Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fás
Ainmfhocal; Fireann.
1.
a.
+
Is breá an fás é bail ó Dhia air = buinneán breá d'fhear nó de bhean
Nach breá an fás a rinne sé. Tá sé chuile orlach cho hárd len a athair anois!
TUILLEADH (9) ▼
Is breá an fás de chailín óg í — agus is slachtar
Is breá na fáis iad uilig, an triúr aca. Tá an mianach mór ionta
Is breá an fás cupógaí sráide iad sin!
Ní fhaca tú aon-fhás cnádáin ariamh is breácha ná atá aige annseo thuas! = níl aon-mhaith ionta
Tá an-fhás ainleóige san móinéar agad shílfeá
Ní fheicim fás ar bith ar an mbaile i mbliana ach fás broiméir, agus sin fás nach n-iarrfadh na daoine
Tá an-fhás coille ann = coill árd
Ní fhaca tú aon-fhás driseachaí go hiomaí mar atá sna garrantaí sin siar anois
Chuala mé go raibh an-fhás sailí agad
+
Fás dhá bhliain iad na crainnte sin = dhá bhliain atá siad curha
Bheadh adhmad maith agad i bhfás fiche bliain
TUILLEADH (3) ▼
Is breá an olann atá ar an molt sin: in a fás ceart = an-lomra téagarach
In a bhfás bliana a bhearrtar na caoirigh uilig anois, ach thugtaí bearradh Samhna orra roimhe seo
Deir siad nach bhfuil fás bliana ar bith cho fada le putóig (drisín) chaorach (ach an dris choille) (fc. dris)
b.
+
Níl inte ach fás bliana = feamainn; baineadh cheana anuiridh í ("fáisín" adeirtear mara gcuirtear "bliain" leis. Ciallaíonn "fáisín" an rud céanna)
Ní bhfuighidh sibh dhá bhoirdín ar a fuaid. Níl inte ach fás bliana (feamainn)
TUILLEADH (6) ▼
Ní fiú dhaoib a dhul dhá ur meath fhéin leis an bhfáisín siúd. Céard atá ann ach dosán anonn agus anall?
Deir siad dhá mbaintí an fheamainn in a fáisín, nach mbeadh na cladaigh leath cho gealta. Sin é atá dhá fágáil go dona, nach gcoinníthear lomta í
Bhain muid cheithre boird d'asal ann, ach má ba ea fás a bhí inte = bhí sé a dó nó a trí de bhlianta ó a baineadh faoi dheireadh í
Tá fás ar mo roinnse i mbliana. Athrú anuiridh a baineadh go deireannach í. Ní bheadh bord go deó agad le fáisín
Tá cupla malach feamainn dubh thíos ar an íochtar fás dhá bhliain
Níl maith le feamainn ar bith mara mbeidh fás ann
c.
+
Is beag nachar scanruíodh as a fhás bliana é = gasúr nó duine ar bith a mbainfí geit as nó a scanróchaí
M'anam má dheireann sé é sin leis go scanróidh sé as a fhás bliana é. Is bocht nach scanródh!
TUILLEADH (5) ▼
Fhobair gur scanruigh tú as a fás bliana í, nuair adúirt tú léithe go raibh J. ag dul ag pósadh. Tá sí ag tnuthán i gcomhnaí go n-iarrfaidh sé í
Díol cam uirre! Chuir sí as m'fhás bliana mé. Is beag nach dtáinig meirfean orm. Séard a thuig mé uaithe gurb é deaide a bhí buailte
Ní deas an scéal é sin len innseacht don fhear seo thoir — do Ph. an Mh. — imbéal maidne. Cuirfidh sin as a fhás bliana é! Faitíos go mbeadh air tuilleadh rates a íoc
Gabh suas agus abair le M. Ph. Sh. gur báthadh deich gcinn de na soithigh is mó ag Sasana aréir. Cuirfidh sin as a fhás é! Is measa leis rud ar bith a eirí do Shasana ná dhá gcailleadh sé bó!
Dúirt sé nach raibh na "bicycles" ann: go raibh siad imithe. Chuir sé as m'fhás mé. Scanruigh mé gur goidhe a bhí siad. Ba mhaith an tsíleachtáil dom é … 'Ar ndú' ba é P. a thug isteach san teach iad
2.
a.
+
Tá an talamh thoir faoi fhásannaí beaga droighin ar fad = mar bheadh crainnte beaga nó catógaí; sé "an fás" gach ceann aonraic aca; dhá mbainteá fás aca d'fhéadfá maide láimhe a dhéanamh dhe .i. fás droighin
Bhain mé fás droighin annsin thuas inniu. Dhá mbeadh sé stáluithe agam dhéanfadh sé an-mhaide
TUILLEADH (2) ▼
Ní fhéadfá aon-fhás beag droighin a fháil siar annsin dom? … Shíl mé go raibh neart aca sna caracáin
Tá sé druidhe le fásannaí coll = sceacha beaga coll nach mbeadh in inmhe
b.
+
Bhuail sé le fás fuinnseóige é = maide (láimhe) fuinnseoige; ní mó thar shlatmhaide a bhíos ann uaireanntaí. Ba iad na fásannaí fuinnseóige a mbaintí leas asta roimhe seo nuair a bhíodh scliúchais ar aontaigh, ag pátrúin agus rl. Is ceird inte fhéin troid le fás. Tá diúracadh áirid ar an bhfás agus caoi áirid le buille a bhualadh leis agus buille a choisint. Roimhe seo dhá dteagadh fear ó na coillte ar cuairt chuig cladóir ba mhinic go dtugadh sé glac fhás mar bhronntanas chuige. Is minic nach n-abruíthear ach "fás" nó "fásannaí", ach fásannaí fuinnseoige a bhíos i gceist i gcomhnaí
Bhuail sé leis an bhfás mé
TUILLEADH (5) ▼
Tharraing sé snaoím den fhás orm ach choisin mé í
Cáil siad seo ag dul le na fásannaí? An bhfuil aonach ná margadh in áit ar bith?
Má theagann sé annseo gheobhaidh sé fás uaimse = tiúrfaidh mé greadadh dhó le fás fuinnseóige
Bhíodh naoi nó deich d'fhásannaí i gcomhnaí as cionn na teine ann
Ní chasfaí aon-fhás agad? Tá fúm na cupla gamhainín sin a chur 'nan aonaigh amáireach = "fás" adeirtear i mBéarla ar fud na Gaillimhe leis .i. "he drew a blow of the "fás" on him"
3.
·
Caithfear fáscílle (nó fáls-cílle: false) a chur [ar] an mbád sin go goirid = dhá mbeadh cílle báid caite, cuirtear leasú nó neartú air. Sin é an fás cílle nó an fálscílle

