Féar
—Ainmfhocal Fireann
1.
fás ar an talamh.
a.
+–
Tá féar in a luighe ann = tá féar sínte ann
Tá na beithigh ag dul go glúine i bhféar ann, agus ní mian leo fanacht ann in a dheidh sin
TUILLEADH (2) ▼
Tá fás breá faoin bhféar ar an aimsir seo = tá sé ag fás go breá; tá teacht suas faoin bhféar
"Tá féar fada agus fásach i ngleánntán álainn i bhfad ó bhaile" ("Cuaichín Ghleann Éifinn")
+–
Gabhfaidh mé ag baint fhéir sílim
Tá sé ag baint an fhéir as a bhuille (fc. buille)
TUILLEADH (2) ▼
Tá siad leis an bhféar inniu = dhá bhaint nó dhá shábháil
'Le féar atá S. inniu?
+–
Níl aon-tsop féir ag gabhail liom nach bhfuil ar a chois fós = in a sheasamh gan baint
Tá an féar siar againne ar a chois fré na chéile. Bhí an iomarca chruadhóig mhóna ar dhaoine
TUILLEADH (2) ▼
Tá acra féir ar a chois fós aige = gan baint
Dhá dhonacht dhá bhfuil an bháisteach seo ag féar atá ar sraith is measa go fada é ag an bhféar atá ar a chois. An féar atá "in a luighe" lobhfaidh amlú anois é. Tá sé buille deireannach san mbliain
·
Tá mé ag brath air an garraí sin a leigean amach 'un féir i mbliana = é a choisint le haghaidh féir tirm
Tá sé ag leigean amach an fhéir (fc. leig)
+–
Ní raibh rath ná ríocht ar bheithigh inniu (ag an aonach). Mara bhfeabhsuighe siad amach annseo idtús féir! (le teacht an fhéir) = deireadh an Mhárta agus an t-Aibreán
Ná leig na beithigh isteach annsin go tús féir indeireadh an Earraigh
TUILLEADH (2) ▼
Níl seamaide féir ar bith ag teacht fós = ag fás
Tháinig féar i bhfad roimhe seo anuiridh = d'fhás sé
·
Tá féar dhá bhó aige mar atá againn ar fad = an oiread talúna agus a thóigfeadh dhá bhó, idteannta a mbeadh de laoghanntaí aca, nó go mbeidís i gcruth a ndíolta; tuairim agus leath-ghabhaltas mar a chomhairfí é i gConamara nó i gCois Fharraige go háirid
Bhí sruth agus féar leo an fhad agus a bhí siad ar an mbaile seo = deirtear seo amanntaí in áit: "sruth agus gaoth"
+–
Tá fásach féir ann = féar a ngabhfá go básta ann
Níl ann ach geamhar beag féir = giomannach beag féir
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan téagar (brí, a rath etc.) féir a bhí san ngarraí sin
Thug an bhó sracadh féir léithe
Uchtóg fhéir, bréidín féir, scuabán féir, gabhail fhéir etc. (fc. na focla sin)
Tá táirne féir i speal (fc. táirne)
Cuirfidh mé an píce féir thríot (fc. píce)
Rinne siad fáinne féir (fc. fáinne)
An bhfuil mórán síol fhéir curha agad i mbliana
b.
