Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
iall, barriall
1.
cineál ruóige le bróig, mála, súiste nó eile a cheangal. Iall leathair a fhostaíos an colpán den bhuailteán sa súiste.
2.
a.
míor.
·
Ní fhágfaidh mé iall bheo ionat — déanfaidh mé do lá; déanfaidh mé aon lá amháin díot; maróidh mé amach is amach thú
Níl iall bheo ionam ag an obair — tá mé marbh ag obair; níl ann ach go bhfuil an t-anam ar éigean ionam le teann oibre
b.
iall bheo: buarach bháis, toiriall tairiall. Iall de chraiceann an duine a roistí de (tar éis a churtha) ó laidhricín go cluais: sailltí an stiall chraicinn seo agus choinnítí í mar bhí bua grá inti, má b'fhíor. Déantaí an cleas seo i rutaí den tír go dtí ceithre fichid bliain ó shin nó mar sin (Íochtar Chonamara, fc. buarach).

Féach freisin

iall in iontrálacha eile (20)

+
beo 1
Ní fhágfaidh mé iall bheo ionat — maróidh mé amach is amach thú; giorróidh mé leat; déanfaidh mé aon lá amháin díot; déanfaidh mé do chreach
TUILLEADH (15) ▼
Mura lige tú de do chuid gnaithí, ní fhágfaidh mé iall bheo ionat. Sin é an chaoi a mbeidh sé agat.
Má tharraingeann tú ort é siúd, dheamhan iall bheo a fhágfas sé ionat.
Siúd é an drochéadáil le caidéis ar bith a chur air. Dheamhan iall bheo a d'fhágfadh sé i nduine dhá dtugadh sé faoi chor ar bith.
Bhí sé ag gabháilt air nó nár fhága sé aon iall bheo ann.
Siúd é nach bhfágfadh aon iall bheo ionat dhá mbeadh an taghd cheart air. Is measa é na úll na haithne.
Bhí rún aige gan aon iall bheo a fhágáil i Seáinín murach an chaoi ar éirigh le M. T. G. é a tharrtháil air.
Fhóbair ar fhága an máistir iall ar bith beo inné ann, agus mura bhfágadh fhéin, ní dhéanfadh sé leath an chirt leis. Peaitín ábhailleach é sin!
Ní fhágfaidh mé iall beo dhíot mura ndéana tú comhairle t'athar agus do mháthar.
Faraor ar fhága sé iall ar bith beo ionat, mura beag a theastaigh uait a dhul isteach ina chrann spíonáin.
Níl aon iall bheo ionam leis an ocras — tá mé i gcruth an bháis leis an ocras
Is gearr nach mbeidh iall bheo ionam le neart ocrais.
Dheamhan iall bheo ionam ag an slaghdán. Tá mé tugtha ceart aige
Buaileadh an oiread air agus nár fágadh aon iall bheo ann. Shíl chuile dhuine nach dtiocfadh sé as, agus breá go dtáinig ina dhiaidh sin.
'Má fheicim amuigh aríst choíchin thú an tráth seo d'oíche,' adeir an t-athair léithe, 'ní fhágfaidh mé iall bheo ionat'. Brúisc cheart é siúd.
Má fhaigheann an máistir amach orainn é, ní fhágfaidh sé iall bheo ionainn. Ach ní bhfaighidh, mura n-insí aon duine de na gasúir bheaga dhó é.
 
buail
Beidh mé do do bhualadh chomhuain is a gheobhas mé teas in do chraiceann; beidh mé do do bhualadh go gcuire mé snaidhm na bpéist ort; beidh mé do do bhualadh nó nach bhfágfaidh mé iall bheo ionat srl.
 
D'ionsaigh air ag rúscadh an cheannaí (ceannaí mála) le buailteán an tsúiste, ach níor leis an gceannaí ab fhaillí é mo léan! D'fhostaigh sé an buailteán agus chuir sé cor ann gur bhris an iall le teann fuinnimh, agus tháinig an buailteán leis. Thug sé pléasc den bhuailteán d'fhear an tí ansin a shín é ina staic ar an urlár.
 
fáisc
Ní mór dhuit iall do bhróige a fháscadh
 
díon 1
Níl díon ar bith sna láimhíní seo, théis cúig déag a thabhairt orthu … Tá baol air! Dheamhan iall leathair ag gabháil leo. Craiceann gabhair nó rud eicínt atá iontu. Ní feasach dom go bhfuil sé chomh maith sin fhéin