fás
—briathar
1.
ag méadú, ag borradh; airde áirid.
a.
+–
An bhliain a bhfásann an féar luath, sin í an bhliain is measa. Bhí fuílleach d'fhéar bó ann i mbliana an chéad lá Mhárta. An bhfeiceann tú céard a rinne an bhliain ina dhiaidh sin?
Tá sé ó fhás anois nuair nár fhás sé cheana — sceach a cuireadh
TUILLEADH (6) ▼
Tá móta ann agus sceach ag fás as amach
D'fhan trí cinn acu gan fás — crainnte a cuireadh
Cuir luaith leo. Sin í an cailín a chuirfeas ag fás iad!
Ní bhíonn an talamh sin i bhfad ag fás — féar ag teacht air
Tá neascóid ag fás amach as mo cheathrú
Murach an chaoi a ndeachaigh sé roimhe, bheadh sé réidh. Bhí cnap eicínt ag fás ar a phutógaí
+–
Tá an talamh fásta — féar air
Tá an talamh fásta suas go dtí leath an bhalla — éirithe aníos; ní féar atá i gceist ach cothrom nó grua na talúna
TUILLEADH (1) ▼
Is gearr go mbeidh na lagphoill fásta ar airde na mbruachannaí — éirithe suas
+–
Tá sé chomh bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás
Diabhal bóthar a dhéanfar ansin chúns bheas uisce ag rith ná féar ag fás — choíchin
TUILLEADH (3) ▼
Ní fheicfidh tú aon rath ar Éirinn chúns bheas uisce ag rith ná féar ag fás
D'aireodh sé an féar ag fás, tá éisteacht chomh maith sin aige — d'aireodh sé torann dhá fhánaí
Bhí muid istigh i dteach ósta ann. Geospailín beag feosaí a bhí san óstóir, ach d'aireodh sé an féar ag fás. Mo léan ní thiocfadh aon phóilí gan aireachtáil air!
+–
Ní fhásann aon duilliúr ar an gcrann a chríonas — má fhágann fear ná bean an pósadh rófhada, ní bhíonn aon sliocht orthu; má fhágtar obair nó rud ar bith rófhada gan déanamh, ní bhíonn aon tairbhe dhá barr
Is maith é, agus is maith an chraobh a bhfásfadh sé air — ag moladh duine
TUILLEADH (2) ▼
Is maith thú a mh'anam, agus is maith an chraobh a bhfasfá air
Rinne sé an soilíos sin dom muis. Is maith é agus is maith an chraobh a bhfásfadh sé air
+–
Is faide a bhíos ciall ag fás ná fiacla. Diabhal breág! Murach gur faide, bheadh ciall ag S. feasta arae tá na fiacla curtha go maith aige
Níl luibh ar bith a bhíos chomh fada ag fás le ciall an duine — deirtear seo
TUILLEADH (1) ▼
Dair Shasana: trí chéad bliain ag fás
+–
'Sé an fear is cuime (caime fuaim Achréidh) é dhár fhás dhá chois as ariamh
Níor fhás dhá chois as aon fhear ariamh is bréagaí ná é
TUILLEADH (2) ▼
'Sé an nathaíodóir is mó é dhár fhás dhá chois as i gcaitheamh an tsaoil
Níl aon duine dhár fhás dhá chois ná dhá láimh as is gráinne teanga ná S. sin
+–
Éist anois. Ní chuirfidh tú dallach dubh orm chomh héasca sin. Níor fhás an craiceann chomh bog sin orm! Ní pleidhce nó amadán amach is amach mé
Nach simplí é! Ag ceapadh gur fhás an craiceann chomh bog sin orainn!
TUILLEADH (1) ▼
Dhá phunt! An rún atá agat a bheith ag magadh fúm? Ag ceapadh go scarfainn leis ar dhá phunt! Nach bog a d'fhás an craiceann orm más fíor dhuit fhéin!
b.
+–
Tá a chuid fáis sin déanta — tá a bhiseach tugtha; tá sé chomh mór agus a bheas sé
Fás! M'anam go bhfuil deireadh a chuid fáis déanta. Ina aircín mar sin a bheas sé choíchin.