+–
Tá sé ag cur féir ón a chosa = ag siúl go tréan
Siúd é an fear atá indan an féar a chur ón a chosa bail ó Dhia air = siúl go maith sciobha
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhainfeadh sé an drúcht den fhéar, siúileann sé cho réidh (mín, mion etc.) sin
Shiúilfeadh sé cho mín agus nach mbainfeadh sé an drúcht den fhéar len a chosa
+–
Níor fhás mórán féir faoi mo chosa nó go ndeacha mé siar chuige = rinne mé deifir ag dul chuige (le turas nó aistir)
Ní fhásfaidh mórán féir faoin a cosa nó go n-innsighe sí an scéal sin do dhuine eicínt eile = duine a bhíos beó phianta go dteighe sé ag caint faoi scéal eicínt
TUILLEADH (3) ▼
Dar fia muis d'innis tú do rún don fhear cheart. Ní leigfidh sé sin do mhórán féir fás faoin a chosa, go gcuire sé seoladh faoi. Ní chasfadh duine ar bith leat is craobhscaoiltí
Imigh anois, agus ná tabhair cead don fhéar fás faoi do chosa go dteighe tú ann, agus go ndeire tú leis a theacht
Sin é an fear nach leigfidh don fhéar fás faoin a chosa ag dul in a ghnatha dhó. Mo léan géar! Ní bleid a bhéas buailte aige ar chuile fhear ar an mbóthar
+–
Faghann na ba bás an fhad's' bhíos an féar ag fás = cailltear daoine leis an amhgar cho uain agus a bhíos siad ag fanacht le cabhair, go bhfagha a gclann postaí, go dteaga a gclann in éifeacht, go mbeidh a gcuid eallaigh, a gcuid barr etc. in alt a ndíolta agus rl.
Cén uair a bhéas na muca sin le díol má fhágann Dia againn iad? Faoi Shamhain seo chugainn. Céard a thóigfeas na daoine idir dhá am … Faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás
TUILLEADH (2) ▼
Tá moill ar mhóin shul a mbeidh sí le díol. Faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás. Mara dteighe an uair ar thriomach thairis seo dheamhan fód móna a bhéas in alt a díolta go bhfeice tú achar
Tá dhá bhliain eile uirre siúd san gColáiste. Dhá mbeadh sí in a máistreás bheadh sí indon deóladh a choinneál leis an athair agus leis an máthair. Dheamhan slí ó Fhlaithis Dé aca. Ach faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás
+–
Tá tú cho bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás = is bréagadóir crónta thú
Ara ná géill do J. Tá sé sin cho bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Nachar dhúirt sé liom fhéin an lá faoi dheireadh gurb é an áit a bhfuil an mac ag obair anois ag déanamh céibheannaí inDúiche Sheóigeach. Diabhal mé gur chreid mé é, agus go ndeacha mé dhá innseacht san mbaile aríst. Rinne siad ballséire dhíom. Céibheannaí inDúiche Sheoigeach!
TUILLEADH (1) ▼
Is bréagaí thú ná an fear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Cén tsamhaoine dhuit an chumadóireacht sin? Breá nach n-eireochthá aiste
+–
Sé an fear is cantalaí é a shiúil féar ariamh; sé an fear is cantalaí é a shiúil talamh ná féar = sén fear is cantalaí beó é
Níor shiúil sé talamh ná féar aon-mhac is míádhasaí ná P. má bhíonn aon-deóir caite aige. Bíonn coinneal in a shúile nó go n-aimsighe sé duine eicínt
TUILLEADH (6) ▼
Níl aon-lá dar shiúil mé talamh agus féar nachar chuala mé gurb é a athair sin a mharuigh C. Th.
Níl aon-fhear ag siúl talamh ná féar indon aige sin. Tá mise dhá rádh leat
Is beag fear a shiúil féar ba deaghchaintí ná a athair sin. Chaithfeadh sé laetheantaí fada na Féile San Seáin ag nathaíocht agus gan iadhadh a theacht ar a bhéal
Níor shiúil sé talamh ná féar an té a d'fhéadfadh aon-cheo a chasadh liomsa ná le aon-dhuine dhá mbaineann liom faoi chneamhaireacht
Níl sí ag siúl talamh ná féar aon-bhean is lághaí shúbhailcí ná í sin
Sin é an slíomadóir is measa a shiúil talamh ná féar
+–
Fáilte na gé romhat ón bhféar go dtí an t-uisce = fáilte a chuirtear roimh dhaoine scaití (fáilte mhaith í)
Do mhíle fáilte a mhic ó, agus ní hé amháin. Fáilte na gé romhat ón bhféar go dtí an t-uisce!
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le fáilte! Chuir sé fáilte na gé rómham ón bhféar go dtí an t-uisce.