Féach freisin

dris

Fás in iontrálacha eile (50+)

 
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirre san deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaidh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán-oíche thall agus fás fuinnseóige aige, agus thosaigh sé ag gleáradh an dorais leis …
 
Sin é an fear fobhairne atá ag Debhalera sna bólaí seo. Tá sé cho dílis dó sin anois, agus diabhal aithne air nach íocaíocht a fhás sé ar a shon. Do dhúshlán aon-cheo a rá faoi Debhalera as a chomhair. Spréachfadh sé a dheárthair mo chroí. Spréachfadh a mh'anam agus thiúrfadh sé fút garbh é
 
Is breá scolbánta an fás fir é bail ó Dhia air! Chonnaic mé ag fuiléimneach annsin thíos in éindigh le na gearrbhodaigh Dé Domhnaigh é, agus má bhí fhéin dheamhan tuilleamaí a bhí aige le ceachtar aca. 'Ag dul in a mháistir scoile atá sé siúd?
 
Tá muinntir an oileáin sin an-fhágha má theagann gairfean ar bith. Níl bád ar bith in araíocht a dhul i dtír ann. Is minic a fhás siad ocras
+
féar
Tá fás breá faoin bhféar ar an aimsir seo = tá sé ag fás go breá; tá teacht suas faoin bhféar
TUILLEADH (12) ▼
Níor fhás mórán féir faoi mo chosa nó go ndeacha mé siar chuige = rinne mé deifir ag dul chuige (le turas nó aistir)
Ní fhásfaidh mórán féir faoin a cosa nó go n-innsighe sí an scéal sin do dhuine eicínt eile = duine a bhíos beó phianta go dteighe sé ag caint faoi scéal eicínt
Dar fia muis d'innis tú do rún don fhear cheart. Ní leigfidh sé sin do mhórán féir fás faoin a chosa, go gcuire sé seoladh faoi. Ní chasfadh duine ar bith leat is craobhscaoiltí
Imigh anois, agus ná tabhair cead don fhéar fás faoi do chosa go dteighe tú ann, agus go ndeire tú leis a theacht
Sin é an fear nach leigfidh don fhéar fás faoin a chosa ag dul in a ghnatha dhó. Mo léan géar! Ní bleid a bhéas buailte aige ar chuile fhear ar an mbóthar
Faghann na ba bás an fhad's' bhíos an féar ag fás = cailltear daoine leis an amhgar cho uain agus a bhíos siad ag fanacht le cabhair, go bhfagha a gclann postaí, go dteaga a gclann in éifeacht, go mbeidh a gcuid eallaigh, a gcuid barr etc. in alt a ndíolta agus rl.
Cén uair a bhéas na muca sin le díol má fhágann Dia againn iad? Faoi Shamhain seo chugainn. Céard a thóigfeas na daoine idir dhá am … Faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás
Tá moill ar mhóin shul a mbeidh sí le díol. Faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás. Mara dteighe an uair ar thriomach thairis seo dheamhan fód móna a bhéas in alt a díolta go bhfeice tú achar
Tá dhá bhliain eile uirre siúd san gColáiste. Dhá mbeadh sí in a máistreás bheadh sí indon deóladh a choinneál leis an athair agus leis an máthair. Dheamhan slí ó Fhlaithis Dé aca. Ach faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás
Tá tú cho bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás = is bréagadóir crónta thú
Ara ná géill do J. Tá sé sin cho bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Nachar dhúirt sé liom fhéin an lá faoi dheireadh gurb é an áit a bhfuil an mac ag obair anois ag déanamh céibheannaí inDúiche Sheóigeach. Diabhal mé gur chreid mé é, agus go ndeacha mé dhá innseacht san mbaile aríst. Rinne siad ballséire dhíom. Céibheannaí inDúiche Sheoigeach!
Is bréagaí thú ná an fear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Cén tsamhaoine dhuit an chumadóireacht sin? Breá nach n-eireochthá aiste
 
