1.
claí, sconsa, múr nó a leithide; claí sceach.
a.
+–
Trí bhua an fhir mhaith: fál, faire, mochóirí
Más iad trí bhua an fhir mhaith fál faire agus mochoirí, ní fear maith é seo thíos. Níl fál ag gabháil leis anois nach bhfuil foghlaithe, agus chí Dia muise nach mochóireach maith é
TUILLEADH (3) ▼
Treabhadh garbh agus pona (?) mín: cuir síol agus déan fál — comhairle d'fheilméara
Más leat an garraí siúd a chosaint le aghaidh féir i mbliana, ní foláir duit fál thairis siúd a chur air
Ní mór na fálta siúd a thógáil. Tá siad leagtha go talamh
+–
Níl claíochaí ar bith suas ag Baile Locha Riach. Fálta uilig atá ann — fálta sceach
Ní raibh san áit sin ar fad ach faslach, agus diabhal easna dhósan nár chuir fál leis. Tá sé ag tabhairt fhataí anois dó
TUILLEADH (3) ▼
M’anam dhá gcuirtheá fál ar an ngeadán sin i lúbainn an bhóithrín go ndéanfadh sé áit iothlainne dhuit. Diabhal duine a ghabhfas ina bharr ort, ná cuid dhá dhul
M’anam más leis a dhul ag fuagairt foghlach go gcaithfidh sé deis a chur ar a chuid fálta thar mar atá orthu
Ag déanamh fáil atá siad le dhá lá. Sea agus claí dúshlánach. Tá siad ag cur balla fidín in íochtar agus clocha coiléir as sin suas
·
Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an láimh a chuir — is beag an rud is buaine ná an duine; is buaine saothar duine ná é féin
M., go ndéana Dia grásta air, a chuir an crann sin. Is beag an cheapadh a bhí againn an lá ar chuir sé é sin go mbeadh sé sa gcréafóig bliain ón lá sin. Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an láimh a chuir
+–
Ní théann síog thar fhál tórann adeir siad — níor mhór uisce tórann a bheith ann dar le tuilleadh
Cuirtear naíonáin gan baisteadh sa bhfál tórann
TUILLEADH (2) ▼
Níor mhór don chriathrach sin fál tórann. Dheamhan caoi ar bith air mar atá sé. Ar an gcriathrach ’s’againne a bhíos caoirigh Sh. Mh. ar fad, ach dúbhshlán na gcaoirigh ’s’againne a dhul soir ar a gcuid siadsan. Má théann, is maith éasca a bheas madadh saighdte anoir astu aríst
Seo é anois an fál tórann. Leis an mbaile thiar é uaidh sin síos
b.
leasú nó cosaint ar bharr claí.
·
Is aici atá an fál sceach ar an ngarraí siúd thíos — sceacha agus craobhrachaí i mbarr an chlaí i gcruth is dhá mbeadh an claí fhéin feidheartha nár bhaol dó foghail i ngeall ar na sceacha
c.
·
Tá mé in mo chuaille fáil anois — in mo bhambairne, in mo staic, gan a fhios agam céard is fhearr dom a dhéanamh; stuck (fc. cuaille)
d.
treampán.
+–
Shílfeá nach fál ar bith atá ort nach bhféadfá a theacht ar cuairt — nach bhfuil tiompán nó bacainn ar bith ort
Teagadh sé isteach más breá leis é, nó mura breá, fanadh sé uainn. Níl duine ar bith ag cur aon fhál air
TUILLEADH (2) ▼
Cén fál a bhí ort nach bhféadfá a dhul síos agus labhairt leis
Níl fál ar bith air, nach bhféadfadh sé a dhul 'na chladaigh agus a chuid den fheamainn a bheith aige chomh maith le duine
·
An mar gheall ar an mbicycle atá tú ag loiceadh. Ní fál go haer é. Tá seancheann anseo agus tabharfaidh sé ann thú le gaoith a chur ann — is féidir a theacht uaidh sin; ní bacainn dosháraithe é sin
Más cheal airgid atá do do choinneáil as, ní fál go haer é. Tá leoraí geallta a theacht chugamsa amárach le móin a cheannacht uaim. Díol thusa do chuid fhéin leis in mo leaba
2.
