Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Iarr
Briathar
a.
+
Níl duine ar bith ag iarraidh do chuid gnaithe ort = níl aon-duine ag iarraidh ort an obair nó an saothar nó an ámhuilleacht sin a dhéanamh. B'fhearr le chuile dhuine nach ndéanfá iad. (Cialluigheann "gnaithe" sa gcás seo agus in a ionshamhail de chásanna — saothar gan maith, saothar nach dtiocfa aon-tairbhe de bharr a dhéanta; saothar ámhuilleachta agus contráilteachta — féach luach i.e. tiubharfa mé luach do ghnaithe dhuit)
Gnaithe gan iarraidh iad sin = obair nó ámhuilleacht nach n-iarrfaidhe ar dhuine a dhéanamh, agus a mb'fhearr gan a dhéanamh iad, cuirim igcás rudaí a dhéanas páistí agus aos óg go minic gan iarraidh gan athchuinge.
TUILLEADH (1) ▼
Ní minic gnaithe gan iarraidh buidheach (sean-fhocal)
+
Tháinig sé chuig an mbainis gan cuireadh, gan iarraidh — níor h-iarradh é chor ar bith
Bhuail sé isteach chugainn gan cuireadh gan iarraidh
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhfuair sé cuireadh ná iarraidh
+
Rinne sé fhéin é gan iarraidh gan athchuinghe = gan iarraidh air é a dheanamh beag ná mór
Gheobhfa tú an t-airgead uaidh, gan iarraidh ná athchuinghe
TUILLEADH (1) ▼
Ortha a chuir Peadar do Phól; ortha gan iarraidh gan athchuinghe (sliocht as Ortha na nDoightheachaí Fiacal)
·
Uisge tobair gan iarraidh = thiocfá treasna ar thobar nó ar uisge ingáig leice nó cloiche, gan cuimhne ar bith: sin uisge tobair gan iarraidh. Sé'n leigheas é a bhí ag na sean-daoine ar fhaithniúchaí.
Cuir uisge tobair gan iarraidh air
+
Ní maith ó maoidhtear ná eineach ó iarrtar (sean-fhocal) = má bhíonn duine ag déanamh gaisge as gar a dhéanamh, baineann sé an mhaith as, agus má bhíonn ar dhuine rud a iarraidh {{(biadh, lóistín, airgead agus rl.), ní eineach nó gnaoidheamhlacht é má fhaghann sé toradh ar a iarraidh fhéin.
Mura n-iarra tú, ní bhfuighe (sean-fhocal) = ní minic fear náireach éadáileach
TUILLEADH (2) ▼
Bíonn sé igcomhnuidhe ag iarraidh = duine a bhíos ag iarraidh ruda igcomhnuidhe ar na comhursanaí; iasacht nó a mhacsamhail.
Seán: Ar iarr tú an leabhar air; Seumas: Iarraidh dom, ach ní fághail = d'iarr mé ach ní bhfuair mé.
·
Chuaidh sé ag iarraidh mná = gnás a dhul go dtí teach go bhfeicfeadh sé a bpósfadh, bean áithrid é.
Tá sé ag iarraidh ban thar a chéile = go leor acu.
+
Tá sé ag iarraidh a choduch = bochtán ag dul thart ag iarraidh déirce ó theach go teach.
Fear a bhí ag iarraidh a chodach indé, tháinic sé isteach annseo = déirceach.
TUILLEADH (1) ▼
Tá iarraidh a chodach go maith ann; is maith uaidh a chuid a iarraidh = duine a mbeadh teacht i láthair ann, agus nach mbeadh aon-náire air, an rud a theastóchadh uaidh a iarraidh.
+
Níl aon-mhaith san iarraidh, mara bhfuil rud agad duit fhéin = ní gar a bheith ag iarraidh iasachta ar an gcomhursain, mara bhfuil rud agad fhéin
Seán — Ar iarr tú air é?; Tomás: Dheamhan iarraidh, ná cuid d'iarraidh = níor iarr mé é chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Tá'n t-iarraidh ann go maith, ach níl an t-íoc ann = is maith uaidh rud a iarraidh, ach is olc uaidh an t-iasacht a thabhairt ar ais.
·
Ná h-iarr a dhul abhaile anocht = ná bac le na dhul abhaile. Fan mar atá tú.
Pádraic: Léighfe mé an t-amhrán seo dhuit; Seán: Ná h-iarr sin! (ná bac leis.)
b.
·
Ní iarrfadh sí buille oibre a dhéanamh dhá lá a saoghal = ní thiocfadh fonn oibre uirre.
Ní iarrfadh sí go deo, ach in a suidhe fúithe chois na teine = ní thiocfadh fonn eirghe ná oibre uirre.
c.
Í. Ch agus C. Fh.
+
Chuaidh sé ag iarraidh aistir uisce = igcoinne
Chuaidh sé ag iarraidh na mbeithidheach = chuaidh sé go dtí an cimín le na beithidhigh a thabhairt abhaile
TUILLEADH (1) ▼
Teirigh ag iarraidh ualach móna = igcoinne