Dhá nochtadh an torlach sin ar chor ar bith — an abhainn ag traoitheadh — ní fhaca tú ariamh ach a mbeadh d'fhéarlach annsin faoi cheann coicíse. Ní bhíonn moill ar bith air ag fás. Bíonn sé leasuithe go maith ag rod na habhann.
 
Ní fheicfeá cíb de'n tsórt sin ach amach 'sna criathraigh coimhightheacha. Aon-chriathrach a bhfuil cineáltas a' bith ann, ní fhásann sí air (Criathraigh coimhightheacha = amach domhain i réim mhóir chriathraigh).
 
Tá cead scuir aca(b) ó tháinic an geimhreadh, a's níorbh fhlearr cosacáin a chur orra(b) anois, ó tá fás a' tosuighe.
 
An fód bealtuighthe sin ar fad atá igclaise an tsrotha ingarraidhe an chladaigh, agus is beag an luibhthearnach chor a' bith a fhása(nn)s air, leis a' gclaise a thachtadh.
+
coiric
'Is deas a d'fhás an coirricín, is deas a d'fhás an círín; Is deas a d'fhás an coirricín ar choileach Mháire Ní Fhinneadha' (leath-rann a bhíos ag gasúir).
TUILLEADH (1) ▼
Thillfeadh slam eile fás ar choirricín a choca.
 
'Sí an mhí seo anois a's cuid de'n mhí seo chugainn coruice dhubh na bliadhna. Ní bhíonn fás faoi thada.
 
crinn
Tá tú as feamuinn muis, má's i dtuilleamuidhe na roinne siúd atá tú. Nar chrinn muid 'chuile chloch amháin a' gabhail léithe imbliadhna. Dheamhan dosán ann anois, a's ní bheidh aon-fhás a (de) rath fúithe go ceann cupla bliadhain aríst.
+
beo 1
Tá an chainnt sin ceart go leor — 'fan beo a chapaill a's gheobha tú féar' — ach ar chuala tusa ariamh 'go bhfaghann na ba bás 'fhad's bhío(nn)s a' féar a' fás'.
TUILLEADH (1) ▼
Ní iasc beo é sin chor a' bith ach pianta fáis.
 
breá
'Nach truagh mé anois a' scaradh leat tigheacht na h-uaire breagh; Nuair a bheidheas an chuach a' goireamhaint, a's an duilleabhar glas a' fás' (As "Brighid Ní Ghadhra")
+
Níl aon-tóir ag na beithidhigh ar a' mbréinleach sin, ó thárla gur ar a' mbualtrach fhéin a d'fhás sé. (N)ach ní bheadh col a' bith acab leis, dhá bhfásadh sé ar bhualtrach capaill. Ar a' gcóir chéadna, ní bhíonn aon-chol ag a' gcapall leis a' mbréinleach a bheadh ar bhualtrach na bó, aindeoin nach leagfad sí smut ar a cuid fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Nach uaibhreach a fhása(nn)s a' bréinleach fharras chuile rud eile! Níl aon-leasú amuigh inchínnte ar a' mbualtrach in a dheidh sin.
 
Séiplíneach óg a bhuail faoi, a's é ar a' gceird sin, a' bánú tighthe, a's a' déanamh créatúlacht' ar bhaintreabhachaí. Níor chuir a' séiplíneach aon-araoid air, gur ionnsuigh sé fhéin é, idtosach. Annsin dubhairt a' séiplíneach leis, go mbeadh a' féar fós a' fás ar urlár a phárlúis. Tháinic a' méid sin isteach fíor. Níl cloch ar fhuaid a' tighe mhóir indiu (scéal faoi thighearna talmhana a ndearna séiplíneach eascanaidhe air, má's fíor).
 
