iarr
—briathar
—
a.
            
+–
Níl duine ar bith ag iarraidh do chuid gnaithe ort — níl aon duine ag iarraidh ort an obair nó an saothar nó an ábhailleacht sin a dhéanamh.  B'fhearr le chuile dhuine nach ndéanfá iad.  (Ciallaíonn "gnaithe" sa gcás seo agus ina inshamhail de chásanna — saothar gan maith, saothar nach dtiocfaidh aon tairbhe de bharr a dhéanta; saothar ábhailleachta agus contráilteachta — fc. luach .i. tabharfaidh mé luach do ghnaithe dhuit)
Gnaithe gan iarraidh iad sin — obair nó ábhailleacht nach n-iarrfaí ar dhuine a dhéanamh agus a mb'fhearr gan a dhéanamh iad, cuirim i gcás rudaí a dhéanas páistí agus aos óg go minic gan iarraidh gan achainí
        
                                TUILLEADH (1) ▼
                            
Ní minic gnaithe gan iarraidh buíoch (seanfhocal)
+–
Tháinig sé chuig an mbainis gan cuireadh gan iarraidh — níor hiarradh é chor ar bith
Bhuail sé isteach chugainn gan cuireadh gan iarraidh
        
                                TUILLEADH (1) ▼
                            
Ní bhfuair sé cuireadh ná iarraidh
+–
Rinne sé fhéin é gan iarraidh gan achainí — gan iarraidh air é a dhéanamh beag ná mór
Gheobhaidh tú an t-airgead uaidh gan iarraidh ná achainí
        
                                TUILLEADH (1) ▼
                            
"Ortha a chuir Peadar do Phól; ortha gan iarraidh gan achainí" (sliocht as Ortha na nDaitheachaí Fiacal)
·
Uisce tobair gan iarraidh — thiocfá trasna ar thobar nó ar uisce i ngáig leice nó cloiche gan cuimhne ar bith: sin uisce tobair gan iarraidh.  'Sé an leigheas é a bhí ag na seandaoine ar fhaithniúchaí
Cuir uisce tobair gan iarraidh air
+–
Ní maith ó maítear ná eineach ó iarrtar (seanfhocal) — má bhíonn duine ag déanamh gaisce as gar a dhéanamh, baineann sé an mhaith as, agus má bhíonn ar dhuine rud a iarraidh (bia, lóistín, airgead srl.), ní eineach nó gnaíúlacht é má fhaigheann sé toradh ar a iarraidh fhéin
Mura n-iarra tú, ní bhfaighidh (seanfhocal) — ní minic fear náireach éadálach
        
                                TUILLEADH (2) ▼
                            
Bíonn sé i gcónaí ag iarraidh — duine a bhíos ag iarraidh ruda i gcónaí ar na comharsanaí; iasacht nó a mhacasamhail
Seán: Ar iarr tú an leabhar air; Séamas: Iarraidh dom, ach ní fáil — d'iarr mé ach ní bhfuair mé
·
Chuaigh sé ag iarraidh mná — gnás a dhul go dtí teach go bhfeicfeadh sé an bpósfadh bean áirid é
Tá sé ag iarraidh ban thar a chéile — go leor acu
+–
Tá sé ag iarraidh a chodach — bochtán ag dul thart ag iarraidh déirce ó theach go teach
Fear a bhí ag iarraidh a chodach inné, tháinig sé isteach anseo — déirceach
        
                                TUILLEADH (1) ▼
                            
Tá iarraidh a chodach go maith ann; is maith uaidh a chuid a iarraidh — duine a mbeadh teacht i láthair ann agus nach mbeadh aon náire air an rud a theastódh uaidh a iarraidh
+–
Níl aon mhaith san iarraidh mura bhfuil rud agat duit fhéin — ní gar a bheith ag iarraidh iasachta ar an gcomharsain mura bhfuil rud agat fhéin
Seán — Ar iarr tú air é?; Tomás: Dheamhan iarraidh, ná cuid d'iarraidh — níor iarr mé é chor ar bith
        
                                TUILLEADH (1) ▼
                            
Tá an t-iarraidh ann go maith, ach níl an t-íoc ann — is maith uaidh rud a iarraidh ach is olc uaidh an t-iasacht a thabhairt ar ais
·
Ná hiarr a dhul abhaile anocht — ná bac lena dhul abhaile.  Fan mar atá tú
Pádraic: Léifidh mé an t-amhrán seo dhuit; Seán: Ná hiarr sin! (ná bac leis.)
b.
            