+–
Bhíodh fál buaile ann an uair sin — talamh comhair ag baile pailitéaraí nó a leithide, le haghaidh cimín; an limistéar talún buaile a bheadh ag baile san am a mbíodh beithígh dhá gcur ar buaile (fc. fosaíocht)
'Sí an tamhnach sin an fál buaile a bhí ag Clochar É. san am a raibh cónaí ann. Is maith an scaitheamh é sin anois. Tá na seanbhallaí ann fós
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh tada in uachtar an bhaile seo sa seanreacht ach fál buaile. Roinneadh amach ansin é, agus fuair chuile dhuine a chuid fhéin di
3.
áit chosanta; cumhdach.
·
Ní raibh fál ná fálach aige le dhul ar foscadh — foscadh ná dídean; áit chosanta
Bhí cúigear acu in mo dhiaidh agus gan fál ná fálach agam le dhul uathu. Isteach liom tigh Th. Sh. faoi dheireadh, agus d'fhuagair mé cara agus coimirce air
fál in iontrálacha eile (50+)
→
fearadh
Ba fearadh do sheandaoine an pinsean ar chaoi ar bith. Is iomaí seanduine a gheobhadh anó agus amhgar dhá uireasa. Ach ó thosaigh siad dhá fháil tá cion orthu deirimse leat
+
→
fios
Dhá dtugtaí fios mo shaoil dom, is túisce a thabharfainn roghain ar an scéal sin a fháil amach. Tá mé ar bís go mbeidh a fhios agam céard a thug ann é, nó an ag iarraidh mná a bhí sé
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an fhios (de fhios?) a bheadh le fáil uaidh fhéin, ach is mian leis chuile fhios a fháil — chuile eolas, chuile scéal, chuile thuairisc
Níl a fhios agam céard a rinne mé ar mo Dhia chor ar bith. Níl mé ag fáil aon mhámh i gCathair Pheadair ná Phóil
Níl ól le fáil i ngan fhios na i gcomhfhios ann. Teach suarach anois é
→
fliuch 1
Seo é an saol a gcaithfidh chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh in allas a mhalaí fhéin nó a bheith dhá uireasa. Níl duine ar bith ag fáil a bheatha ó neamh anois. Tá an saol sin imithe. Dar Dia is maith an ceart é freisin
→
fliuchán
Caithfidh an fliuchán a chuid fhéin a fháil. Deir siad nach mór deachma na sláinte a íoc — má fhaigheann duine fliuchán, beidh slaghdán, tinneas cnámh srl. air
B'fhearr liom iarraidh go mór a fháil ar Sh. 'Sé an fear fobhairne é atá aige. Níl iamh air ach ag maíochtáil leis. Is maith glan a choinneos sé fhéin as chuile thromásc, pé acu sin é
+
→
focal
Níl focal den chaint le fáil uaidh — duine a bheadh dorcha leat, nach mbeadh aon fhonn cainte air, nó a mbeadh rud aige in t'aghaidh
TUILLEADH (2) ▼
Dúirt sé liomsa go raibh sé le bróga a fháil go gairid, fiche péire nó mar sin, agus chuir mé focal ar phéire — dúirt mé leis péire a choinneáil dom agus go gceannóinn iad nuair a gheobhadh sé iad
Tá sé i bhfocal agamsa le teacht ar páí agam an tseachtain seo chugainn. 'Sé díol an diabhail é má thugann sé uain d'aon duine eile. Ach tá an-sceanadh air. Ní féidir fir fánaí a fháil
→
folach 1
Ní mór dhaoibh cupla folach a fháil le aghaidh an charraigín siúd. Tá sé gealta anois, nó mura bhfuil, tá sé sách fada ag tuaradh ar chaoi ar bith.
+
→
foláir
Níorbh fholáir duit sé phunta dhéag a fháil ar an dá ghamhainín sin anois le bheith íoctha iontu. Nár thug tú fhéin aon phunta dhéag orthu?