+–
Tán ghrian ag dul siar agus níl an féar dhá shábháil = tá an t-am dhá chaitheamh agus gan an mhaith dhá dhéanamh
Seogaí a scraistí! Eirigí feasta ag obair! Tán ghrian ag dul siar agus gan an féar dhá shábháil
TUILLEADH (2) ▼
Seo! Tá muid sách fada ar an gcocaireacht seo. Más leat a tabhairt dom, tá sé in am agad fios a bheith agad air feasta. Tán ghrian ag dul siar agus gan an féar dhá shábháil
Níl ag Nóra se'againne anois ach bliain eile le dhul isteach ar an "Preparatory" (Examination). Agus níl sí ag breathnú ar leabhar ná ar pháipéar. Tán ghrian ag dul siar agus gan an féar dhá shábháilt
+–
Fan beó a chapaill, agus gheobhaidh tú féar = deaghghealladh ach nach gcothóidh sé duine gan cur leis; geall rud do dhuine agus maireadh sé ar a rogha caoi uaidh sin amach; bíodh foighid agad agus ná fuasaoid d'easbaidh agus tiocfaidh gach rud ceart uair eicínt amach annseo
Tá tusa ar dhruim (ar mhuin) na muice, ach cén chaoi a mairfidh daoine eile. Fan beó a chapaill agus gheobhaidh tú féar! M'anam gur deas é do chómhrádh
TUILLEADH (2) ▼
Beidh an saol go maith fós ach foighid a bheith againn, adeir sé. Foighid! Fan beó a chapaill agus gheobhaidh tú féar! Níl a fhios aige sin cáil an bhróig ag luighe ar aonduine eile, agus is rí-chuma leis
Fiafraím díot, cén chaoi a ndéanfaidh muinntir na háite seo an saol a ríochan, nó go ndéantar a bhfuil tusa a rádh. Fan beó a chapaill agus gheobhaidh tú féar, ab ea. Mar a chéile sib ó sháil go rínn. Tá sibse cho dona le dream ar bith eile
+–
Ní bheathuíonn an féar an phis = ní mór leasú a dhul ar phis (peas) seachas a cur ar an bhfód nó as an mbán; "love does not make the pot boil"; níl gnotha ag duine obair a thosuighe mara bhfuil teannadh ar a chúl aige, nó an oiread agus go mbeidh sé indon freastal do dhola na hoibre; "you cannot build on sand"
Cén áit a bpósfaidh sé. Dar fiadh muise má phósann, déanfaidh sé tíomhas! Gan ní dhár dhealbh an ghrian aige ach an bráicín sin. Ara chuala tú ariamh é ní bheathuíonn an féar an phis
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon-ghnatha ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh, mara bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon-ghoir aige air. Ní bheathuíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé indon cailleadh leis, go bhfuil sin
Níl a fhios cén talamh atá socruithe aige l'aghaidh fataí agus gan aon-tsop leasú ag gabhail leis. B'fhéidir go gcuirfeadh sé ar an bhfód iad. Cuireadh cheana, ach deir siad nach mbeathuíonn an féar an phis.
c.
Is iomdha cineál féir ann: trismhínleach, aorthann, bréinleach, scéitheach, féar gliomach, féar siogáin, féar gortach, féarlach etc.