·
Ní iarrfadh sí buille oibre a dhéanamh dhá lá a saol — ní thiocfadh fonn oibre uirthi
Ní iarrfadh sí go deo ach ina suí fúithi chois na tine — ní thiocfadh fonn éirí ná oibre uirthi
c.
            
(Íochtar Chonamara agus Cois Fharraige).
+–
    Chuaigh sé ag iarraidh aistir uisce — i gcoinne
Chuaigh sé ag iarraidh na mbeithíoch — chuaigh sé go dtí an cimín le na beithígh a thabhairt abhaile
        
                                TUILLEADH (1) ▼
                            
Téirigh ag iarraidh ualach móna — i gcoinne
iarr in iontrálacha eile (50+)
                    →
                    faitíos 
                  
                  
                    Ag iarraidh faitís a chur orm a bhí sé ach níor chuir sé faitíos ar bith ormsa, ná ní chuirfeadh dá mbeadh sé ag scilligeadh cainte ó shin
                    
                    →
                    feanc 
                  
                  
                    Chaith mé leathuair ag iarraidh é a chorraí ach chinn orm feanc a bhaint as — cor; filleadh ná feacadh a bhaint as
                    
                    →
                    fearacht 
                  
                  
                    Ní raibh sé m'fhearachtsa ariamh.  Bhí sé in ann imeacht.  Tá sé de shonntacht ansin a chuid a iarraidh ar aon nós, caoi nach bhfuil mise.  Tá mise an-chúthail
                    
                    →
                    feáin 
                  
                  
                    Níl fí ná feáin air ó mhaidin ach ag dul Gaillimh bog te más fíor dó fhéin.  'Sé an chloch is faide siar ar a phaidrín é muis!  Ní chorródh fear agus píce as an gclúid siúd anois é.  Tá a chuid Gaillimh ar iarraidh
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
              
                
                    →
                    fios 
                  
                  
                    Dhá dtugtaí fios mo shaoil dom, is túisce a thabharfainn roghain ar an scéal sin a fháil amach.  Tá mé ar bís go mbeidh a fhios agam céard a thug ann é, nó an ag iarraidh mná a bhí sé
                    
                        TUILLEADH (10) ▼
                      
                    
                  
                    Gabhfaidh mé ag iarraidh fios m'fhortúin — rachaidh mé i ndiaidh mo chinn romham, go bhfeice mé céard atá ag an saol i ndán dom; buailfidh mé faoin saol; imeoidh mé go dtí áit eicínt eile ag obair srl. (seoraí sna scéalta é, ach tá sé sa gcaint thairis sin)
                    Imeoidh mé ag iarraidh fios m'fhortúin sílim.  Tá mé sách fada anseo anois agus beagán dhá bharr agam.  Tabharfaidh mé Sasana orm féin
                    Thug sé an tír soir amach air fhéin ag iarraidh fios a fhortúin.  Ach ba ghearr go raibh sé sa mbaile aríst agus a leathsciathán briste
                    Ní i bhfad anois go ngabhfaidh mise ag iarraidh fios m'fhortúin go Sasana chomh maith le duine.  Tá siad ag teacht abhaile ar fad as agus spagaí airgid acu
                    Iarr fios air faoin láí.  Cá ndeachaigh sí — eolas, tuairisc
                    Níor mhaith liom fios a iarraidh ar aon duine faoi rud den tsórt sin, gan an-teanntás a bheith agam air
                    Ag iarraidh fios fúmsa a bhí sé.  Breá nár inis tú bolg bréaga dhó?
                    Bhí sé ag iarraidh fios faoin teach nua seo thíos, cé a bhí ann, agu cé mba leis é
                    Más ag iarraidh fios ormsa a bhí sé, tá sé gan fios anois muise.  Dheamhan faice a lig mise leis
                    Bhí sé ag iarraidh fios a bhaint asam faoin gcóta — ag iarraidh a chur faoi ndeara dhom inseacht faoin gcóta
                    B'fhearr liom iarraidh go mór a fháil ar Sh.  'Sé an fear fobhairne é atá aige.  Níl iamh air ach ag maíochtáil leis.  Is maith glan a choinneos sé fhéin as chuile thromásc, pé acu sin é
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    focal 
                  
                  
                    Ag iarraidh a bheith ag gabháil an fhocail a bhí sé an uair sin.  Bhraith sé nár thaitnigh sé linne gur dhúirt sé gur thug na deirfiúrachaí a raibh d'éadach sa teach leo thar éis na sochraide.  Chuir sé luí eicínt eile air in athuair.  Sea a mhaisce!  Lena níochán, agus ní lena choinneáil a thug siad leo é.  Nach tráthúil!  Breá nár nigh siad é san áit a raibh sé?
                    