TUILLEADH (1) ▼
Níorbh fholáir don talamh múirín báistí a fháil anois. Tá sé dóite dhá uireasa
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuillidh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san airdeall ar do chuid beathach. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cíor tuaifil díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agat é a fháil in aice láthair: sin nó ligean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó basctha ansin thuas shul má gheofaí í
→
framsáil
Ní iarrfadh sí aon bhuille maitheasa a dhéanamh go héag ach cead framsáil a fháil ar bhóithrí
→
freagair
Dhá bhféadainn leathbhróig eile a fháil anois a d'fhreagródh di sin, bheadh liom. Dheamhan poll ná púirín uirthi sin. Meas tú nach ndéanfadh gréasaí leathbhróig dom?
+
→
fáideog
An bhfeiceann tú an changailt atá ar an asal sa síol féir! Dar brí an leabhair tharraing sé (cic) orm, nuair a shíl mé a dhul ina éadan! Sin é an diabhlánach! Tá sé mar a bheadh cat ann ag cangailt páideoige anois. Beidh scéal agat air a bhithiúnaigh, ar feadh mise maide maith téagarthach a fháil!
TUILLEADH (2) ▼
Caithfidh sibh sórt fáideog eicínt a sholáthar in áit eicínt le aghaidh an lampa sin. Tá an t-airneán ar fáil, agus ní fhéadfaidh sibh a bheith in bhur Muintir Dhorchaí ar fad
Tá muileann solais déanta aige ach níl sé ag féadachtáil an fháideoig a chur ann. Nach stuama an duine é? Bhí sé sin deaslámhach ariamh. Ní raibh ann ach é ag fáil ligean ar an rud, agus dhéanfadh sé féin aríst é
→
fáinne
Chuir mé an Tamhnach uilig i bhfáinne inniu dhá dtóraíocht, ach chinn orm a bhfáil. Imithe atá siad (caoirigh) — siúl timpeall na tamhnaí i bhfáinne; an tamhnach a thóraíocht go baileach
+
→
fánaí 1
Ní féidir fir fánaí a fháil anois — fir a ghabhfadh ar páí leat de réir an lae nó na seachtaine; ní spailpíní iad go háirid cé go dtabharfaí ar spailpíní é; d'fhéadfadh do chomharsa bhéal dorais a bheith ina fhear fánaí agat
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhfaightheá fear fánaí anois ag spealadóireacht gan dó dhéag sa ló agus a bheathú. Agus is díon déirce le duine a bhfáil mar sin fhéin. Tig leo a rogha rud a dhéanamh. Má thograíonn siad an lá a chaitheamh ina luí, níl aon ghair agat cur chucu ná uathu. Má chuireann imeoidh siad, agus beidh tú gan Murchadh gan Mánas ansin
→
fán
Chuaigh an bheirt sin i bhfán ar a chéile. Dhá mbeadh ceart le fáil bheidís pósta ag a chéile, ach daoine eile ag cur a ladar isteach i ngnaithí nár bhain dóibh beag ná mór. Tá an bheirt ansin anois: ise ina cailleach agus eisean ina sheanduine agus gan brat pósta ar cheachtar acu
→
fíóg
Ba cheart duit gabháil fhíóg a bhaint. Bheadh solas breá orthu tharla nach bhfuil aon ola lampa le fáil
+
→
fóir
Chreidim nach bhfuil fóirithint ar bith le fáil siar ach an oiread is atá soir — fear a bhí thart cheal toitíní (cabhair)
TUILLEADH (3) ▼
An bhfuil tú ag fáil fóirín ar bith ar an bpian … is mór is fiú dhuit a dhuine bhoicht gur bhodhraigh an phian ghártha siúd a bhí ort inné. B'fhéidir go dtéaltódh sí i leaba a chéile le cúnamh dé
Dhéanfainn rud ar bith anois le fóiriúint a fháil ar (ó) na daitheachaí seo. Tá an fhiacail ina dhá leith. Teagann driog inti amantaí agus shílfeá go dtógfadh sí an ceann díom. Tá mo chiapadh ceart faighte agam uathu
"'An bhfuil fionnuartas ná fóirithint le fáil agam ar an bpian,' adeir Oisín le Pádraig. Agus aríst dúirt sé: 'Dhá mba é toil do Thiarna é beagán fóirithinte d'anamnacha na bhFianna ón bpéin'"
→
cabaíl
Dhá mbeadh sé chomh maith lena dtáinig ariamh, dheamhan gnaithe aige aon léargas a fháil ar na cúrsaí seo, arae ní ligfeadh an chabaíl dhó é a choinneáil aige fhéin.
