fás
—Briathar
1.
ag méadú, ag borradh; airde áirid.
a.
+–
An bhliain a bhfásann an féar luath, sin í an bhliain is measa. Bhí fuílleach d'fhéar bó ann i mbliana an chéad lá Mhárta. An bhfeiceann tú céard a rinne an bhliain in a dhiaidh sin?
Tá sé ó fhás anois nuair nar fhás sé cheana = sceach a cuireadh
TUILLEADH (6) ▼
Tá móta ann agus sceach ag fás as amach
D'fhan trí cinn aca gan fás = crainnte a cuireadh
Cuir luaith leo. Sin í an cailín a chuirfeas ag fás iad!
Ní bhíonn an talamh sin i bhfad ag fás = féar ag teacht air
Tá nioscóid ag fás amach as mo cheathrú
Marach an chaoi a ndeachaidh sé roimhe, bheadh sé réidh. Bhí cnap eicínt ag fás ar a phutógaí
+–
Tá an talamh fásta = féar air
Tá an talamh fásta suas go dtí leath an bhalla = eirithe aníos; ní féar atá i gceist ach cothrom nó gruadh na talúna
TUILLEADH (1) ▼
Is gearr go mbeidh na lagphuill fásta ar airde na mbruachannaí = eirithe suas
+–
Tá sé cho bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás
Diabhal bóthar a dhéanfar annsin chúns bhéas uisce ag rith ná féar ag fás = choichín
TUILLEADH (3) ▼
Ní fheicfidh tú aon-rath ar Éirinn chúns bhéas uisce ag rith ná féar ag fás
D'aireódh sé an féar ag fás, tá éisteacht cho maith sin aige = d'aireódh sé torann dhá fhánaí
Bhí muid istigh idteach ósta ann. Geospailín beag feósaí a bhí san óstóir, ach d'aireódh sé an féar ag fás. Mo léan ní thiocfadh aon-phóilí gan aireachtáil air!
+–
Ní fhásann aon-duilliúr ar an gcrann a chríonas = má fhágann fear ná bean an pósadh ro-fhada, ní bhíonn aon-sliocht orra; má fhágtar obair nó rud ar bith ro-fhada gan déanamh, ní bhíonn aon-tairbhe dhá barr
Is maith é, agus is maith an chraobh a bhfásfadh sé air = ag moladh duine
TUILLEADH (2) ▼
Is maith thú a mh'anam, agus is maith an chraobh a bhfasfá air
Rinne sé an soilíos sin dom muis. Is maith é agus is maith an chraobh a bhfásfadh sé air
+–
Is fuide a bhíos ciall ag fás ná fiacla. Diabhal breág! Marach gur fuide bheadh ciall ag S. feasta, arae tá na fiacla curha go maith aige
Níl luibh ar bith a bhíos cho fada ag fás le ciall an duine = deirtear seo
TUILLEADH (1) ▼
Dair Shasana: trí chéad bliain ag fás
+–
Sé an fear is cuime (caime: fuaim Achréidh) é dhar fhás dhá chois as ariamh
Níor fhás dhá chois as aon-fhear ariamh is bréagaí ná é
TUILLEADH (2) ▼
Sén nathuíodóir is mó é, dhár fhás dhá chois as i gcaitheamh an tsaoil
Níl aonduine dhár fhás dhá chois ná dhá láimh as, is gráinne teanga ná S. sin
+–
Éist anois. Ní chuirfidh tú dallach dubh orm cho héascaidh sin. Níor fhás an craiceann cho bog sin orm! Ní pleidhce nó amadán amach agus amach mé
Nach simplí é! Ag ceapadh gur fhás an craiceann cho bog sin orainn!
TUILLEADH (1) ▼
Dhá phunt! An rún atá agad a bheith ag magadh fúm? Ag ceapadh go scarfainn leis ar dhá phunt! Nach bog a d'fhás an craiceann orm más fíor dhuit fhéin!
b.
+–
Tá a chuid fáis sin déanta = tá a bhiseach tugha; tá sé cho mór agus a bhéas sé
Fás! M'anam go bhfuil deireadh a chuid fáis déanta. In a aircín mar sin a bhéas sé choíchin.
TUILLEADH (9) ▼
Ní fhásfaidh fataí níos mó i mbliana. Tá deire a gcuid fáis déanta
Níl baol ar bith ar a chuid fáis sin a bheith déanta fós. Foránach diabhalta fir a bhéas ann bail agus beannú air!