                        TUILLEADH (2) ▼
                      
                    
                  
                    M'anam gur beag nach ndeachaigh an sciorradh focail daor air.  Ní foláir do dhuine greim maith a bheith ar a theanga i gcúirt aige.  Bíonn siad ag iarraidh breith ar theanga ort
                    Níl aon ghnaithe ag aon dhuine an bhean sin a iarraidh.  Tá sí i bhfocal cheana — tá sí le pósadh le fear áirid
                    
                    →
                    fothair 
                  
                  
                    Thiomáil muid an dá chaora aniar romhainn agus muid ag stríocáil na maidí ar an mbóthar le neart lagair.  Ag teacht aniar ag tí Ph. Ph. ní raibh a sheasamh againn ní b'fhaide.  'Gabhfaidh mise isteach anseo ag iarraidh canta aráin,' adeir S.  Ní raibh mise in ann a dhul isteach ann.  Bhí titim feoir ionam leis an ocras.
                    
                    →
                    fothram 
                  
                  
                    Ní féidir gurb in fothram gaoithe sa doras iata.  Feamainn dearg!  Nár ba slán ceoil dhuit anois mar ghaoith!  Ní iarrfadh muid aon fheamainn dearg go ceann seachtain eile
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    framsáil 
                  
                  
                    Sin an-údar asail.  Níl agat ach a chur faoin gcarr agus tosóidh air ag pramsáil ar an toirt ag iarraidh bóthar a thabhairt dó.
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Ní iarrfadh sí aon bhuille maitheasa a dhéanamh go héag ach cead framsáil a fháil ar bhóithrí
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    freagair 
                  
                  
                    Iarr leat a mhic ó!  Tuige nach n-iarrfá!  Is féar tirim duit fhéin sin.  Den tsonas an achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt.  'Sé an scéal is measa nach bhfuil mé in ann a freagairt sílim
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Ach meas tú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith?  Tá an baile mór foirgthe anois.  Foirgthe ceart.  Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleoireacht ort.  Agus iad chomh spleách chomh anóiteach!  Sea agus cuid acu beathaithe bláfar!  Ar ndóigh is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt.  M'anam an té a thabharfadh aird orthu siúd gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                  
                    
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                Cáid ag dul chuig an gcoláiste sin anois é?  …  Seacht nó hocht de bhlianta.  Agus gan aon chosúlacht air críoch ar bith a bheith air fós!  Éiríodh sé as agus iarradh sé an dole.  Ba é ba somhaoiní dhó.  Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt.
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Chaith mé an lá ag tuineadh leis ag iarraidh é a thabhairt ann ach ní abródh sé drúcht ná báisteach.  Téirigh tusa ina éadan anois má thograíonn tú, ach mo chomhairle duit ligean dó ar fad. Is bocht an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    froigisí 
                  
                  
                    Ní iarrfadh sé go deo ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin.  Tá sé an-stuama ceart go leor, ach caitheann sé a shaol ag cipiléireacht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leo.  Rinne sé teach nua cupla bliain ó shin agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann agus nach raibh an oiread áite fágtha aige ann sa deireadh agus go suífeadh sé síos!  B'éigean dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Ní thaitníonn an bhean chéanna chor ar bith liom.  Is froigisí í ar fad.  Ní fhéadfadh sí a iarraidh ort suí isteach ag cupán tae gan beadáin a dhéanamh faoi.  Diabhal a leithide de chaoi!
                    Thosaigh sé ag foléimneach ar fud an tí, le teann taighd.  Is uaidh a theastódh an iarraidh!
                    
