Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fás
ainmfhocal, fireann
1.
a.
+
Is breá an fás é bail ó Dhia air — buinneán breá d'fhear nó de bhean
Nach breá an fás a rinne sé. Tá sé chuile orlach chomh hard lena athair anois!
TUILLEADH (9) ▼
Is breá an fás de chailín óg í — agus is slachtmhar
Is breá na fáis iad uilig, an triúr acu. Tá an mianach mór iontu
Is breá an fás copógaí sráide iad sin!
Ní fhaca tú aon fhás cnádáin ariamh is breácha ná atá aige anseo thuas! — níl aon mhaith iontu
Tá an-fhás ainleoige sa móinéar agat shílfeá
Ní fheicim fás ar bith ar an mbaile i mbliana ach fás broiméir, agus sin fás nach n-iarrfadh na daoine
Tá an-fhás coille ann — coill ard
Ní fhaca tú aon fhás driseachaí go hiomaí mar atá sna garrantaí sin siar anois
Chuala mé go raibh an-fhás sailí agat
+
Fás dhá bhliain iad na crainnte sin — dhá bhliain atá siad curtha
Bheadh adhmad maith agat i bhfás fiche bliain
TUILLEADH (3) ▼
Is breá an olann atá ar an molt sin: ina fás ceart — an-lomra téagarthach
Ina bhfás bliana a bhearrtar na caoirigh uilig anois, ach thugtaí bearradh Samhna orthu roimhe seo
Deir siad nach bhfuil fás bliana ar bith chomh fada le putóig (drisín) chaorach (ach an dris choille, fc. dris)
b.
+
Níl inti ach fás bliana — feamainn; baineadh cheana anuraidh í; fáisín adeirtear mura gcuirtear bliain leis. Ciallaíonn fáisín an rud céanna
Ní bhfaighidh sibh dhá bhoirdín ar a fuaid. Níl inti ach fás bliana (feamainn)
TUILLEADH (6) ▼
Ní fiú dhaoibh a dhul dhá bhur meath fhéin leis an bhfáisín siúd. Céard atá ann ach dosán anonn is anall?
Deir siad dhá mbaintí an fheamainn ina fáisín, nach mbeadh na cladaí leath chomh gealta. Sin é atá dhá fágáil go dona, nach gcoinnítear lomta í
Bhain muid cheithre boird d'asal ann, ach má ba ea, fás a bhí inti — bhí sé a dó nó a trí de bhlianta ó baineadh faoi dheireadh í
Tá fás ar mo roinnse i mbliana. Athrú anuraidh a baineadh go deireanach í. Ní bheadh bord go deo agat le fáisín
Tá cupla mallach feamainn dubh thíos ar an íochtar fás dhá bhliain
Níl maith le feamainn ar bith mura mbeidh fás ann
c.
+
Is beag nár scanraíodh as a fhás bliana é — gasúr nó duine ar bith a mbainfí geit as nó a scanrófaí
M'anam má dheireann sé é sin leis go scanróidh sé as a fhás bliana é. Is bocht nach scanródh!
TUILLEADH (5) ▼
Fhóbair gur scanraigh tú as a fás bliana í nuair adúirt tú léithe go raibh J. ag dul ag pósadh. Tá sí ag tnúthán i gcónaí go n-iarrfaidh sé í
Díol cam uirthi! Chuir sí as m'fhás bliana mé. Is beag nach dtáinig meirfean orm. Séard a thuig mé uaithi gurb é Deaide a bhí buailte
Ní deas an scéal é sin le n-inseacht don fhear seo thoir — do Ph. an Mh. — i mbéal maidne. Cuirfidh sin as a fhás bliana é! Faitíos go mbeadh air tuilleadh rates a íoc
Gabh suas agus abair le M. Ph. Sh. gur báitheadh deich gcinn de na soithigh is mó ag Sasana aréir. Cuirfidh sin as a fhás é! Is measa leis rud ar bith a éirí do Shasana ná dhá gcailleadh sé bó!
Dúirt sé nach raibh na bicycles ann: go raibh siad imithe. Chuir sé as m'fhás mé. Scanraigh mé gur goidte a bhí siad. Ba mhaith an tsíleachtáil dom é … Ar ndóigh ba é P. a thug isteach sa teach iad
2.
a.
+
Tá an talamh thoir faoi fhásannaí beaga draighin ar fad — mar a bheadh crainnte beaga nó catógaí; 'sé "an fás" gach ceann aonraic acu; dhá mbainteá fás acu d'fhéadfá maide láimhe a dhéanamh dhe .i. fás draighin
Bhain mé fás draighin ansin thuas inniu. Dhá mbeadh sé stálaithe agam dhéanfadh sé an-mhaide
TUILLEADH (2) ▼
Ní fhéadfá aon fhás beag draighin a fháil siar ansin dom? … Shíl mé go raibh neart acu sna carracáin
Tá sé druidte le fásannaí coll — sceacha beaga coll nach mbeadh in inmhe
b.
+
Bhuail sé le fás fuinseoige é — maide (láimhe) fuinseoige; ní mó thar shlatmhaide a bhíos ann uaireantaí. Ba iad na fásannaí fuinseoige a mbaintí leas astu roimhe seo nuair a bhíodh scliúchais ar aontaí, ag pátrúin srl. Is ceird inti fhéin troid le fás. Tá diúracadh áirid ar an bhfás agus caoi áirid le buille a bhualadh leis agus buille a chosaint. Roimhe seo, dhá dteagadh fear ó na coillte ar cuairt chuig cladóir ba mhinic go dtugadh sé glac fhás mar bhronntanas chuige. Is minic nach n-abraítear ach "fás" nó "fásannaí", ach fásannaí fuinseoige a bhíos i gceist i gcónaí
Bhuail sé leis an bhfás mé
TUILLEADH (5) ▼
Tharraing sé snaidhm den fhás orm ach chosain mé í
Cá'il siad seo ag dul le na fásannaí? An bhfuil aonach ná margadh in áit ar bith?
Má theagann sé anseo gheobhaidh sé fás uaimse — tabharfaidh mé greadadh dhó le fás fuinseoige
Bhíodh naoi nó deich d'fhásannaí i gcónaí os cionn na tine ann
Ní chasfaí aon fhás agat? Tá fúm na cupla gamhainín sin a chur chun an aonaigh amárach fás adeirtear i mBéarla ar fud na Gaillimhe leis .i. he drew a blow of the fás on him
3.
·
Caithfear fás cílle (nó false cílle) a chur ar an mbád sin go gairid — dhá mbeadh cílle báid caite, cuirtear leasú nó neartú air. Sin é an fás cílle nó an false cílle