+–
Tá go leór féar siogáin ann ach sin é an méid = an féar beag scáinte a fhásas ar phúiríní siogáin (seangáin) agus timpeall orra. D'fheicfeá ar chnocáin ingarrantaí é go minic
Ní íosfaidh bó ar bith an féar siogáin sin! Tá col aca leis.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan ceó ar fhuaid an gharraí ach mar bheadh féar siogáin ann: giomannach bheag bhídeach
D'fheicinnse an cnocán sin faoi fhéar siogáin ar fad roimhe seo, ach rómhruíodh ó shoin é agus tá a shliocht air
Níl tada siar le claidhe ach féar siogáin = féar beag crannda, (ach ní raibh aon-phúiríní siogáin ann, ach an cineál céanna féir agus a bhíos orra)
+–
Tá na locháin siúd ar an íochtar faoi fhéar gliomach fré chéile = ní féar é dháiríre ach cineál feamainne a bhíos i locháin an chladaigh in áiteachaí; ribíní fada é ar dhéanamh féir, agus é mór go maith; dath bán a bhíos air; ní bhíonn aon-tsainnt ro-mhór ag lucht leasuithe ná ag ceilpeadóirí ann, ach cuirtear amach ar an talamh é, thríd fheamainn eile
Diabhal a dhath síos in íochtar an chlochair ach féar gliomach. Tá sé sin go fairsing ann. Ní bhfuightheá boirdín asail d'fheamainn dubh ar an roinn ar fad
TUILLEADH (1) ▼
Cén mhaith dhuit a bheith de do mheath fhéin leis an bhféar gliomach sin. Is fhearr an fáisín bliana fhéin ná é sin. Fág i dtigh tubaiste annsin é. Faraor nach hé an barr-chuanla a chuaigh muid a bhaint
+–
Tá féar gortach thuas i mbarr an bhaile = cíb ar éigin; sórt féar beag gann gágach garbh a fhásas ar mhótaí agus ar thuláin ar na barra garbha; glaoitear scaití ar fhéar a bheadh mar é é i móinéir nó in áit ar bith (ach ní thiúrfaí cíb ar éigin air san gcás sin); ní thugtar ar ocras é a bhuaileas duine amuigh; sliabh gortach é sin
Tá na tuláin agus na mótaí siúd ar fad faoi fhéar gortach. Ní bhfuigheadh bó dhá phlaic ann. Má chuireann sib ann iad ní mór dóibh buicéid
TUILLEADH (2) ▼
Tá barr baile annseo againne muis agus is gearr le dhul é. Níl ann fré chéile ach féar gortach. Is fhearr aon-phóicín amháin istigh agaibhse le cruth a chur ar bheitheach ná a bhfuil de thalamh istigh ar na bailteachaí seo. Tá substaint san bhféar agaibhse
Ná bac len a bhfuil d'fhéar againne i mbliana! An dá phriobán sin thuas, agus gan orra sin fhéin ach féar gortach = bun-fhéar gann; ní cíb ar éigin
·
Féar indiaidh féir atá ann (ath-fhéar) = ath-bharr; leigean d'fhéar fás in áit ar baineadh féar ar mhóinéar
D'imigh an diabhal orra má tá siad gránuithe ar an ngarraí sin agus féar indiaidh féir aca ann.
d.
Is iomdha caoi a gcuirtear síos ar fhéar nó a dtugtar a cháilíocht i gceist: féar glúiníní, féar luibheannach, féar tirm, féar corráin, féar boilgíneach, féar ascalla, féar ainleoige, féar speile, féar clascannaí etc.
+–
Tá go leór féar clascannaí ann = an féar a bheadh ar chlascannaí srotha nó ar lag-chlascannaí nach bhféadfaí a bhaint le speal i móinéar; an féar a bhíos i gclascannaí na bhfataí
Bhí mé ag baint féar corráin inniu (féar ascalla) = féar nach bhféadfadh an speal a bhaint; féar clascannaí nó an féar a bhíos buailte ar na claidheachaí (féar ascalla) nó ar leachtaí, nó i gcaracáin
TUILLEADH (8) ▼
Caithfidh mé a dhul ag baint féar ascalla = an féar a bhíos i gcúinní agus le claidheachaí. Le corrán a bhaintear é
Féar ainleóige, féar airgead luachra etc. = bheadh go leór ainleóige agus airgead luachra etc. fé seach sna cineálachaí féir seo
Féar speile = an féar atá in araíocht ag speal a bhaint; féar mhóinéir
Níl mórán féar speile agam i mbliana = níl mórán féar móinéir agam
Tá neart féar tirm aige = an féar ó a bhíos sé bainte nó sábháilte; ar a chois a bhíos sé roimhe sin
Níl gionnóid féar tirm de bhláth bliana agam
Caithfidh mé a ndíol th'éis mo dhíchill ó thárla nach bhfuil féar tirm ná farae agam dóibh (beithigh)
An bhfuil féar tirm ag dul a rath anois?