Féach freisin

Iarr in iontrálacha eile (50+)

 
Ag iarraidh faitiais a chuir orm a bhí sé ach níor chuir sé faitíos ar bith ormsa, ná ní chuirfeadh dá mbeadh sé ag scillige cainte ó shoin
 
feanc
Chaith mé leathuair ag iarraidh é a chorraí, ach chinn orm feanc a bhaint as = cor; filleadh ná feacadh a bhaint as
 
Ní raibh sé m'fhearacht-sa ariamh. Bhí sé indon imeacht. Tá sé de shonndacht annsin a chuid a iarraidh ar aon-nós, caoi nach bhfuil mise. Tá mise an-chuthal
 
feáin
Níl fí ná feáin air ó mhaidin ach ag dul Gaillimh bog te más fíor dó fhéin. Sé an chloch is faide siar ar a pháidrín é muis! Ní chorródh fear agus píce as an gclúid siúd anois é. Tá a chuid Gaillimh ar iarraidh
+
fios
Dhá dtugtaí fios mo shaoil dom, is túisce a thiúrfainn roghain ar an scéal sin a fháil amach. Tá mé ar bís go mbeidh a fhios agam céard a thug ann é, nó an ag iarraidh mná a bhí sé
TUILLEADH (10) ▼
Gabhfaidh mé ag iarraidh fios m'fhortúin = rachaidh mé indiaidh mo chinn romham, go bhfeice mé céard atá ag an saol indán dom; buailfidh mé faoin saol; imeóidh mé go dtí áit eicínt eile ag obair etc. (seoraí sna scéalta é, ach tá sé san gcaint thairis sin)
Imeóidh mé ag iarraidh fios m'fhortúin sílim. Tá mé sách fada annseo anois, agus beagán dhá bharr agam. Tiúrfaidh mé Sasana orm féin
Thug sé an tír soir amach air fhéin ag iarraidh fios a fhortúin. Ach ba ghearr go raibh sé san mbaile aríst agus a leath-sciathán briste
Ní i bhfad anois go ngabhfaidh mise ag iarraidh fios m'fhortúin go Sasana cho maith le duine. Tá siad ag teacht abhaile ar fad as agus spagaí airgid aca
Iarr fios air faoin láighe. Cá ndeacha sí = eolas, tuairisc.
Níor mhaith liom fios a iarraidh ar aonduine faoi rud den tsórt sin, gan an-teanntás a bheith agam air
Ag iarraidh fios fúmsa a bhí sé. Breá nachar innis tú bolg bréaga dhó?
Bhí sé ag iarraidh fios faoin teach nua seo thíos, cé a bhí ann, agu cé 'mba leis é
Más ag iarraidh fios ormsa a bhí sé, tá sé gan fios anois muise. Dheamhan faice a leig mise leis
Bhí sé ag iarraidh fios a bhaint asam faoin gcóta = ag iarraidh chur faoi ndeara dhom innseacht faoin gcóta
 
