint le fáil uaidh = duine a bheadh dorcha leat, nach mbeadh aon-fhonn cainte air, nó a mbeadh rud aige in t'aghaidh
TUILLEADH (2) ▼
Dúirt sé liomsa go raibh sé le bróga a fháil go goirid, fiche péire nó mar sin, agus chuir mé focal ar phéire = dúirt mé leis péire a choinneáil dom, agus go gceannóinn iad nuair a gheobhadh sé iad
Tá sé i bhfocal agamsa le teacht ar páighe agam an tseachtain seo chugainn. Sé díol an diabhail é, má thugann sé uain d'aonduine eile. Ach tá an-sceannadh air. Ní féidir fir fánaí a fháil
 
folach 1
Ní mór dhaoib cupla folach a fháil l'aghaidh an charraigín siúd. Tá sé gealta anois, nó mara bhfuil, tá sé sách fada ag tuaradh ar chaoi ar bith.
+
Níorbh fhuláir duit sé phunta dhéag a fháil ar an dá ghamhainín sin anois le bheith íocha ionta. Nar thug tú fhéin aon-phunta dhéag orra?
TUILLEADH (1) ▼
Níorbh fhuláir don talamh múirín báistí a fháil anois. Tá sé dóite dhá uireasa
 
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuilleadh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san áirdeall ar do chuid beithioch. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cír tuaifill díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agad é a fháil in aice láthair: sin nó leigean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó bascha annsin thuas shul má gheobhfaí í
 
Ní iarrfadh sí aon-bhuille maitheasa a dhéanamh go héag ach cead framsáil a fháil ar bhóithrí
 
Dhá bhféadainn leath-bhróig eile a fháil anois a d'fhreagródh di sin, bheadh liom. Dheamhan poll ná puirín uirri sin. Meastú nach ndéanfadh gréasaí leath-bhróig dom?
+
An bhfeiceann tú an changailt atá ar an asal san síol féir! Dar brí an leabhair tharraing sé (cic) orm, nuair a shíl mé a dhul in a éadan! Sin é an diabhlánach! Tá sé mar bheadh cut ann ag cangailt páideóige anois. Beidh scéal agad air a bhithiúnaigh, ar feadh mise maide maith téagarach a fháil!
TUILLEADH (2) ▼
Caithfidh sib sórt fáideóg eicínt a sholáthar in áit eicínt l'aghaidh an lampa sin. Tá an t-áirneán ar fáil, agus ní fhéadfaidh sib a bheith in ur Muintir Dhorchaí ar fad
Tá muileann solais déanta aige ach níl sé ag féadachtáil an fháideóig a chur ann. Nach stuama an duine é? Bhí sé sin deaslámhach ariamh. Ní raibh ann ach é ag fáil leigean ar an rud, agus dhéanfadh sé féin aríst é
 
Chuir mé an Tamhnach uilig i bhfáinne inniu, dhá dtóraíocht, ach chinn orm a bhfáil. Imithe atá siad (caoirigh) = siúl timpeall na tamhnaí i bhfáinne; an tamhnach a thóraíocht go baileach
 
Níl focal dá fhánaí dhá n-abróchthá as do bhéal nach gcaithfeadh sé 'chuile údar a fháil faoi
+
fánaí 1
Ní féidir fir fánaí a fháil anois = fir a ghabhfadh ar páighe leat de réir an lae nó na seachtaine; ní spailpíní iad go háirid cé go dtiúrfaí ar spailpíní é; d'fhéadfadh do chomharsa bhéal dorais a bheith in a fhear fánaí agad
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhfuightheá fear fánaí anois ag spealadóireacht gan dó dhéag san ló agus a bheathú. Agus is díon déirce le duine a bhfáil mar sin fhéin. Tig leó a rogha rud a dhéanamh. Má thogruíonn siad an lá a chaitheamh in a luighe, níl aon-ghoir agad cur chuca ná uatha. Má chuireann imeóidh siad, agus beidh tú gan Murcha gan Mánas annsin
 
fán
Chuaigh an bheirt sin i bhfán ar a chéile. Dhá mbeadh ceart le fáil bheidís pósta ag án a chéile, ach daoine eile ag cur a ladar isteach i ngnaithí nar bhain dóibh beag ná mór. Tá an bheirt annsin anois: ise in a cailleach agus eisean in a sheanduine agus gan brat pósta ar cheachtar aca
 
féar
Ní fheicim ar foth ná ar féar é; níl sé le fáil ar foth ná ar féar etc. (Fc. foth, futh)
 
fíóg
Ba cheart duit gabhail fhíóg a bhaint. Bheadh solas breagh orra thárla nach bhfuil aon-ola lampa le fáil
+
fóir
Chreidim nach bhfuil fóirínt ar bith le fáil siar ach an oiread agus atá soir. = fear a bhí thart cheal tuitíní (cabhair)
TUILLEADH (3) ▼
An bhfuil tú ag fáil fóirín ar bith ar an bpian … is mór is fiú dhuit a dhuine bhoicht gur bhodhraigh an phian ghárha siúd a bhí ort inné. B'fhéidir go dtéaltódh sí i leabaidh a chéile le cúnamh dé
Dhéanfainn rud ar bith anois le fóiriúint a fháil ar (ó) na doigheachaí seo. Tá an fhiacail in a dhá leith. Teagann driog inte amanntaí agus shílfeá go dtóigfeadh sí an ceann díom. Tá mo chiapadh ceart fáite agam uatha
"An bhfuil fionnuardas ná fóirínt le fáil agam ar an bpian", adeir Oisín le Pádraig. Agus aríst dúirt sé: "Dhá mba é toil do Thiarna é beagán fóirínte d'anamnacha na bhfianna ón bpéin"
 
Nach diabhaltaidhe an ruagán toirnighe a chaith sé an bhliadhain cheana, a's go ndearna sí dhá leith druimscoiltí síos go talamh íochtair de'n charracán sin. Tá sé le feiceál annsiúd ag feara fáil.
 