Ná bain an móinéar sin thuas fós. Níl a chuid fáis sin déanta chor ar bith. Tabhair cead fáis dó
Más leat cead fáis a thabhairt don chrann, caithfidh tú na clocha sin a bhaint
Tá siad curha anois agus cead fáis aca = fataí
Gheobhaidh an t-iasc cead fáis inniu ar mo shonsa = ní mharóidh mise aon-bhreac inniu, arae ní ghabhfaidh mé ag iascach
M'anam muise go bhfuighidh an t-iasc cead fáis ar scáth a gcuirfidh muid d'araoid air. Níor chaith mé aon-urchar iascaigh anois le dhá bhliain
Tiúrfamuid cead fáis do na mangachaí inniu. Fan go dtí trathnóna eicínt i lár na seachtaine agus tiúrfamuid geábh in a ndiaidh
Ní thiúrfaidh sé aon-chead fáis don iasc nó is cinniúint air é. Nach mbíonn sé amuigh ag iascach chuile lá dhá n-eiríonn ar a shúil!
·
Tá pianta fáis air = pianta a bhíos ar stócaigh nó ar ghasúir nach mbíonn in éifeacht
Shíl mé idtosach gur pianta fáis a bhí air, ach ní hea
+–
Is breá an oíche fáis í = oíche amach idtús an tsamhraidh a thiocfadh in a bháistigh thar éis triomach fada
An-uair fáis í an uair seo. Dhá gcoinníodh sé ar na múranna seo go ceann trí nó ceathair de laetheantaí, d'fheicfeá cur thrídh thalamh
TUILLEADH (2) ▼
Seo í aimsir an fháis! 'Ar ndú ní dhá iarraidh ar a mhalrait a bheitheá?
Déanfaidh fataí fás leis an mbáistigh seo. Ba ghéar a theastuigh an méid sin ón gcur
+–
Tá an-fhás faoi = féar, duine, beitheach etc.
Nach faoi an síol féir sin atá an fás!
TUILLEADH (2) ▼
Sin crainnte a mbíonn an-fhás fútha. Ní aireóchthá go mbeidís mór millteach
Níl aon-fhás a rath faoi = níl sé ag fás go maith
+–
Bhí fás na slaite sailí (fás na sailí) faoi chuile dhuine aca sin = fás an-tobann; iad ag éirghe suas caol árd
Tá fás na sailí faoi bail ó Dhia air. Tá an cloigeann aige tharm féin agus mé cheithre bliana níos sine ná é
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh fás na slaite faoi ní fhéadfadh sé a bheith suas in a fhear fós. Nach an lá cheana a phós a athair!
+–
Tá snáfach fáis faoi; tá an-fhonn fáis air; tá bís fáis faoi = duine nó rud ag fás go haibéil}}
Tá an-fhonn fáis ar na fothannáin sin. Is beag an leasú a iarrfas siad sin. Dar Dia muise dhá mbeadh maith ionta, ní fhásfaidís leath cho héascaidh
TUILLEADH (4) ▼
Is mór an fonn fáis atá ar chréachtachaí. Diabhal mé go sílfeá gur leasú a chuaigh leó!
Tá snáfach fáis faoi[n] (san) mbruiméar ann ar chaoi ar bith!
Tá bís fáis ar na driseachaí seo. An bhfuil tada a choinneódh ó fhás iad?
Má theagann an rud sin ar na dasachaí, an méid a bhéas aníos as an gcréafóig dhíob, beidh sé speirhe ó fhás
2.
·
Tá sé ag fás deireannach = ag eirí deireannach, nó ag dul chun deireannais.
Is fhearr dhuinn a bheith ag bogadh abhaile. Tá sé ag fás deireannach. Nach bhfuil an ghrian faoi!
3.
+–
Ná tabhair cead d'aonduine fás (suas) ort = brabach nó bearraíochaí a bhaint dhíot; exploit you
Sin é an chaoi a raibh an bacachín sin ariamh: ag fás suas ar chuile dhuine eile. Tá a fhios ag chuile dhuine cé hé fhéin, agus diabhal mé in a dheidh sin go bhfuil ag rith leis. Is aigeantaí é, 'ar ndú' ná an diabhal fhéin!