Ní iarrfadh na daoine fliuchán anois go mbeadh an féar crapha
 
B'fhearr liom iarraidh go mór a fháil ar Sh. Sé an fear fobhairne é atá aige. Níl iadhadh air ach ag maoidheachtáil leis. Is maith glan a choinneós sé fhéin as chuile thromásc, pé aca sin é
+
focal
Ag iarraidh a bheith ag gabhail an fhocail a bhí sé an uair sin. Bhrath sé nachar thaithnigh sé linne gur dhúirt sé gur thug na deirbhshiúrachaí a raibh d'éadach san teach leo, tharéis na sochraide. Chuir sé luighe eicínt eile air in athuair. Sea a mhaisce! Len a níochán, agus ní len a choinneál a thug siad leó é. Nach tráthúil! Breá nachar nigh siad é san áit a raibh sé?
TUILLEADH (2) ▼
M'anam gur beag nach ndeachaidh an sciorradh focail daor air. Ní fuláir do dhuine greim maith a bheith ar a theanga i gcúirt aige. Bíonn siad ag iarraidh breith ar theanga ort
Níl aon-ghnatha ag aon-dhuine an bhean sin a iarraidh. Tá sí i bhfocal cheana = tá sí le pósadh le fear áirid
 
Thiomáil muid an dá chaora aniar romhainn, agus muid ag stríocáil na maidí ar an mbóthar le neart lagair. Ag teacht aniar ag tí Ph. Ph. ní raibh a sheasamh againn ní b'fhuide. "Gabhfaidh mise isteach annseo ag iarraidh cannda aráin", adeir S. Ní raibh mise indon a dhul isteach ann. Bhí tuitim feóir ionam leis an ocras.
 
Ní féidir gurb shin fothram gaoithe san doras iata. Feamainn dearg! Nar ba slán ceóil dhuit anois mar ghaoith! Ní iarrfadh muid aon-fheamainn dearg go ceánn seachtain eile
+
Sin an-údar asail. Níl agad ach a chur faoin gcarr agus tosóidh air ag pramsáil ar an toirt ag iarraidh bóthar a thabhairt dó.
TUILLEADH (1) ▼
Ní iarrfadh sí aon-bhuille maitheasa a dhéanamh go héag ach cead framsáil a fháil ar bhóithrí
+
Iarr leat a mhic ó! Tuige nach n-iarrfá! Is féar tirm duit fhéin sin. Den tsonas an achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt. Sé an scéal is measa nach bhfuil mé indon a freagairt sílim
TUILLEADH (1) ▼
Ach meastú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirghe anois. Foirghe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleóireacht ort. Agus iad cho spleách cho anshóiteach! Sea agus cuid aca beathaithe bláfar! 'Ar ndó is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thiúrfadh áird orra siúd, gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
+
Cáid ag dul chuig an gcoláiste sin anois é? … Seacht nó hocht de bhlianta. Agus gan aon-chosúlacht air críoch ar bith a bheith air fós! Eiríodh sé as agus iarradh sé an "dole". Ba é ba samhaoiní dhó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt.
TUILLEADH (1) ▼
Chaith mé an lá ag tuineadh leis ag iarraidh é a thabhairt ann, ach ní abródh sé drúcht ná báisteach. Teirigh tusa in a éadan anois má thograíonn tú, ach mo chomhairle duit leigean dó ar fad. Is bocht an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
+
Ní iarrfadh sé go deó ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leór, ach caitheann sé a shaol ag cipiléaracht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leó. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shoin, agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann, agus nach raibh an oiread áite fágha aige ann san deireadh agus go suíofadh sé síos! B'éigin dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais!
TUILLEADH (1) ▼
Ní thaithníonn an bhean chéanna chor ar bith liom. Is fruigisí í ar fad. Ní fhéadfadh sí a iarraidh ort suí isteach ag cupán tae, gan biodáin a dhéanamh faoi. Diabhal a leithide de chaoi!
 
Thosaigh sé ag fuiléimneach ar fud an tí, le teann taighd. Is uaidh a theastódh an iarraidh!
 