"Do thug mé mo pháircín, faoi chlaidhe a's faoi fhál duit; Tá sé in am a'd é a chíosú liom anois punt nó dhó; Gur leat a dhéanfas mé gálaí go dteaga an Fhéil Pádraic; Nó go seoladh na gamhna sa mbaile seo siar." (As "Domhnall Ó Dálaigh" — dubhairt an t-aithrisidhe — B. R. — "do").
 
baorsa
Céard a chuir le baorsa anois é? Ní féidir gur faoi'n gcupla caoirín sin a chuaidh thar fál atá sé!
+
Crígh Fódla, Crígh Banban, Crígh Mhuire, Dhá Chrích Mhuire, Crígh Fáil, An Chrígh Dhubh (ainm baile fearainn, ach b'fhéidir gur (v) réamhráidhte atá i gceist annseo. Tá neart acu ann, ar aon-nós!).
TUILLEADH (1) ▼
Ní chuirfeadh a bhfuil de mhaighistirí scoile i gCrích Fáil, aon-cheo foghluime isteach in a cheann-sin. B'fhearr leigean dó ar fad.
+
breá
Is diabhaltaidhe breagh an scéal atá aghad. Nach bhfuil 'fhios ag feara fáil a' méid sin cheana!
TUILLEADH (1) ▼
'Breagh nach ndeacha tú a's fál a chuir ar an áit a mhíll tú aréir; Nó má theigheann na ba 'sa bhfásach is fánach mar 'bheidheas an féar' (As "Sliabh Uí Fhloinn")
 
failc
Bhí sé in a sheasamh istigh san bhfailc siúd atá san bhfál
 
failic
An fhailic is fánaí a gheobhfadh bó ar an dubhlia leagfadh sé í. Nach bhfuil an duine ar an gcaoi chéanna? Níl neart aige iarraidh ar bith a fháil ar an gcamóig ara nach bhfuil sé tuithe in a phleibistín
 
faill
Fáill ar bith a gheobhfas sé tá sé in a éadan. Is dona an buachaill óg é mara bhfuil aige ach a bheith ag saimhseáil le sean-fhear. Is maith dhuit an fháill a fháil a mhic ó. Tá agad gan do leas a leigean ar cáirde anois. Déarfadh S. gan leigean don ghoradh téachtadh, agus is fear é a mbíonn breithiúnas mór in a chuid cainnte
 
faon-
Tá fíonn-oscal san doras. Ceann de na cláir atá ar bogadh. Ní mór cupla táirne a fháil agus é a dhaingniú, nó brisfidh sé ó chéile ar fad
+
feoil
Smior mairt, feóil chearc agus bainne bó gamhnach a d'fhaghadh Leadaí na Luaithe fadó, agus ní raibh cinneadh ar bith leis. Tá an fheóil chearc thar cíonn, ach a fáil go deas bog
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon-phoitín le fáil, ach b’fhéidir go mbainfeá do ghaisneas as gloine dhó seo. 'Ar ndú' an té nach bhfaghann an fheóil is mór is fiú an eanraith
Nach hé atá éiseallach nach n-íosfadh ach feóil dhubh. Ba mhaith leis a fáil, dubh ná bán, roimhe seo. M'anam muise go n-íosfadh daoine eile í, idir gheir agus shaill agus eile
 
Is sean-ghnás fiannach é sin san tír seo. Ach tá an aos óg ag leigean as. Níl suim ná suaiméad ag na daoine óga i rudaí mar sin. Is cuma leof é ach a sáith báire a fháil.
+
Níl a fhios ag aonduine cáide go stopa an "rationáil" seo. Beidh fiannaíocht air. Dheamhan é nó go bhfairsingighe rudaí thar cíonn aríst. Más fíor go bhfuil muinntir ná dtíreannaí amach ag fáil bháis leis an ocras … Ní cás duinn é annseo, agus greim ar bith a fháil
TUILLEADH (1) ▼
Beidh fiannaíocht air shul a bhéas an teach nua déanta. Níl ábhar ar bith le fáil anois
 
fidh
Tá fidh na ciseoige réabha ó chéile. Cén diabhal a rinne sib léithe. Caithfidh sib cupla slaitín a fháil aríst agus a snadhmadh in a chéile. Níl fad méire againn ach í
 
Tá an gamhain sin imithe ar an uisce bruite. Shílfeá go bhfuil sé ag fáil cinnireacht mhaith muis. Déarfaidís fadó gur imithe ag Fionnbheara go Cnoc Meádha a bheadh sé, nuair a d'fheicfidís ag imeacht as mar sin é, ach níl áird ar bith ar na scéalta sin anois