Fíonnach
—Ainmfhocal, Fireann
—Geiniúnach Uathaidh: an fhíonnaigh
—Fuaim: Fíonnach, ach "fiúnnach" a chuala mé ag dream amháin: Súiliobháin Chille Gúla, Chnoc ar Eas Thoir, agus an Spidéil. Bhí sé aca uilig. Ní feasach mé cá bhfuighdís é. Tá siad san tír sin le céad bliain nó tuilleadh. Bhí fuaimeanna eile dhá réir aca: "as ciúnn". Chuala mé ag tuilleadh de mhuinntir Chnoc ar Eas Thoir é sin, ach is dóigh gur ó na Súiliobhánaigh a thóig siad é. Ní ó scoileannaí ná a leithide a tháinig sé.
—
An folt a bhíos ar bheithigh, ar chapaill, ar mhádraí etc. agus ar bhrollach agus ar cholainn duine ach amháin ar a cheann aghaidh agus ar a chloigeann cé go dtiúrfaí fíonnach ar chuislí féasóige ar nós an chlúmhnacháin a bhíos ar ghasúir etc.
+–
Níl ribe fíonnaigh ag fanacht air.
Níl fúinín fíonnaigh ar bhrollach Sheáin
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan liobar foilt ná fíonnaigh a d'fhan air le linn an fhiabhrais
Chuimil an Naomh Pádraig a láimh in aghaidh stuif d'fhíonnach an mhadadh agus sin é an fáth é a bheith (an fíonnach) siar ó shoin = seo é adeirtear
Folt féasóg ná fíonnach níl air anocht. Bhearr sé an fíonnach cho maith le rud ar bith eile. Tá a mhullach cho geal le calóig ru. Lom sé isteach go grinneal é. An fuinín fhéin níor fhága sé air fhéin
Fíonnach in iontrálacha eile (4)
Tá an fíonnach druimneach (dromannach) ar fad sceithte aige anois, agus gan tada caillte aige faoi'n mbolg ná ins na taobhannaí. (asal)
→
déan le
Ba dual athar dó a bheith ar an sceaimhínteacht sin. Ar chuala tú faoi'n oíche ar tháinig an triúr aca anoir ó'n S. agus iad buailte ag duine eicínt. Bhuail aon-fhear amháin an triúr dearbhráthar. Ag teacht aníos in ucht Chnocán na gC. agus fios aca nach raibh duine ar bith ann le aon-tréas a chur orra, sheas siad suas i lár an bhóthair. "'Séard a bhí le déanamh leis adeir T. "cor a chur in a mhuineál." "Agus an fíonnach a bhaint de phlaic a thóna le cic" adeir L. "Agus scian a chur ann idir builg agus barr-easnacha" adeir M." "Agus "summons" a thabhairt air ina dhiaidh sin." Ba dhin (ba shin) iad an triúr "bullies" agad. Is suarach an t-iongnadh go mbeadh mac duine aca ag imeacht as a chranna cumhachta scaithtí
Tá S. seo thíos an-dóigheamhail de'n domhan as an gcliobóig d'inghin sin aige. Ní iarrfaidh sí a dhul amach go deo ag cuartaidheacht! Ní thaobhóchadh sí damhsaí ar bhás an domhain! Maidir le fir, bhí sé cho maith duit fuath-fíonnach a shamhailt léithe le fir! Sin é ráidhte an athar. Ach aire dhuit a Sh! Níl sé seachtain fós ó a chonnaic mise istigh ins an raithneach annsin thiar í le fear! Bíonn ciúin cionntach, adeir siad