TUILLEADH (2) ▼
Ag fás ar an dream thiar atá sé anois. Marach gurb ea ní thaitheódh sé cho-mór iad. Ach taitheóidh sé sin chuile áit a n-aireóidh sé aon-bhrabach.
D'fhás siad suas go maith ar an mbaile seo. 'Ar ndú' d'fhás nuair a bhí na daoine go dona agus an iomarca omóis dóibh ar fad. Bhí a gcuid oibre dhá dhéanamh dhóibh, agus bhí maith an bhaile aca in aisce. Mara ndéantaí ach sicín a mharú, chaithfidís greim di a bheith aca. Ach m'anam gur tháinig ciall do na daoine le goirid
Féach freisin
→
dris
fás in iontrálacha eile (50+)
→
faitíos
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirre san deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaidh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán-oíche thall agus fás fuinnseóige aige, agus thosaigh sé ag gleáradh an dorais leis …
Sin é an fear fobhairne atá ag Debhalera sna bólaí seo. Tá sé cho dílis dó sin anois, agus diabhal aithne air nach íocaíocht a fhás sé ar a shon. Do dhúshlán aon-cheo a rá faoi Debhalera as a chomhair. Spréachfadh sé a dheárthair mo chroí. Spréachfadh a mh'anam agus thiúrfadh sé fút garbh é
Is breá scolbánta an fás fir é bail ó Dhia air! Chonnaic mé ag fuiléimneach annsin thíos in éindigh le na gearrbhodaigh Dé Domhnaigh é, agus má bhí fhéin dheamhan tuilleamaí a bhí aige le ceachtar aca. 'Ag dul in a mháistir scoile atá sé siúd?
→
fágtha
Tá muinntir an oileáin sin an-fhágha má theagann gairfean ar bith. Níl bád ar bith in araíocht a dhul i dtír ann. Is minic a fhás siad ocras
+
→
féar
Tá fás breá faoin bhféar ar an aimsir seo = tá sé ag fás go breá; tá teacht suas faoin bhféar
TUILLEADH (12) ▼
Níor fhás mórán féir faoi mo chosa nó go ndeacha mé siar chuige = rinne mé deifir ag dul chuige (le turas nó aistir)
Ní fhásfaidh mórán féir faoin a cosa nó go n-innsighe sí an scéal sin do dhuine eicínt eile = duine a bhíos beó phianta go dteighe sé ag caint faoi scéal eicínt
Dar fia muis d'innis tú do rún don fhear cheart. Ní leigfidh sé sin do mhórán féir fás faoin a chosa, go gcuire sé seoladh faoi. Ní chasfadh duine ar bith leat is craobhscaoiltí
Imigh anois, agus ná tabhair cead don fhéar fás faoi do chosa go dteighe tú ann, agus go ndeire tú leis a theacht
Sin é an fear nach leigfidh don fhéar fás faoin a chosa ag dul in a ghnatha dhó. Mo léan géar! Ní bleid a bhéas buailte aige ar chuile fhear ar an mbóthar
Faghann na ba bás an fhad's' bhíos an féar ag fás = cailltear daoine leis an amhgar cho uain agus a bhíos siad ag fanacht le cabhair, go bhfagha a gclann postaí, go dteaga a gclann in éifeacht, go mbeidh a gcuid eallaigh, a gcuid barr etc. in alt a ndíolta agus rl.
Cén uair a bhéas na muca sin le díol má fhágann Dia againn iad? Faoi Shamhain seo chugainn. Céard a thóigfeas na daoine idir dhá am … Faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás
Tá moill ar mhóin shul a mbeidh sí le díol. Faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás. Mara dteighe an uair ar thriomach thairis seo dheamhan fód móna a bhéas in alt a díolta go bhfeice tú achar
Tá dhá bhliain eile uirre siúd san gColáiste. Dhá mbeadh sí in a máistreás bheadh sí indon deóladh a choinneál leis an athair agus leis an máthair. Dheamhan slí ó Fhlaithis Dé aca. Ach faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás
Tá tú cho bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás = is bréagadóir crónta thú
Ara ná géill do J. Tá sé sin cho bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Nachar dhúirt sé liom fhéin an lá faoi dheireadh gurb é an áit a bhfuil an mac ag obair anois ag déanamh céibheannaí inDúiche Sheóigeach. Diabhal mé gur chreid mé é, agus go ndeacha mé dhá innseacht san mbaile aríst. Rinne siad ballséire dhíom. Céibheannaí inDúiche Sheoigeach!