Féach freisin

dris

fás in iontrálacha eile (50+)

 
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirthi sa deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaigh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán oíche thall agus fás fuinseoige aige, agus thosaigh sé ag gleadhradh an dorais leis …
 
Is breá scolbánta an fás fir é bail ó Dhia air! Chonaic mé ag foléimneach ansin thíos in éindí le na gearrbhodaigh Dé Domhnaigh é, agus má bhí fhéin dheamhan tuilleamaí a bhí aige le ceachtar acu. Ag dul ina mháistir scoile atá sé siúd?
+
féar
Tá fás breá faoin bhféar ar an aimsir seo — tá sé ag fás go breá; tá teacht suas faoin bhféar
TUILLEADH (12) ▼
Níor fhás mórán féir faoi mo chosa nó go ndeachaigh mé siar chuige — rinne mé deifir ag dul chuige (le turas nó aistir)
Ní fhásfaidh mórán féir faoina cosa nó go n-insí sí an scéal sin do dhuine eicínt eile — duine a bhíos beophianta go dté sé ag caint faoi scéal eicínt
Dar fia muis, d'inis tú do rún don fhear cheart. Ní ligfidh sé sin do mhórán féir fás faoina chosa go gcuire sé seoladh faoi. Ní chasfadh duine ar bith leat is craobhscaoiltí
Imigh anois, agus ná tabhair cead don fhéar fás faoi do chosa go dté tú ann agus go ndeire tú leis a theacht
Sin é an fear nach ligfidh don fhéar fás faoina chosa ag dul ina ghnaithe dhó. Mo léan géar! Ní bleid a bheas buailte aige ar chuile fhear ar an mbóthar
Faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás — cailltear daoine leis an amhgar chomhuain is a bhíos siad ag fanacht le cabhair, go bhfaighe a gclann postaí, go dteaga a gclann in éifeacht, go mbeidh a gcuid eallaigh, a gcuid barr srl. in alt a ndíolta srl.
Cén uair a bheas na muca sin le díol má fhágann Dia againn iad? Faoi Shamhain seo chugainn. Céard a thógfas na daoine idir dhá am … Faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás
Tá moill ar mhóin shula mbeidh sí le díol. Faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás. Mura dté an uair ar thriomach thairis seo, dheamhan fód móna a bheas in alt a díolta go bhfeice tú achar
Tá dhá bhliain eile uirthi siúd sa gcoláiste. Dhá mbeadh sí ina máistreás bheadh sí in ann deoladh a choinneáil leis an athair agus leis an máthair. Dheamhan slí ó fhlaithis Dé acu. Ach faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás
Tá tú chomh bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás — is bréagadóir corónta thú
Ara ná géill do J. Tá sé sin chomh bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Nár dhúirt sé liom fhéin an lá faoi dheireadh gurb é an áit a bhfuil an mac ag obair anois ag déanamh céibheannaí i nDúiche Sheoigheach. Diabhal mé gur chreid mé é, agus go ndeachaigh mé dhá inseacht sa mbaile aríst. Rinne siad ball séire dhíom. Céibheannaí i nDúiche Sheoigheach!
Is bréagaí thú ná an fear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Cén tsomhaoine dhuit an chumadóireacht sin? Breá nach n-éireofá aisti
 