TUILLEADH (9) ▼
Ní fhásfaidh fataí níos mó i mbliana. Tá deireadh a gcuid fáis déanta
Níl baol ar bith ar a chuid fáis sin a bheith déanta fós. Forránach diabhalta fir a bheas ann bail agus beannú air!
Ná bain an móinéar sin thuas fós. Níl a chuid fáis sin déanta chor ar bith. Tabhair cead fáis dó
Más leat cead fáis a thabhairt don chrann, caithfidh tú na clocha sin a bhaint
Tá siad curtha anois agus cead fáis acu — fataí
Gheobhaidh an t-iasc cead fáis inniu ar mo shonsa — ní mharóidh mise aon bhreac inniu, arae ní ghabhfaidh mé ag iascach
M'anam muise go bhfaighidh an t-iasc cead fáis ar scáth a gcuirfidh muid d'araoid air. Níor chaith mé aon urchar iascaigh anois le dhá bhliain
Tabharfaidh muid cead fáis do na mangachaí inniu. Fan go dtí tráthnóna eicínt i lár na seachtaine agus tabharfaidh muid geábh ina ndiaidh
Ní thabharfaidh sé aon chead fáis don iasc nó is cinniúint air é. Nach mbíonn sé amuigh ag iascach chuile lá dhá n-éiríonn ar a shúil!
·
Tá pianta fáis air — pianta a bhíos ar stócaigh nó ar ghasúir nach mbíonn in éifeacht
Shíl mé i dtosach gur pianta fáis a bhí air, ach ní hea
+–
Is breá an oíche fáis í — oíche amach i dtús an tsamhraidh a thiocfadh ina bháistigh thar éis triomach fada
An-uair fáis í an uair seo. Dhá gcoinníodh sé ar na múranna seo go ceann trí nó ceathair de laethantaí, d'fheicfeá cur thrí thalamh
TUILLEADH (2) ▼
Seo í aimsir an fháis! Ar ndóigh ní dhá iarraidh ar a mhalrait a bheifeá?
Déanfaidh fataí fás leis an mbáistigh seo. Ba ghéar a theastaigh an méid sin ón gcur
+–
Tá an-fhás faoi — féar, duine, beathach srl.
Nach faoin síol féir sin atá an fás!
TUILLEADH (2) ▼
Sin crainnte a mbíonn an-fhás fúthu. Ní aireofá go mbeidís mór millteach
Níl aon fhás a rath faoi — níl sé ag fás go maith
+–
Bhí fás na slaite sailí (fás na sailí) faoi chuile dhuine acu sin — fás an-tobann; iad ag éirí suas caol ard
Tá fás na sailí faoi bail ó Dhia air. Tá an cloigeann aige tharam féin agus mé cheithre bliana níos sine ná é
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh fás na slaite faoi, ní fhéadfadh sé a bheith suas ina fhear fós. Nach an lá cheana a phós a athair!
+–
Tá snafach fáis faoi; tá an-fhonn fáis air; tá bís fáis faoi — duine nó rud ag fás go haibéil
Tá an-fhonn fáis ar na fothannáin sin. Is beag an leasú a iarrfas siad sin. Dar Dia muise, dhá mbeadh maith iontu, ní fhásfaidís leath chomh héasca
TUILLEADH (4) ▼
: Is mór an fonn fáis atá ar chréachtachaí. Diabhal mé go sílfeá gur leasú a chuaigh leo!
Tá snafach fáis faoin (sa) mbroimfhéar ann ar chaoi ar bith!
Tá bís fáis ar na driseachaí seo. An bhfuil tada a choinneodh ó fhás iad?
Má theagann an rud sin ar na dasachaí, an méid a bheas aníos as an gcréafóig dhíobh, beidh sé speirthe ó fhás
2.
·
Tá sé ag fás deireanach — ag éirí deireanach nó ag dul chun deireanais
Is fhearr dhúinn a bheith ag bogadh abhaile. Tá sé ag fás deireanach. Nach bhfuil an ghrian faoi!
3.