2.
+–
Mara dtogruighe tú a chaitheamh (tuitín), cuir in do phóca é. Is féar tirm duit fhéin é = déanfaidh sé leas duit uair eicínt eile
Mara dtogruighe tú a gceannacht (gamhna) fág do dhiaidh iad. Níl mise dhá dtiomaint ort chor ar bith a dhuine chroí. Is féar tirm dom fhéin iad = tá mé dearfa go ngabhfaidh siad chun sochair dom fhéin amach annseo, nó go ndéanfaidh mé fearasbar bantáiste orra
TUILLEADH (4) ▼
Dar diagaí ní scarfaidh mé leis an móin sin ar chúig phunt an leoraí. Is maith an féar tirm dom fhéin í. Gabhfaidh sí seacht nó hocht do phunt amach annseo san Earrach nuair a theannfas fuacht leo (le lucht éilithe móna) = is maith an éadáil dom fhéin í le coinneál
Is féar tirm do dhuine i gcomhnaí teach. Mara dteastuighe sé uaidh fhéin ní bheidh sé d'uireasa duine le dhul ann. = féadfaidh sé a leigean ar cíos
Cén chiall go gcuimhneóchthá amháin air? Do churach a leigean uait mar sin ar bheagán! Is maith an féar tirm duit fhéin í. Fan go hEarrach nó go dteastuighe leasú uait! Fórfaidh sí annsin. 'Ar ndú ní feamainn scine atá agad
Dar fia ná tabhair an píopa sin uait. Is féar tirm duit fhéin i gcomhnaí é. Má chailleann tú, nó má bhriseann tú an píopa eile sin, cén bhail a bhéas ort? Beidh: do mhéir a bheith in do bhéal agad. Tá píopaí in a n-ór anois
Féar in iontrálacha eile (50+)
+
→
athfhéar
Shílfeá go bhfuil ath-fhéar annseo istigh agad. Diabhal mé má mhaireann dó sin, gur gearr go bhféada tú a spealadh!
TUILLEADH (1) ▼
Is olc é an t-ath-fhéar sin ag gamhna beaga. Tá sé an-cheasúil agus dúineann sé a ngoile
Má chothuíonn sé fearthainneach mar seo, ní thriomóidh aon-fhód móna ná aon-tsop féir. Dhá dtugadh sé seachtain fhéin uaidh, ní bheadh aon-chailleadh air
Bhí sé annsin as comhair do dhá shúl cho follasach le coca féir, agus ní fhaca tú é in a dhiaidh sin
+
→
fothair
Níl féar ná fóthar (fóir freisin) agamsa i mbliana = níl féar ar bith agam (cuirtear "féar" agus "fóthar" i gcuingir mar seo)
TUILLEADH (6) ▼
Tá an talamh cho spalpha i mbliana agus nach mbeidh féar ná fóthar ann mara bhfuil ag Dia. Níor buaileadh aon-deóir bháistí ar an talamh ó Lá Bealtaine
Tá féar agus fóthar aige sin, agus is beag an dochar dhó agus a gcuireann sé de mhúirín agus de leasú air. Thug sé suas le trí thonna amach as an bhfóidín i mbliana
Is furasta dhó féar agus fóthair a bheith aige, agus a bhfuil d'fhairsinge (talúna) aige. Ba bheag a bheadh aige, dhá mbeadh sé cho gann linne
Bíonn féar agus fóthar annsin mar is minleach ar fónamh é, ní hé sin don spíontán bradach atá anuas annseo. An bhfeiceann tú an baile sin thiar. Dheamhan dhá sheamaide istigh ar a fhuaid. Go deimhin ní talamh féir atá ann
Is deacair dhó féar ná fóthair a bheith aige lá agus gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint, nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléaracht, agus ag biorú claidheachaí nuair a bhí aige a ghnatha a dhéanamh
Bíonn féar agus fóthair ar choinnleach choirce an Mhárta, adeir an Chailleach Bhéara. Sin í a raibh a fhios aice é!