Is bréagaí thú ná an fear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Cén tsamhaoine dhuit an chumadóireacht sin? Breá nach n-eireochthá aiste
→
féarlach
Dhá nochtadh an torlach sin ar chor ar bith — an abhainn ag traoitheadh — ní fhaca tú ariamh ach a mbeadh d'fhéarlach annsin faoi cheann coicíse. Ní bhíonn moill ar bith air ag fás. Bíonn sé leasuithe go maith ag rod na habhann.
Ní fheicfeá cíb de'n tsórt sin ach amach 'sna criathraigh coimhightheacha. Aon-chriathrach a bhfuil cineáltas a' bith ann, ní fhásann sí air (Criathraigh coimhightheacha = amach domhain i réim mhóir chriathraigh).
→
cosacán
Tá cead scuir aca(b) ó tháinic an geimhreadh, a's níorbh fhlearr cosacáin a chur orra(b) anois, ó tá fás a' tosuighe.
→
bealaigh
An fód bealtuighthe sin ar fad atá igclaise an tsrotha ingarraidhe an chladaigh, agus is beag an luibhthearnach chor a' bith a fhása(nn)s air, leis a' gclaise a thachtadh.
+
→
coiric
'Is deas a d'fhás an coirricín, is deas a d'fhás an círín; Is deas a d'fhás an coirricín ar choileach Mháire Ní Fhinneadha' (leath-rann a bhíos ag gasúir).
TUILLEADH (1) ▼
Thillfeadh slam eile fás ar choirricín a choca.
→
coraice
'Sí an mhí seo anois a's cuid de'n mhí seo chugainn coruice dhubh na bliadhna. Ní bhíonn fás faoi thada.
→
crinn
Tá tú as feamuinn muis, má's i dtuilleamuidhe na roinne siúd atá tú. Nar chrinn muid 'chuile chloch amháin a' gabhail léithe imbliadhna. Dheamhan dosán ann anois, a's ní bheidh aon-fhás a (de) rath fúithe go ceann cupla bliadhain aríst.
+
→
beo 1
Tá an chainnt sin ceart go leor — 'fan beo a chapaill a's gheobha tú féar' — ach ar chuala tusa ariamh 'go bhfaghann na ba bás 'fhad's bhío(nn)s a' féar a' fás'.
TUILLEADH (1) ▼
Ní iasc beo é sin chor a' bith ach pianta fáis.
→
breá
'Nach truagh mé anois a' scaradh leat tigheacht na h-uaire breagh; Nuair a bheidheas an chuach a' goireamhaint, a's an duilleabhar glas a' fás' (As "Brighid Ní Ghadhra")
+
Níl aon-tóir ag na beithidhigh ar a' mbréinleach sin, ó thárla gur ar a' mbualtrach fhéin a d'fhás sé. (N)ach ní bheadh col a' bith acab leis, dhá bhfásadh sé ar bhualtrach capaill. Ar a' gcóir chéadna, ní bhíonn aon-chol ag a' gcapall leis a' mbréinleach a bheadh ar bhualtrach na bó, aindeoin nach leagfad sí smut ar a cuid fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Nach uaibhreach a fhása(nn)s a' bréinleach fharras chuile rud eile! Níl aon-leasú amuigh inchínnte ar a' mbualtrach in a dheidh sin.
Séiplíneach óg a bhuail faoi, a's é ar a' gceird sin, a' bánú tighthe, a's a' déanamh créatúlacht' ar bhaintreabhachaí. Níor chuir a' séiplíneach aon-araoid air, gur ionnsuigh sé fhéin é, idtosach. Annsin dubhairt a' séiplíneach leis, go mbeadh a' féar fós a' fás ar urlár a phárlúis. Tháinic a' méid sin isteach fíor. Níl cloch ar fhuaid a' tighe mhóir indiu (scéal faoi thighearna talmhana a ndearna séiplíneach eascanaidhe air, má's fíor).
Buailteán súiste narbh fhlearr dhuit in éadan sin. Tá a chraiceann chomh garbh, a's nach bhfágfadh fás fhéin aon-léas air.