+–
Ná tabhair cead d'aon duine fás (suas) ort — brabach nó bearraíochaí a bhaint dhíot; exploit you
Sin é an chaoi a raibh an bacachín sin ariamh: ag fás suas ar chuile dhuine eile. Tá a fhios ag chuile dhuine cé hé fhéin, agus diabhal mé ina dhiaidh sin go bhfuil ag rith leis. Is aigeantaí é, ar ndóigh, ná an diabhal fhéin!
TUILLEADH (2) ▼
Ag fás ar an dream thiar atá sé anois. Murach gurb ea, ní a thaitheodh sé chomh mór iad. Ach taitheoidh sé sin chuile áit a n-aireoidh sé aon bhrabach.
D'fhás siad suas go maith ar an mbaile seo. Ar ndóigh d'fhás nuair a bhí na daoine go dona agus an iomarca ómóis dóibh ar fad. Bhí a gcuid oibre dhá dhéanamh dhóibh agus bhí maith an bhaile acu in aisce. Mura ndéantaí ach sicín a mharú, chaithfidís greim di a bheith acu. Ach m'anam gur tháinig ciall do na daoine le gairid
Féach freisin
→
dris
fás in iontrálacha eile (50+)
→
faitíos
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirthi sa deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaigh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán oíche thall agus fás fuinseoige aige, agus thosaigh sé ag gleadhradh an dorais leis …
Is breá scolbánta an fás fir é bail ó Dhia air! Chonaic mé ag foléimneach ansin thíos in éindí le na gearrbhodaigh Dé Domhnaigh é, agus má bhí fhéin dheamhan tuilleamaí a bhí aige le ceachtar acu. Ag dul ina mháistir scoile atá sé siúd?
+
→
féar
Tá fás breá faoin bhféar ar an aimsir seo — tá sé ag fás go breá; tá teacht suas faoin bhféar
TUILLEADH (12) ▼
Níor fhás mórán féir faoi mo chosa nó go ndeachaigh mé siar chuige — rinne mé deifir ag dul chuige (le turas nó aistir)
Ní fhásfaidh mórán féir faoina cosa nó go n-insí sí an scéal sin do dhuine eicínt eile — duine a bhíos beophianta go dté sé ag caint faoi scéal eicínt
Dar fia muis, d'inis tú do rún don fhear cheart. Ní ligfidh sé sin do mhórán féir fás faoina chosa go gcuire sé seoladh faoi. Ní chasfadh duine ar bith leat is craobhscaoiltí
Imigh anois, agus ná tabhair cead don fhéar fás faoi do chosa go dté tú ann agus go ndeire tú leis a theacht
Sin é an fear nach ligfidh don fhéar fás faoina chosa ag dul ina ghnaithe dhó. Mo léan géar! Ní bleid a bheas buailte aige ar chuile fhear ar an mbóthar
Faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás — cailltear daoine leis an amhgar chomhuain is a bhíos siad ag fanacht le cabhair, go bhfaighe a gclann postaí, go dteaga a gclann in éifeacht, go mbeidh a gcuid eallaigh, a gcuid barr srl. in alt a ndíolta srl.
Cén uair a bheas na muca sin le díol má fhágann Dia againn iad? Faoi Shamhain seo chugainn. Céard a thógfas na daoine idir dhá am … Faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás
Tá moill ar mhóin shula mbeidh sí le díol. Faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás. Mura dté an uair ar thriomach thairis seo, dheamhan fód móna a bheas in alt a díolta go bhfeice tú achar
Tá dhá bhliain eile uirthi siúd sa gcoláiste. Dhá mbeadh sí ina máistreás bheadh sí in ann deoladh a choinneáil leis an athair agus leis an máthair. Dheamhan slí ó fhlaithis Dé acu. Ach faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás
Tá tú chomh bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás — is bréagadóir corónta thú
Ara ná géill do J. Tá sé sin chomh bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Nár dhúirt sé liom fhéin an lá faoi dheireadh gurb é an áit a bhfuil an mac ag obair anois ag déanamh céibheannaí i nDúiche Sheoigheach. Diabhal mé gur chreid mé é, agus go ndeachaigh mé dhá inseacht sa mbaile aríst. Rinne siad ball séire dhíom. Céibheannaí i nDúiche Sheoigheach!