→
freagair
Iarr leat a mhic ó! Tuige nach n-iarrfá! Is féar tirm duit fhéin sin. Den tsonas an achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt. Sé an scéal is measa nach bhfuil mé indon a freagairt sílim
+
→
fág
Bíodh sé buíoch do T. faoin bhféar ar chuma ar bith. Más thíos a fuair sé é is thuas a d'fhága sé é = bhain sé nó chrap sé an féar dó, nó chuir sé caoi cheart air
TUILLEADH (2) ▼
D'fhága sé an féar siúd ro-fhada ar sraith agus fuair sé amlú
D'fhága an soilíos mo chuid féir fhéin dreóite
+
→
fáideog
An bhfeiceann tú an changailt atá ar an asal san síol féir! Dar brí an leabhair tharraing sé (cic) orm, nuair a shíl mé a dhul in a éadan! Sin é an diabhlánach! Tá sé mar bheadh cut ann ag cangailt páideóige anois. Beidh scéal agad air a bhithiúnaigh, ar feadh mise maide maith téagarach a fháil!
TUILLEADH (2) ▼
Tá an féar sin frén a chéile faoi fháideógaí fuara = cnuimhe agus cloigne dearga orra. Iad beag agus mór. Bheitheá millte le salachar a níos siad san gcoirce. Is mór an ghráin cuid aca. Ní bhíonn siad i gcuid den choirce chor ar bith. An chruach a níos iad
Nuair a bhain mé a chuid balcaisí den ógánach sin (gasúr) aréir, bhí sé ag snámh le fáideógaí fuara. Bhí siad ag tuitim as a chrioslaigh in a gcuasnógaí, de bhárr a bheith dhá ionnfairt fhéin san bhféar ar feadh an lae inné. Is colúil an rud iad. Ní thaithneóidís liom chor ar bith
+
→
fáinne
Déanann siad fáinne féir thoir ann, agus cuireann siad na gasúir ag troid = cumraíocht fáinne a dhéanamh san talamh le maide nó láighe, agus na gasúir a dhul isteach ann; ní thuigim cén bhaint atá aige le "féar" maran abairt shamhailteach a bhí ann ó thús. Nítear fáinní féir i móinéir agus in iothlainneachaí
TUILLEADH (2) ▼
Déan fáinne féir dóibh go dteighe siad ag caraíocht
Rinne muid fhéin fáinne féir do'n bheirt agus thosuigh siad ag pliunncadh (pleanncadh?) a chéile. Tabhair pliunncadh air! Má sea fhéin, ní raibh goir ná gaobhar ag an mbleitheach mór ar Th.
+
→
fálach
Breathnuigh amach faitíos na fálach thuas. Tá an cneamhaire d'asal sin, agus a cheann síos thar chlaidhe gharraí T. Mh. aige ar feadh an lae. Má theigheann sé in a chuid síol féir siúd, is measa duit é a tharraint ort ná an t-Ábhairseoir
TUILLEADH (1) ▼
Tóigfeamuid an féar le faitíos na fálach thuas. Níl aon-deá-ghothadh ar an spéir sin ó dheas. Níorbh fhiú dhuinn a leigean amach beag ná mór ar scáth an scaláinín sin
→
fánach
Tá ur gcuid féir ag imeacht go fánach annsiúd thíos cheal claidheachaí. Bíonn beithigh an bhaile istigh ann chuile ré solais = go neamh-thairbheach díbh fhéin
→
fán
Ní shásódh rud ar bith anois é ach fán a fheiceál ar a bhfuil san teach sin thíos. Dhá bhfeiceadh sé féar go fragh leis bheadh glionndar air
Tiúrfaidh sé siúd faoi na físeachaí dhuit é má fheiceann sé an féar talltaithe. Mar sin fan amach as.