+
Tá buinneán mór de chrann fuinnseoige a' fás ag tóin na binne aige. Ceapaim gur mór a' fascadh dhó é, mara bhfuagruigheann sé an iomarca gála.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí buinneán mór de chrann a' fás ag corr na h-iothlann aige, a's nuair a scuireadh an ghaoth na billeogaí dhe, ba gheall le coill an iothlainn, leis a' mbrat aca(b) a bhíodh ar a' talamh ann.
D'éaluigh sé orm gan aireachtáil, agus thug sé fadhb de'n fhás dhom = tháinic sé orm ingan-fhios agus thug sé a shean-bhuille de'n mhaide fuinnseoige dhom.
+
→
feamainn
Feamainn aon-choise: má bhíonn feamainn fágha in a fás dhá bhliain nó trí bliana, bíonn sí ar aon-chois. Dhá bhfaghadh duine feamainn ar aon-chois, ní i bhfad a bheadh sé ag baint glac mhaith di. Fás maith dhá bhliain, bíonn sí ar aon-chois
TUILLEADH (2) ▼
Is gearr a bheitheá ag baint an oiread agus a leasódh an garraí sin, dhá bhfáiteá an fheamainn ar aon-chois. Ba cheart go mbeadh fás sna cladaigh siúd. Cladaigh dána iad, agus níl siad cho gann fúithe agus atá muide aniar annseo
Níl aon-tsop ag gabhail leis ach feamainn aon-choise. Is furasta dhó cur fhéin a dhéanamh. Tá fairsinge cladaigh aige, agus féadfaidh sé í a leigean suas in a fás. Ní ag crinneadh na gcloch is call dó a bheith fearacht tuille
Bheadh planndaí agamsa marach gur foghluíodh iad. Dar fiadh bhí siad ag fás go breá. Ach chart na cearca atá ag an rúisc sin thoir iad. Níl foghail ar bith is luar liom ná foghail chearc. Is measa í ná an fhoghail chorráin féin
→
fraigh
Deir siad má fhásann frogh eibhinn ar bhalla tí go réabann sé an balla ó chéile leis an aimsir
→
iontach
Is iongantach fada a d'fhás na mangols sin. Tá siad in a mbuinneáin ó thús bliana = rinne siad luirgne nó cosa móra fada; "rith" siad.
+
→
íochtar
Tá fás maith feamuinne duibh' le íochtar, ach tá sí scáinte aníos imbéal na trágha = fásann an fheamuinn tiugh (tiubh amanntaí) síos ibhfad sa gcladach, ach tá léasáin sa bhfeamuinn de réir mar tharrnóchas tú aníos ar an tráigh nó níos goire do'n talamh.
TUILLEADH (2) ▼
Ní fhásann an fheamuinn bhuilgíneach sin ná an mhíoránach le íochtar chor ar bith annseo.
Fás íochtair ó anuraidh a chuir mé ar an sean-chur = feamuinn a bhí le íochtar agus a d'fhás anuraidh (mar baineadh an chuid chéadna de'n chladach anuraidh) a chuir mé ar an síol is túisce a chuir mé sa mbliadhain.
→
fia
Sin sceamhachaí fia. Ní is chuile áit a bhfásann siad sin = cineál billeoige; í glas; déanamh scine uirre; ciúis mhantach; hart's tongue fern; d'fheicfeá an-tréan in Árainn sna huláin í i gcuideacht na dubhchosaí
→
folach 2
Chaith mé an lá thíos san roinn siúd, agus dheamhan falach an bhoird sin d'fheamainn a bhí agam dhá barr. Bhí sí in ainm agus a bheith in a fás dhá bhliain, ach mo léan an fás!
→
folc
Ná bac le fataí a beith san ngarraí sin thoir. Ní bheidh a dtuairisc fhéin ann. Tá na dasachaí uilig folcha ag barráiste = an barráiste fásta i bhfad níos airde ná na dasachaí agus ag cairiú amach as a gcionn
→
fuaid
Dhóigh an sioc na fataí céad fhómhair anuiridh orm. Níor tháinig ceann ar a bhfuaid. Dóghadh ar T. Sh. san ngarraí sin thuas freisin iad. D'fhás ceann anonn agus anall aca mar sin fhéin, ach má d'fhás agus gur fhás, dheamhan fata slán a bhí ar a bhfuaid