Sé an droch-phósadh a d'fhága ag iarraidh a chudach é
 
Ní fhágfadh sé fear san teach gan bualadh marach gur tugadh iarraidh mhaide dó
+
fág
Níor fhága sé an tír. Tá sé san teach in áit eicínt = rud a bheithí a thóraíocht agus é ar iarraidh
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh sé isteach san mbeainc ag iarraidh airgid, adeir tú. Sin é a fhágas bocht é = cruthaíonn sin go bhfuil sé bocht
+
Bhíodh sé ag glaomaireacht agus ag gearradh fáinní soir annseo ag iarraidh achrainn, ach fuair sé lán a chruite dhó (dhe) faoi dheireadh
TUILLEADH (1) ▼
Ara a dheárthair mo chroí thú, dhá bhfeictheá é! Ag gearradh fáinní agus dhá shníomh fhéin, agus ag iarraidh fear ar bith dhá raibh ann amach ar "fair play". Ara ag magadh faoi a bhí muid
 
Gabhfaidh mé ag iarraidh na hola (lampa) amáireach faitíos na fálach. Mara mbeidh t'ainm istigh agad Dé Céadaoin, dheamhan sdriog a gheobhas tú = ar fhaitíos go dtárlódh tada idir sin agus an Chéadaoin nach mbeadh sé indon a dhul chuig an mbeairic len a ainm a chlárú
+
Tá sé fánach aige a bheith ag iarraidh a dhéanamh = is saothar in aisce dhó é, a bheith ag iarraidh a dhéanamh; ní eireóidh leis
TUILLEADH (1) ▼
Siúd áit nach bhfuil ag duine ar bith a dhul nó go gcinne air. Shílfeá gur cac agus salachar duine aca faoi rádh's go ngabhfaidh sé ag iarraidh na cupla scillingín "dole" sin orra … Ionntóidh cléireach anall chugad go fánach, agus an tsíorraíocht caithe agad ag fanacht. "'Ar ndú' ní ag iarraidh "dole" atá fear luath láidir mar thusa" adéarfas sé de ghlan-Bhéarla … Go bhfoire Dia ort fhéin agus ar do "bhail ó Dhia"! Níl "aon-bhail ó Dhia" annsiúd
 
fánaí 1
Cá bhfuighinn fear fánaí anois. Tá an saol sin imithe. Dheamhan fear fánaí a thiocfadh leat anois agus iarr ar son Dé é
 
fán
Fán fada go raibh air, mara fada ó bhaile a chuaigh sé ag iarraidh mná!
 
Breá nach n-ólann tú anois é. Tá tú ag leigean uisce isteach. Feacha dhá dheoch annsin ag fuiríocht leat. Ní cheal fíbín a bhí ort dhá iarraidh
 
fíóg
Tá na híochtair annsiúd faoi fhíógaí móra millteacha. An té atá ag iarraidh broibh is ann atá aige a dhul
 
fóir
Ní fear é le fóirínt a iarraidh air = cabhair airgid etc.
 
An bhfaca tú aonduine cho mór-fhoclach léithe ó a rugadh thú? "Cailleadh sé bhudóig bhreá ar Sheán anuiridh le ceathrú ghorm". Cén uair a bhí sé bhudóig ag Seán? Fear atá ag iarraidh a chodach, nó indáil leis. Nach simplí a cheapas sí na daoine a bheith?
 
Níl mé ag iarraidh do chuid cabaireachta beag ná mór. Marar mian leat a' méid sin de shoighleas a dhéanamh dhom, ná bac leis. Déanfa mé cúis mhaith de t'uireasbha.
 
Tá caidhfte mná aige, nach n-iarrfadh aon-bhuille maitheasa a dheanamh dhá lá a saoghail, a's faghadh sí duine a choinneochadh comhrádh léithe.
 
Deir siad gurb é S. Bh. ba chionntach léithe sin. Fuair sé caidéis di, gan aon-'bhail ó Dhia', a chuir uirre. Badh é ráidhte 'chuile dhuine go raibh droch-shúil aige. Pé acu sin é, dheamhan deoir bhainne sláinte a d'ól sí ó'n lá a bhfuair sé caidéis di. Bhí a máthair a's a muinntir a' strócántacht le na fear, ag iarraidh air a dhul go dtí S. B. a's é 'thabhairt 'un láithreach, go gcuireadh sé 'bail ó Dhia fliuch' uirre.
 
Nach mór an cam srón birín orm go gcaithfe mé a dhul faoi dhó sa ló chuig an 'bpump', ag iarraidh bairillí uisce, a's neart uisce ar mo chuid talmhana fhéin, ach nach leagfaidís (na beithidhigh) smut air ingeall ar a' gcaile mhineoig. Ach is beag a' locht a bheidheas acu air, ar ball, nuair a theang(mh)óchas an tart tuille leobhtha.