Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Iall (barriall)
1.
cineál ruadhóige le bróig, mála, súiste nó eile a cheangal. Iall leathair a fhastuigheas an colpán do'n bhuailteán sa súiste.
2.
a.
míor.
·
Ní fhágfa mé iall bheo ionnad = déanfa mé do lá; déanfa mé aon-lá amháin díot; marbhócha mé amach agus amach thú.
Níl iall bheo ionnam ag an obair = tá mé marbh ag obair; níl ann ach go bhfuil an t-anam ar éigin ionnam le teann oibre.
b.
Iall bheo = buarach bháis, tuiriall tairiall: iall de chraiceann an duine a roistí de, (taréis a churtha) ó ladhaircín go cluais: sailltí an stiall chraicinn seo agus choinnightí í mar bhí buadha grádha, innte, má b'fhíor. Déantaí an cleas seo, i rutaí de'n tír go dtí ceithre fichid bliadhain ó shoin, nó mar sin. (Íochtar Chonamara) (féach Buarach).

Féach freisin

Iall in iontrálacha eile (21)

+
beo 1
Ní fhágfa mé iall bheo ionnad = marbhócha mé amach a's amach thú; giorrócha mé leat; déanfa mé aon-lá amháin díot; déanfa mé do chreach.
TUILLEADH (15) ▼
Mara leige tú de do chuid gnaithí, ní fhágfa mé iall bheo ionnad. Sin é an chaoi a mbeidh sé aghad.
Má tharraingeann tú ort é siúd, dheamhan iall bheo a fhágfas sé ionnad.
Siúd é an droch-éadáil le caidéis a' bith a chuir air. Dheamhan iall bheo a d'fhágfad sé induine, dhá dtugadh sé faoi chor a' bith.
Bhí sé a' gabhailt air, nó nar fhága sé aon-iall bheo ann.
Siúd é nach bhfágfadh aon-iall bheo ionnad, dhá mbeadh a' taghd cheart air. Is measa é na ubhall na h-aithne.
Bhí rún aige gan aon-iall bheo a fhágáil i Seáinín, marach an chaoi ar eirigh le M. T. G. é 'thárrtháil air.
Fhobair ar fhága an máighistir iall a' bith beo indé ann, a's mara bhfágadh fhéin, ní dhéanfad sé leath 'chirt leis. Peaitín ámhuilleach é sin!
Ní fhágfa mé iall beo dhíot, mara ndéana tú comhairle t'athar a's do mháthar.
Faraor ar fhága sé iall a' bith beo ionnad, mara beag a theastuigh uait a dhul isteach in a chrann spíonáin.
Níl aon-iall bheo ionnam leis an ocras = tá mé igcruth an bháis leis an ocras.
Is gearr nach mbeidh iall bheo ionnam, le neart ocrais.
Dheamhan iall bheo ionnam ag a' slaghdán. Tá mé tugtha ceart aige.
Buaileadh an oiread air, a's nar fágadh aon-iall bheo ann. Shíl 'chuile dhuine nach dtiocfadh sé as, a's breagh go dtáinic 'na dheidh sin.
'Má fheicim amuigh aríst choidhchin thú, an tráth seo d'oidhche' adeir a' t-athair léithe, 'ní fhágfa mé iall bheo ionnad'. Brúisc cheart é siúd.
Má fhaghann a' máighistir amach orainn é, ní fhágfa sé iall bheo ionainn. Ach ní bhfuighe, mara n-innsighe aon-duine de na gasúir bheaga dhó é.
 
buail
Beidh mé do do bhualadh chomh uain's gheobhfas mé teas in do chraiceann; beidh mé do do bhualadh, go gcuire mé snaidhm na bpéist ort; beidh mé do do bhualadh, nó nach bhfágfa mé iall-bheo ionnad etc.
 
D'ionnsuigh air a' rúscadh an cheannuidhe (ceannuidhe mála) le buailteán a' tsúiste, ach níor leis a' gceannuidhe ab fhaillighe é mo léan! D'fhastuigh sé an buailteán, as chuir sé cor ann, gur bhris an iall le teann fuinnimh, a's tháinig an buailteán leis. Thug sé pléasc de'n bhuailteán d'fhear a' tighe annsin, a shín é in a staic ar an urlár.
 
fiú
Níl go fiú's an bharr-iall ag gabhail liom
 
fáisc
Ní mór dhuit iall do bhróige a fháisceadh
 
díon 1
Níl díon ar bith ins na láimhíní seo, th'éis cúig déag a thabhairt orra … Tá baoghal air! Dheamhan iall leathair ag gabhail leo. Craiceann gabhair nó rud eicínt atá ionnta. Ní feasach dom go bhfuil sé cho maith sin fhéin