                    →
                    fág 
                  
                  
                    Chuaigh sé isteach sa mbainc ag iarraidh airgid, adeir tú.  Sin é a fhágas bocht é — cruthaíonn sin go bhfuil sé bocht
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    fáinne 
                  
                  
                    Bhíodh sé ag glaomaireacht agus ag gearradh fáinní soir anseo ag iarraidh achrainn, ach fuair sé lán a chruite dhó (dhe) faoi dheireadh
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Ara a dheartháir mo chroí thú, dhá bhfeictheá é!  Ag gearradh fáinní agus dhá shníomh fhéin, agus ag iarraidh fear ar bith dhá raibh ann amach ar fair play.  Ara ag magadh faoi a bhí muid
                    
                    →
                    fálach 
                  
                  
                    Gabhfaidh mé ag iarraidh na hola (lampa) amárach faitíos na fálach.  Mura mbeidh t'ainm istigh agat Dé Céadaoin, dheamhan striog a gheobhas tú — ar fhaitíos go dtarlódh tada idir sin agus an Chéadaoin nach mbeadh sé in ann a dhul chuig an mbeairic lena ainm a chlárú
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    fánach 
                  
                  
                    Tá sé fánach aige a bheith ag iarraidh a dhéanamh — is saothar in aisce dhó é, a bheith ag iarraidh a dhéanamh; ní éireoidh leis
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Siúd áit nach bhfuil ag duine ar bith a dhul nó go gcinne air.  Shílfeá gur cac agus salachar duine acu faoi rá is go ngabhfaidh sé ag iarraidh na cupla scillingín dole sin orthu …  Iontóidh cléireach anall chugat go fánach, agus an tsíoraíocht caite agat ag fanacht.  'Ar ndóigh ní ag iarraidh dole atá fear luath láidir mar thusa,' adéarfas sé de ghlanBhéarla …  Go bhfóire Dia ort fhéin agus ar do "bhail ó Dhia"!  Níl aon bhail ó Dhia ansiúd
                    
                    →
                    fánaí 1
                  
                  
                    Cá bhfaighinn fear fánaí anois.  Tá an saol sin imithe.  Dheamhan fear fánaí a thiocfadh leat anois agus iarr ar son Dé é
                    
                    →
                    fíbín 
                  
                  
                    Breá nach n-ólann tú anois é.  Tá tú ag ligean uisce isteach.  Féacha dhá dheoch ansin ag fuiríocht leat.  Ní cheal fíbín a bhí ort dhá iarraidh
                    
                    →
                    fíóg 
                  
                  
                    Tá na híochtair ansiúd faoi fhíógaí móra millteacha.  An té atá ag iarraidh broibh is ann atá aige a dhul
                    An bhfaca tú aon duine chomh mórfhoclach léithe ó rugadh thú?  'Cailleadh sé bhodóig bhreá ar Sheán anuraidh le ceathrú ghorm.'  Cén uair a bhí sé bhodóig ag Seán?  Fear atá ag iarraidh a chodach, nó i ndáil leis.  Nach simplí a cheapas sí na daoine a bheith?
                    Níl mé ag iarraidh do chuid cabaireachta beag ná mór.  Murar mian leat an méid sin de shoilíos a dhéanamh dhom, ná bac leis.  Déanfaidh mé cúis mhaith de t'uireasa.
                    
                    →
                    caidhfte 
                  
                  
                    Tá caidhfte mná aige, nach n-iarrfadh aon bhuille maitheasa a dhéanamh dhá lá a saoil, agus faigheadh sí duine a choinneodh comhrá léithe.
                    
                    →
                    caidéis 
                  
                  
                    Deir siad gurb é S. Bh. ba chiontach léithe sin.  Fuair sé caidéis di gan aon bhail ó Dhia a chur uirthi.  Ba é ráite chuile dhuine go raibh drochshúil aige.  Pé acu sin é, dheamhan deoir bhainne sláinte a d'ól sí ón lá a bhfuair sé caidéis di.  Bhí a máthair agus a muintir ag strócántacht lena fear, ag iarraidh air a dhul go dtí S. B. agus é a thabhairt chun láithreach go gcuireadh sé bail ó Dhia fliuch uirthi.
                    Nach mór an cam srón birín orm go gcaithfidh mé a dhul faoi dhó sa ló chuig an bpump ag iarraidh bairillí uisce, agus neart uisce ar mo chuid talúna fhéin ach nach leagfaidís (na beithígh) smut air i ngeall ar an gcailimhineoig.  Ach is beag an locht a bheas acu air ar ball, nuair a theangmhós an tart tuilleadh leofa.
                    
                    →
                    carcair 
                  
                  
                    Bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag iarraidh feanc a bhaint as binn shléibhe le aon fheanc a bhaint as an gcarcair siúd.  Tá sé in aon lota amháin.