→
fíóg
Dhá bhfaghainn glac fhíógaí le rópaí a chur ar na cocaí féir sin amuigh! Ba cheart go mbeadh dalladh aca thuas i mbarr an bhaile agadsa
→
cadhail
Níor mhór a bhfuil de chlocha sa ngarrdha sin a phiocadh a's iad a chaidhleadh suas in áit eicínt as a' mbealach, má's linn é 'leigean amach 'un féir imbliadhna. Tá an draoi cloch air.
+
→
ciseach
Tá'n slám féir sin thiar in a chiseach ag na caoirigh. Dheamhan puínnte a' bith nach istigh ann a bhío(nn)s siad.
TUILLEADH (1) ▼
Má fhaghann a' féar sin thíos mórán eile amlú, beidh sé 'na chiseach.
Níl a' féar i gcosamhlacht a bheith an-fhliuch, ach is fánach an chaoi a ndreoghfadh sé 'na dheidh sin fhéin.
Chonnaic mise féar chomh mín chomh séimhidhe, a's gheobhfá istigh sa leath-bhaile seo ar a' bpriobán talmhana sin, a's feacha anois go bhfuil sé 'na chíb ar éigin. Dhéanfadh talamh a' bith an rud céadna, dhá bhfágtaí gan aon-chaoi é.
Má sheasann an aimsear i bhfad in a cotréabachaí mar seo, beidh na daoine in an-chaoi. Ní bheidh fata ná arbhar ná féar ann.
+
→
baile
Crap do chuid féir, maran leat amlughadh a thabhairt dó. Tá'n braon ar ghort a' bhaile.
TUILLEADH (1) ▼
'Tá féar fada a's fásach ingleanntán áluinn i bhfad ó bhaile.; A's cuaichín Ghleanntán Éifinn nar fhéad mé ariamh a mealladh'
+
→
bealach
Is deas a' rud, bólacht, féar maith agus gabhaltas; Cruithneacht a's eorna le gearradh; Min ins a' gcómhra, 'gus teine trathnóna; A's dídean d'fhear bóthar a's bealaigh (Rafteri — Caismirt an Phótaire leis an Ól)
TUILLEADH (2) ▼
Níor leigeadh a shlainte ariamh le fear bóthair ná bealaigh as a' tsráid-bhaile chéadna. An cluithche scaibhtéaraí ba mhó a bhí ar foth ná ar féar, is istigh sa mbaile sin a bhí siad scathamh.
Ní mórán a chuirfeadh sé as do bhealach thú, cupla uair a chluig a thabhairt dom, leis a' bhféar a chuir idtoll a chéile.
+
→
beart
Tá beart luachra, féir, scolb, raithnighe, barrann etc. aige.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan mórán nach ndéanfadh a' bréidín féir sin beart ann fhéin.
Ní thiubhrad sé le rádh, go gclisfeadh sé faoi'n mbeart féir, aindeoin go raibh a sceadamán amuigh aige dhá iomchur.
Chaith sí an lá a' dilleoireacht liom, a's ag iarraidh orm scathamh de lá a thabhairt di leis a' bhféar. Ach 'séard dubhairt mise léithe, nach dtiubhradh aon-duine aon-chongnamh dhom fhéin, dhá mbeidhinn in a chall. Tarraingeadh chuile dhuine a bheart fhéin ar a' saoghal seo.
→
coraice
Ceadh nach bhfuil tú a thabhairt do na beithidhigh sheasca, ach an ghabhailín fhéir sin? Is gearr le dhul orra(b) an teirgéis sin ar choruice dhuibh na bliadhna a's gan soláthar na solamar ar a' talamh.
+
→
crinn
Níl seamaide féir anois ann. Tá sé crínnte síos go grinneal aca(b) = beithidhigh a bheadh i bhféar.
TUILLEADH (1) ▼
Ní mór do'n bhó féar a fhaghail a mbeidh sí indon a teanga a chasadh air, ach tá'n capall indon é a chrinneadh. An áit a gcaillfidhe an bhó mhairfeadh an capall ann, an chaora ar an gcapall a's an ghé ar a' gcaora.