Dhá nochtadh an turlach sin ar chor ar bith — an abhainn ag traoitheadh — ní fhaca tú ariamh ach a mbeadh d’fhéarlach ansin faoi cheann coicíse. Ní bhíonn moill ar bith air ag fás. Bíonn sé leasaithe go maith ag rod na habhann.
 
Ní dhéanfaidh sé cúis na fataí a chur agus iad a fhágáil ansin, ag ceapadh go bhfásfaidh siad uathub féin. D'ordaigh cinnire cúnamh a mhic ó — caithfear freastal a dhéanamh ar na fataí théis a gcurtha, iad a lánú, a ghortghlanadh srl.
 
Ní fheicfeá cíb den tsórt sin ach amach sna criathraigh coimhthíocha. Aon chriathrach a bhfuil cineáltas ar bith ann, ní fhásann sí air (criathraigh coimhthíocha — amach domhain i réim mhóir chriathraigh)
 
Tá cead scoir acub ó tháinig an geimhreadh, agus níorbh fholáir cosacáin a chur orthub anois ó tá fás ag tosaí.
 
beart
Iompair do bheart fhéin; déan do ghnaithe fhéin; cuir dhíot, nó freastail do do chúram fhéin; ná bí ag fás suas ar aon duine eile; déan do bhealach
+
coiric
'Is deas a d'fhás an coiricín, is deas a d'fhás an círín; Is deas a d'fhás an coiricín ar choileach Mháire Ní Fhinneadha' (leathrann a bhíos ag gasúir)
TUILLEADH (1) ▼
Thoillfeadh slám eile fás ar choiricín an choca.
 
'Sí an mhí seo anois, agus cuid den mhí seo chugainn, coraice dhubh na bliana. Ní bhíonn fás faoi thada.
 
crinn
Tá tú as feamainn muis, más i dtuilleamaí na roinne siúd atá tú. Nár chrinn muid chuile chloch amháin ag gabháil léithe i mbliana. Dheamhan dosán ann anois, agus ní bheidh aon fhás a (de) rath fúithi go ceann cupla bliain aríst.
+
beo 1
Tá an chaint sin ceart go leor — fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar — ach ar chuala tusa ariamh go bhfaigheann na ba bás 'fhad is a bhíonns an féar ag fás.
TUILLEADH (1) ▼
Ní éasc beo é sin chor ar bith ach pianta fáis.
 
breá
"Nach trua mé anois ag scaradh leat teacht na huaire breá; Nuair a bheas an chuach ag gairiúint, agus an duilliúr glas ag fás" (As Bríd Ní Ghadhra)
 
Níl aon tóir ag na beithígh ar an mbréinleach sin ó tharla gur ar an mbualtrach fhéin a d'fhás sé. (N)ach ní bheadh col ar bith acub leis dhá bhfásadh sé ar bhualtrach capaill. Ar an gcóir chéanna, ní bhíonn aon chol ag an gcapall leis an mbréinleach a bheadh ar bhualtrach na bó, ainneoin nach leagfadh sí smut ar a cuid fhéin.
 
Séiplíneach óg a bhuail faoi agus é ar an gceird sin, ag bánú tithe agus ag déanamh créatúlachta ar bhaintreachaí. Níor chuir an séiplíneach aon araoid air gur ionsaigh sé fhéin é i dtosach. Ansin dúirt an séiplíneach leis go mbeadh an féar fós ag fás ar urlár a pharlúis. Tháinig an méid sin isteach fíor. Níl cloch ar fhuaid an tí mhóir inniu (scéal faoi thiarna talúna a ndearna séiplíneach eascainí air más fíor)
 
Buailteán súiste nárbh fholáir dhuit ina éadan sin. Tá a chraiceann chomh garbh agus nach bhfágfadh fás fhéin aon léas air.
 
