Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Iarratas
a.
·
Ní bhfuair mé iarratas ar bith orra (beithidhigh ar aonach); ní bhfuair mé fear a n-iarratais = níor chuir ceannachthóir ar bith caidéis orru, ná níor fhiafruigh díom cé mhéad a bhí mé 'iarraidh orru
Is beag an t-iarratas atá ar mhóin imbliana = éileamh (féach iarraidh)
b.
·
Tá'n t-iarratas ann = bíonn sé d'fhaisean aige a bheith ag iarraidh rudaí ar iasacht.

Féach freisin

iarr

Iarratas in iontrálacha eile (14)

 
Bíonn siad — na J.annaí — ag iarratas i gcomhnaí! Ba shin é a gceird ariamh fhéin. Nuair a bhí mise ar an mbaile sin, bhíodh muid sáraithe aca: gráinnín salainn, braon bláthaí, ioscaidín tae, uibhín chirce … M'anam gurb é atá ag féithiú leo muis. Den sonas a achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt.
 
fág
An t-ól a d'fhága ag iarratas mar sin é
 
fóir
Nach beag an dochar duit náire a bheith ort a theacht ag iarratas ormsa. Ní raibh aon-fhear fóirínte agam fhéin ariamh, ach cead agam a raibh agam a bhaint as allas mo chnámh. D'fhéad tusa an cleas céanna a dhéanamh ach, bhí an iomarca den spreallaireacht ag siúl leat
 
beart
Cailleadh bean bhocht inGaillimh an lá faoi dheire, a's d'fhága sí ionann's míle punt 'na diaidh. Meastú cé'n chaoi ar chruinnigh sí é, ach ag iarratas ar dhaoine, 'léar (de réir) mar gheobhadh sí leithphighinn a's pighinn uatha(b). Shílfeá gur fada go ndéanfadh leithphighinneachaí a's pighneachaí míle punt ach 'tomsuigheann brobh beart' in a dheidh sin.
 
bocht 1
Níl sa mbéal bocht sin, ach imeartas, ar fhaitchios, a mbeithí ag iarratas tada uirre.
 
B'éigin dom a theacht anuas 'san iarratas, ní raibh baoghal orm dhá phunt déag 'fhaghail.
 
Ní theagann iabh orra ach ag dilleoireacht liom ó mhaidin go faoithin — ag iarratas, ag iarratas — ag iarraidh airgead a bhaint as na scairteachaí agam. Ach cidh Dia muise gur deacair dhomsa airgead a bheith agam le síneadh aca (chuca) agus gan slí ó neamh agam ach ag faire ar an scillingín ghágach "dole" sin
 
Tá na gasúir se'aghainne an-diomallach le leabhra. Dheamhan seachtain 'san aer nach ag iarratas atá siad. B'éigin dom luach "table book" a thabhairt do Sh. indé, agus fuair sé an ceann ceanann céadna tá coicís ó shoin, ach go bhfuil sí stróicthe ó chéile aige, an ruifíneach bradach
 
dligh
Dá mbeadh sí gan a dhligheachtáil duinn chor ar bith, níor cheart di a choinneál. Is mór leis amach as an teach seo ar rug a crúib air, agus níor scar sí leis. Ach dar loma-lán an leabhair ní bhfuighidh sí an méid seo cho réidh sin, dá mba isteach as comhair Sh. F. a thiubharfaí í. Ro-fhada a bhí na daoine ag tabhairt áird ar a cuid iarratais — 'seadh sin
 
Ghreamuigh sé dhó sin a bheith in a dhroch-dhíolaidhe. 'Ar ndú' bhí cáil na máthar i bhfad agus i ngearr. Bhíodh sí i gcomhnuí ag imeacht ag iarratas agus an té a thiubharfadh áird uirre ní dhéanfadh sí aon-díolaidheacht go bráth leis. Bhí sí uair annseo agus cíos ag teacht treasna uirre, agus tháinic sí aníos chugam agus mé ag obair ingarrdha na L. Thug mé chúig phunt di go dtí lá an aonaigh a bhí chugad, má b'fhíor di féin. Bhí airgead an uair sin ann in a shnáthmara le linn an Chogaidh. Tháinig lá an aonaigh agus d'imigh sé ach ní raibh aon-chaint ar mo chúig phunt. Chaith mé an tsíorraidheacht ag tuineadh léithe shul á fuair mé é. Bhí an mhaith bainte as faoi dheireadh, ag fanacht leis
 
Diabhal mé go mb'fhiuntaighe dhó mála na déirce a chur air féin ceart ná a bheith ag imeacht ag iarratas mar sin. Níl nídh dhár dhealbh an ghrian dá chuid féin aige, ach rithte ag an gcomharsa ag "Begéaracht" 'chuile ré soluis
 
díol 2
Rinne sé an oiread iarratais, agus é dhá eiteachtáil is 'chuile áit agus go mbadh díon déirce leis bean ar bith a fháil ins an deireadh, dhá mbadh inghean ceannuidhe "reaigeannaí" féin í. Shílfeá go raibh a dhóthain teacht i láthair ann muis, agus a dhíol bráigill air, le go mbeadh mná ins na cosa in áirde in a dhiaidh. Ach thug siad uiliog fuath dhó hébrí cé'n fáth a bhí leis
 
dóigh 1
Is deas an dóigh do dhuine 'chuile shórt dhá bhfeilfidh dhó a bheith aige fhéin, agus gan a bheith ag iarratas ar 'chuile dhuine eile. An té a bhéas, beidh sé ar deire
 
dúil
Má tá dúil agad i dtobac is dúil gan fáil í. Níl ionga tobac ag gabhail liom. Ag imeacht ag iarratas atá mé féin