+
→
caidéis
Nach maith a chaithfeadh sé caidéis a fháil duit! — caint a dhéanamh fút nó suntas a dhéanamh dhuit ar bhealach eicínt, nó thú a mholadh gan bail ó Dhia a chur ort, nó a mhacasamhail.
TUILLEADH (2) ▼
Más le duine caidéis a fháil do dhuine ná do bheithíoch, 'sé an rud is lú dhó bail ó Dhia a chur air.
Ní bheadh biorán puintín agat nach gcaithfeadh an bhean chéanna caidéis a fháil dó.
Tá sí chomh caidéiseach agus gur beag nach dteastódh uaithi fios a fháil céard a d'ith tú le do bhricfasta ar maidin.
→
cairín
Más leat a dhul ar cúlóig, ní foláir dhuit mála a fháil le cur fút fhéin ar chairín an chapaill. Tá an capall sin chomh suaite sin agus go dtiocfadh a gorúnaí thríot mar a bheadh snáthadaí ann.
Go dtuga Dia ciall duit! Ní fhéadfá aon pháipéar a léamh ansiúd le a mbíonn de chantaireacht chainte ann. Dar mo leabhar, is geall leis an Dáil scaití é. Ach ní bhíonn aon chuideachta ann mura dtosaí P. fhéin. Sin é atá in ann brabach a fháil ar chuile dhuine.
→
caothach
M'anam muise, mura bhfuil ag a chuid beithíoch seasc ach a ndéanann siad de thiomsacht ar na caothachaí siúd nach sú salúin i mbéal bulláin dóibh é. Bó ar bith — seasc nó eile — nach bhfuil ag fáil farae ar an aimsir seo, beidh sí ar deireadh.
+
→
carcair
Bhí carcair mhór de sheanfhear thiar ag an doras iata agus é ag gnúsacht aniar as an áit nach raibh sé ag fáil cead aon amhrán a rá. Ba é an drochpheata é, leabharsa!
TUILLEADH (1) ▼
Tá carcair mhealltrachaí ar chúl mo chinn agus tá sé ag cinnt orm rud ar bith a fháil le caitheamh a chuirfeadh ar gcúl iad.
→
carracán
Nach diabhaltaí an ruagán toirní a chaith sé an bhliain cheana agus go ndearna sí dhá leith droimscoilte síos go talamh íochtair den charracán sin. Tá sé le feiceáil ansiúd ag feara Fáil.
+
→
ceal 1
Sin é an buachaill céanna nach mbeidh aon cheal air nó is cinniúint air é. Má bhíonn an rud le fáil ar uain ná ar éigean, le bladar ná le bréaga, beidh sé aige sin.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá i ndán is go gcoinneofar an scéal seadaithe i bhfad eile, tiocfaidh mise siar de mo shiúl ionsaí agus inseoidh mé suas dhá béal gurb é a mac fhéin a tharlaigh leis na fataí le airgead fags a fháil. Déanadh sí a rogha ceal di sin má thograíonn sí.
→
ceas
'Cheannaigh mé cupla ronnach do Sh,' adeir sí, 'tá ceas aige air fhéin leis an bhfeoil, agus tá sé gráinithe uirthi. Ní mór dhó malrait bídh a fháil.' Shantaigh mé fhéin a rá léithe go mba gearr ó ba mhaith leis aige na ronnachaí fhéin, ach scaoil mé tharam é. Bhí sé chomh maith dhom
+
Níl siad ag fáil aon chinnireacht ón té is córa dhóibh é fháil uaidh, agus gan é a fháil uaimse — comhairliú, smachtú. Níl a n-athair ag tabhairt aon chomhairle dóibh ós dó is córa.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá sé ag fáil cinnireachta chomh maith sin, is mór an t-ionadh nach mbeadh slacht a chodach air. Ina leaba sin, is geall le leath deiridh cait an giall atá air.
Caithfidh mé ciseadóirí a fháil in áit eicínt, agus aimsir lae is bliain a chur air, go ndéana sé sos chiseán agus chiseoga dhaoibh.
→
clóic
Cén chlóic a bheadh air (asal)? Nach bhfuil sé ag fáil greadadh le n'ithe, agus tá teálta ansiúd aige má thograíonn sé a dhul isteach ann.