Is bréagaí thú ná an fear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Cén tsomhaoine dhuit an chumadóireacht sin? Breá nach n-éireofá aisti
→
féarlach
Dhá nochtadh an turlach sin ar chor ar bith — an abhainn ag traoitheadh — ní fhaca tú ariamh ach a mbeadh d’fhéarlach ansin faoi cheann coicíse. Ní bhíonn moill ar bith air ag fás. Bíonn sé leasaithe go maith ag rod na habhann.
→
cinnire
Ní dhéanfaidh sé cúis na fataí a chur agus iad a fhágáil ansin, ag ceapadh go bhfásfaidh siad uathub féin. D'ordaigh cinnire cúnamh a mhic ó — caithfear freastal a dhéanamh ar na fataí théis a gcurtha, iad a lánú, a ghortghlanadh srl.
Ní fheicfeá cíb den tsórt sin ach amach sna criathraigh coimhthíocha. Aon chriathrach a bhfuil cineáltas ar bith ann, ní fhásann sí air (criathraigh coimhthíocha — amach domhain i réim mhóir chriathraigh)
→
cosacán
Tá cead scoir acub ó tháinig an geimhreadh, agus níorbh fholáir cosacáin a chur orthub anois ó tá fás ag tosaí.
→
beart
Iompair do bheart fhéin; déan do ghnaithe fhéin; cuir dhíot, nó freastail do do chúram fhéin; ná bí ag fás suas ar aon duine eile; déan do bhealach
+
→
coiric
'Is deas a d'fhás an coiricín, is deas a d'fhás an círín; Is deas a d'fhás an coiricín ar choileach Mháire Ní Fhinneadha' (leathrann a bhíos ag gasúir)
TUILLEADH (1) ▼
Thoillfeadh slám eile fás ar choiricín an choca.
→
coraice
'Sí an mhí seo anois, agus cuid den mhí seo chugainn, coraice dhubh na bliana. Ní bhíonn fás faoi thada.
→
crinn
Tá tú as feamainn muis, más i dtuilleamaí na roinne siúd atá tú. Nár chrinn muid chuile chloch amháin ag gabháil léithe i mbliana. Dheamhan dosán ann anois, agus ní bheidh aon fhás a (de) rath fúithi go ceann cupla bliain aríst.
+
→
beo 1
Tá an chaint sin ceart go leor — fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar — ach ar chuala tusa ariamh go bhfaigheann na ba bás 'fhad is a bhíonns an féar ag fás.
TUILLEADH (1) ▼
Ní éasc beo é sin chor ar bith ach pianta fáis.
→
breá
"Nach trua mé anois ag scaradh leat teacht na huaire breá; Nuair a bheas an chuach ag gairiúint, agus an duilliúr glas ag fás" (As Bríd Ní Ghadhra)
Níl aon tóir ag na beithígh ar an mbréinleach sin ó tharla gur ar an mbualtrach fhéin a d'fhás sé. (N)ach ní bheadh col ar bith acub leis dhá bhfásadh sé ar bhualtrach capaill. Ar an gcóir chéanna, ní bhíonn aon chol ag an gcapall leis an mbréinleach a bheadh ar bhualtrach na bó, ainneoin nach leagfadh sí smut ar a cuid fhéin.
Séiplíneach óg a bhuail faoi agus é ar an gceird sin, ag bánú tithe agus ag déanamh créatúlachta ar bhaintreachaí. Níor chuir an séiplíneach aon araoid air gur ionsaigh sé fhéin é i dtosach. Ansin dúirt an séiplíneach leis go mbeadh an féar fós ag fás ar urlár a pharlúis. Tháinig an méid sin isteach fíor. Níl cloch ar fhuaid an tí mhóir inniu (scéal faoi thiarna talúna a ndearna séiplíneach eascainí air más fíor)
Buailteán súiste nárbh fholáir dhuit ina éadan sin. Tá a chraiceann chomh garbh agus nach bhfágfadh fás fhéin aon léas air.
