Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fíonnach
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: an fhíonnaigh
Fuaim: fíonnach, ach fiúnnach a chuala mé ag dream amháin: Súileabháin Chille Gúla, Chnoc ar Eas Thoir, agus an Spidéil. Bhí sé acu uilig. Ní feasach mé cá bhfaighidís é. Tá siad sa tír sin le céad bliain nó tuilleadh. Bhí fuaimeanna eile dhá réir acu: as ciúnn. Chuala mé ag tuilleadh de mhuintir Chnoc ar Eas Thoir é sin, ach is dóigh gur ó na Súileabhánaigh a thóg siad é. Ní ó scoileannaí ná a leithide a tháinig sé.
an folt a bhíos ar bheithígh, ar chapaill, ar mhadraí srl. agus ar bhrollach agus ar cholainn duine ach amháin ar a cheannaghaidh agus ar a chloigeann cé go dtabharfaí fíonnach ar chuislí féasóige ar nós an chlúmhnacháin a bhíos ar ghasúir srl.
+
Níl ribe fíonnaigh ag fanacht air.
Níl foithnín fíonnaigh ar bhrollach Sheáin
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan liobar foilt ná fíonnaigh a d'fhan air le linn an fhiabhrais
Chuimil an Naomh Pádraig a láimh in aghaidh stuif d'fhíonnach an mhadaidh agus sin é an fáth é a bheith (an fíonnach) siar ó shin seo é adeirtear
Folt féasóg ná fíonnach níl air anocht. Bhearr sé an fíonnach chomh maith le rud ar bith eile. Tá a mhullach chomh geal le calóig ru. Lom sé isteach go grinneall é. An foithnín fhéin níor fhága sé air fhéin

fíonnach in iontrálacha eile (4)

 
Chuaigh sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhá bheith aimsithe ag an madadh rua, agus é ag dhul isteach béal an choinicéir. Bhain sé fíonnach as, ach mar sin fhéin, thug sé a bheanna leis.
 
dlaoi
Sin fíonnach bó — an dlaoi sin. Is furasta a aithinte é
 
Tá an fíonnach droimneach (dromannach) ar fad sceite aige anois agus gan tada caillte aige faoin mbolg ná sna taobhannaí (asal)
 
Ba dual athar dó a bheith ar an sceaimhínteacht sin. Ar chuala tú faoin oíche ar tháinig an triúr acu anoir ón S. agus iad buailte ag duine eicínt. Bhuail aon fhear amháin an triúr dearthár. Ag teacht aníos in ucht Chnocán na gC., agus fios acu nach raibh duine ar bith ann le aon tréas a chur orthu, sheas siad suas i lár an bhóthair. 'Séard a bhí le déanamh leis,' adeir T., 'cor a chur ina mhuineál.' 'Agus an fíonnach a bhaint de phlaic a thóna le cic,' adeir L. 'Agus scian a chur ann idir boilg is barreasnacha,' adeir M. 'Agus summons a thabhairt air ina dhiaidh sin.' Ba in iad an triúr bullies agat. Is suarach an t-ionadh go mbeadh mac duine acu ag imeacht as a chranna cumhachta scaití