Buailteán súiste narbh fhlearr dhuit in éadan sin. Tá a chraiceann chomh garbh, a's nach bhfágfadh fás fhéin aon-léas air.
 
buille
Thug sé buille dalba dhom le fás fuinnseoige.
+
Tá buinneán mór de chrann fuinnseoige a' fás ag tóin na binne aige. Ceapaim gur mór a' fascadh dhó é, mara bhfuagruigheann sé an iomarca gála.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí buinneán mór de chrann a' fás ag corr na h-iothlann aige, a's nuair a scuireadh an ghaoth na billeogaí dhe, ba gheall le coill an iothlainn, leis a' mbrat aca(b) a bhíodh ar a' talamh ann.
 
D'éaluigh sé orm gan aireachtáil, agus thug sé fadhb de'n fhás dhom = tháinic sé orm ingan-fhios agus thug sé a shean-bhuille de'n mhaide fuinnseoige dhom.
+
Feamainn aon-choise: má bhíonn feamainn fágha in a fás dhá bhliain nó trí bliana, bíonn sí ar aon-chois. Dhá bhfaghadh duine feamainn ar aon-chois, ní i bhfad a bheadh sé ag baint glac mhaith di. Fás maith dhá bhliain, bíonn sí ar aon-chois
TUILLEADH (2) ▼
Is gearr a bheitheá ag baint an oiread agus a leasódh an garraí sin, dhá bhfáiteá an fheamainn ar aon-chois. Ba cheart go mbeadh fás sna cladaigh siúd. Cladaigh dána iad, agus níl siad cho gann fúithe agus atá muide aniar annseo
Níl aon-tsop ag gabhail leis ach feamainn aon-choise. Is furasta dhó cur fhéin a dhéanamh. Tá fairsinge cladaigh aige, agus féadfaidh sé í a leigean suas in a fás. Ní ag crinneadh na gcloch is call dó a bheith fearacht tuille
 
Bheadh planndaí agamsa marach gur foghluíodh iad. Dar fiadh bhí siad ag fás go breá. Ach chart na cearca atá ag an rúisc sin thoir iad. Níl foghail ar bith is luar liom ná foghail chearc. Is measa í ná an fhoghail chorráin féin
 
folt
B'fhearr dhuit mé a bhearradh. Tá folt orm. Fásann gruaig an-trom ormsa
 
fraigh
Deir siad má fhásann frogh eibhinn ar bhalla tí go réabann sé an balla ó chéile leis an aimsir
 
Is iongantach fada a d'fhás na mangols sin. Tá siad in a mbuinneáin ó thús bliana = rinne siad luirgne nó cosa móra fada; "rith" siad.
+
Tá fás maith feamuinne duibh' le íochtar, ach tá sí scáinte aníos imbéal na trágha = fásann an fheamuinn tiugh (tiubh amanntaí) síos ibhfad sa gcladach, ach tá léasáin sa bhfeamuinn de réir mar tharrnóchas tú aníos ar an tráigh nó níos goire do'n talamh.
TUILLEADH (2) ▼
Ní fhásann an fheamuinn bhuilgíneach sin ná an mhíoránach le íochtar chor ar bith annseo.
Fás íochtair ó anuraidh a chuir mé ar an sean-chur = feamuinn a bhí le íochtar agus a d'fhás anuraidh (mar baineadh an chuid chéadna de'n chladach anuraidh) a chuir mé ar an síol is túisce a chuir mé sa mbliadhain.
 
fia
Sin sceamhachaí fia. Ní is chuile áit a bhfásann siad sin = cineál billeoige; í glas; déanamh scine uirre; ciúis mhantach; hart's tongue fern; d'fheicfeá an-tréan in Árainn sna huláin í i gcuideacht na dubhchosaí
 
folach 2
Chaith mé an lá thíos san roinn siúd, agus dheamhan falach an bhoird sin d'fheamainn a bhí agam dhá barr. Bhí sí in ainm agus a bheith in a fás dhá bhliain, ach mo léan an fás!
 
folc
Ná bac le fataí a beith san ngarraí sin thoir. Ní bheidh a dtuairisc fhéin ann. Tá na dasachaí uilig folcha ag barráiste = an barráiste fásta i bhfad níos airde ná na dasachaí agus ag cairiú amach as a gcionn
 
fuaid
Dhóigh an sioc na fataí céad fhómhair anuiridh orm. Níor tháinig ceann ar a bhfuaid. Dóghadh ar T. Sh. san ngarraí sin thuas freisin iad. D'fhás ceann anonn agus anall aca mar sin fhéin, ach má d'fhás agus gur fhás, dheamhan fata slán a bhí ar a bhfuaid