"A Chaití na Ruan; Nó an trua leat mise a bheith tinn; Tá an arraing chaol chrua; Go buanach in aice mo chroí; Mura dtige tú ar cuairt agam; Faoi thuairim an ama seo aríst; Titfidh mo ghruaig dhíom; Agus is dóigh liom nach bhfásfaidh sí choíchin" (As Buachaillín Caol Ard)
 
buille
Thug sé buille dalba dhom le fás fuinseoige
+
Tá buinneán mór de chrann fuinseoige ag fás ag tóin na binne aige. Ceapaim gur mór an foscadh dhó é mura bhfuagraíonn sé an iomarca gála.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí buinneán mór de chrann ag fás ag corr na hiothlann aige agus nuair a scoireadh an ghaoth na bileogaí dhe, ba gheall le coill an iothlainn leis an mbrat acub a bhíodh ar an talamh ann.
 
D'éalaigh sé orm gan aireachtáil agus thug sé fadhb den fhás dhom — tháinig sé orm i ngan fhios agus thug sé a sheanbhuille den mhaide fuinseoige dhom.
+
Is gearr a bheifeá ag baint an oiread is a leasódh an garraí sin, dhá bhfaighteá an fheamainn ar aon chois. Ba cheart go mbeadh fás sna cladaí siúd. Cladaí dána iad, agus níl siad chomh gann fúithi agus atá muide aniar anseo
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon tsop ag gabháil leis ach feamainn aonchoise. Is furasta dhó cur fhéin a dhéanamh. Tá fairsinge cladaigh aige, agus féadfaidh sé í a ligean suas ina fás. Ní ag crinneadh na gcloch is call dó a bheith fearacht tuillidh
 
Bheadh plandaí agamsa murach gur foghlaíodh iad. Dar fia bhí siad ag fás go breá. Ach chart na cearca atá ag an rúisc sin thoir iad. Níl foghail ar bith is luar liom ná foghail chearc. Is measa í ná an fhoghail chorráin féin
 
folt
B'fhearr dhuit mé a bhearradh. Tá folt orm. Fásann gruaig an-trom ormsa
 
fraigh
Deir siad má fhásann fraigh eibhinn ar bhalla tí go réabann sé an balla ó chéile leis an aimsir
 
Is iontach fada a d'fhás na meaingeals sin. Tá siad ina mbuinneáin ó thús bliana — rinne siad loirgne nó cosa móra fada; rith siad
+
Tá fás maith feamainne duibhe le íochtar, ach tá sí scáinte aníos i mbéal na trá — fásann an fheamainn tiubh síos i bhfad sa gcladach, ach tá léasáin sa bhfeamainn de réir mar tharraingeos tú aníos ar an trá nó níos gaire don talamh
TUILLEADH (2) ▼
Ní fhásann an fheamainn bhoilgíneach sin ná an mhíoránach le íochtar chor ar bith anseo
Fás íochtair ó anuraidh a chuir mé ar an seanchur — feamainn a bhí le íochtar agus a d'fhás anuraidh (mar baineadh an chuid chéanna den chladach anuraidh) a chuir mé ar an síol is túisce a chuir mé sa mbliain
 
fia
Sin sceamhachaí fia. Ní i chuile áit a bhfásann siad sin — cineál bileoige; í glas; déanamh scine uirthi; ciumhais mhantach; hart's tongue fern; d'fheicfeá an-tréan in Árainn sna huláin í i gcuideacht na dubhchosaí
 
folach 2
Chaith mé an lá thíos sa roinn siúd agus dheamhan folach an bhoird sin d'fheamainn a bhí agam dhá barr. Bhí sí in ainm is a bheith ina fás dhá bhliain, ach mo léan an fás!
 
fuaid
Dhóigh an sioc na fataí céadfhómhair anuraidh orm. Níor tháinig ceann ar a bhfuaid. Dódh ar T. Sh. sa ngarraí sin thuas freisin iad. D'fhás ceann anonn is anall acu mar sin fhéin, ach má d'fhás agus gur fhás, dheamhan fata slán a bhí ar a bhfuaid
 
fuin
Brú agus ding uirthi: ag rá nár ith sí aon bhairneach ariamh, agus gurb as bairnigh a fuineadh agus a fáisceadh í! Bhí siad ag fás ar an tairsigh aici. Is iontas nach bhfuil siad ag fás uirthi féin
 
Dhá bhféadainn fuirseadh liom (fuirseadh a dhéanamh) go ceann tamaill mar seo, ní aireoinn go mbeadh ná gasúir inchúntach. Ach faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás — strapadóireacht, strive on, hold on
 
feasta
Is ceart don fhéar a bheith ag fás feasta (anois nó roimh an am seo)