→
buanach
"A Chaití na Ruan; Nó an trua leat mise a bheith tinn; Tá an arraing chaol chrua; Go buanach in aice mo chroí; Mura dtige tú ar cuairt agam; Faoi thuairim an ama seo aríst; Titfidh mo ghruaig dhíom; Agus is dóigh liom nach bhfásfaidh sí choíchin" (As Buachaillín Caol Ard)
+
Tá buinneán mór de chrann fuinseoige ag fás ag tóin na binne aige. Ceapaim gur mór an foscadh dhó é mura bhfuagraíonn sé an iomarca gála.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí buinneán mór de chrann ag fás ag corr na hiothlann aige agus nuair a scoireadh an ghaoth na bileogaí dhe, ba gheall le coill an iothlainn leis an mbrat acub a bhíodh ar an talamh ann.
D'éalaigh sé orm gan aireachtáil agus thug sé fadhb den fhás dhom — tháinig sé orm i ngan fhios agus thug sé a sheanbhuille den mhaide fuinseoige dhom.
+
→
feamainn
Is gearr a bheifeá ag baint an oiread is a leasódh an garraí sin, dhá bhfaighteá an fheamainn ar aon chois. Ba cheart go mbeadh fás sna cladaí siúd. Cladaí dána iad, agus níl siad chomh gann fúithi agus atá muide aniar anseo
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon tsop ag gabháil leis ach feamainn aonchoise. Is furasta dhó cur fhéin a dhéanamh. Tá fairsinge cladaigh aige, agus féadfaidh sé í a ligean suas ina fás. Ní ag crinneadh na gcloch is call dó a bheith fearacht tuillidh
Bheadh plandaí agamsa murach gur foghlaíodh iad. Dar fia bhí siad ag fás go breá. Ach chart na cearca atá ag an rúisc sin thoir iad. Níl foghail ar bith is luar liom ná foghail chearc. Is measa í ná an fhoghail chorráin féin
→
fraigh
Deir siad má fhásann fraigh eibhinn ar bhalla tí go réabann sé an balla ó chéile leis an aimsir
→
iontach
Is iontach fada a d'fhás na meaingeals sin. Tá siad ina mbuinneáin ó thús bliana — rinne siad loirgne nó cosa móra fada; rith siad
+
→
íochtar
Tá fás maith feamainne duibhe le íochtar, ach tá sí scáinte aníos i mbéal na trá — fásann an fheamainn tiubh síos i bhfad sa gcladach, ach tá léasáin sa bhfeamainn de réir mar tharraingeos tú aníos ar an trá nó níos gaire don talamh
TUILLEADH (2) ▼
Ní fhásann an fheamainn bhoilgíneach sin ná an mhíoránach le íochtar chor ar bith anseo
Fás íochtair ó anuraidh a chuir mé ar an seanchur — feamainn a bhí le íochtar agus a d'fhás anuraidh (mar baineadh an chuid chéanna den chladach anuraidh) a chuir mé ar an síol is túisce a chuir mé sa mbliain
→
fia
Sin sceamhachaí fia. Ní i chuile áit a bhfásann siad sin — cineál bileoige; í glas; déanamh scine uirthi; ciumhais mhantach; hart's tongue fern; d'fheicfeá an-tréan in Árainn sna huláin í i gcuideacht na dubhchosaí
→
folach 2
Chaith mé an lá thíos sa roinn siúd agus dheamhan folach an bhoird sin d'fheamainn a bhí agam dhá barr. Bhí sí in ainm is a bheith ina fás dhá bhliain, ach mo léan an fás!
→
fuaid
Dhóigh an sioc na fataí céadfhómhair anuraidh orm. Níor tháinig ceann ar a bhfuaid. Dódh ar T. Sh. sa ngarraí sin thuas freisin iad. D'fhás ceann anonn is anall acu mar sin fhéin, ach má d'fhás agus gur fhás, dheamhan fata slán a bhí ar a bhfuaid
→
fuin
Brú agus ding uirthi: ag rá nár ith sí aon bhairneach ariamh, agus gurb as bairnigh a fuineadh agus a fáisceadh í! Bhí siad ag fás ar an tairsigh aici. Is iontas nach bhfuil siad ag fás uirthi féin
→
fuirsigh
Dhá bhféadainn fuirseadh liom (fuirseadh a dhéanamh) go ceann tamaill mar seo, ní aireoinn go mbeadh ná gasúir inchúntach. Ach faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás — strapadóireacht, strive on, hold on