Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Im
Ím Con.
substaint bhealuighthe a fhaightear de bharr maistre.
+
Im gan tsalann = im nach saillfidhe. Coinnightear cnapáin dhe le cur mar cheiríní le gortú.
Cuir céirín im gan tsalann leis.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá n-itheá-sa im gan tsalann, ní bheitheá tinn = leagan adeirtear ingreann.

Im in iontrálacha eile (25)

 
'Sé M. tír na gciseadóirí a's na gcaoladóirí. Nach as a thaga(nn)s cléibh, ciseáin, a's cléibhíní ime na tíre. Ach is dhóibh is fusa: nach bhfuil sail ag dul siar in a mbéal ann!
 
'Bhfuil aon-bhealthuidheacht ime agad?
 
beo 1
Shílfeá le bheith 'cainnt mar sin léithe, nach leaghfadh a' t-im in a béal, ach déarfadh a' dream a bhfuil eolus aca(b) uirre, gurb í atá beo, droch-mhúinte.
+
Níl aon-im agam le brúightín a dhéanamh dhuit.
TUILLEADH (1) ▼
Caithfe tú an brúightín a ithe ar aghaidh, d'uireasbha ime.
+
buinne 1
Na h-easnachaí a sáithtear sa talamh idtosach. Annsin cuirtear buinne béil air — h-ocht slata déag. Sin é buinne na h-ocht slata déag. Cuirtear aríst as a chíonn sin h-ocht slata déag eile. Sin é an buinne láir. Slat eile a sháith annsin le taobh 'chuile easna, go gcuirfeá h-ocht slata déag eile ann. Sin iad na slata táis. Tóigtear a' buinne táis leob, a's bíthear dhá bhfígheachán go mbíonn siad caithte. Buinne tónach a chuir air annsin. Nuair a bheadh sin réidh aghad, na slata a bheadh 'sna taobhannaí a leagan anonn a's anall air, a's na slata éadain 'fhigheachán orra(b) sin, go gcuirfeá an tóin air: i gciseoig, séard a chuirfeá buinne in uachtar ar a' gcaiseal leob sin. 'Séard é fígheachán a' chléibh — buinne h-ocht slata déag, fígheachán nó buinne cheithre shlat, fhigheachán dhá shlat. 'Sé fígheachán a' dá shlat, a' figheachán singil — níor mhór cheithre slat l'aghaidh buinne. Buinne cam a chuirtear ar chléibhín ime: árduigheann a' caoladóir taobh de'n chliabh roimh an taobh eile (Cuir síos ar fhigheachán a's ar bhuinní an chléibh, ó chaoladóir — S. Ó. C. é an sliocht réamhráidhte).
TUILLEADH (1) ▼
Níor mhór dhuit a bheith in do chaoladóir mhaith, le cléibhín ime a dheanamh. Is deacair buinne cam an chléibhín ime a thógál.
 
ainm
'Sé a bhfuil d'ainm air, síos faoi na Líbeirtí 'Tom an Ime' (féach "Libeirtí").
 
flaisc
Is corr uair a níos sé é, ach an uair a níos, déanann sé flaisc. 'Ar ndú' an bhainis sin a bhí ar an inín aige, fhobair go gcáillfí daoine ann. Bhí im agus spunógaí ag dul imbéal Bh. sin thoir, agus gan fios arbh imeacht nó a theacht dó, len a raibh caite den bhraon chruadh aige. Síleadh go gcaithfí fios a chur ar an dochtúr
 
Níl slí ná fáltas againn anois, ó stop na cearca (de bhreith uibheacha) agus ó a d'imigh na beithigh amach. Ba mhór an cúnamh scór uibheachaí fhéin, agus mioscán ime corruair
 
imigh
Nach hé an saoghal a d'imthigh ó theigheadh mná le na gcuid cléibhíní ime de shiubhal a gcos síos go Gaillimh.
 
ídigh
Má ídigheann tú an t-im sin uilig indiu, caithfe tú arán t[u]r a ithe go ceann dhá lá.
 
fabht
Shílfeá nach leaghfadh an t-im in a bhéal, ach mo léan géar tá an fabht annsin in a dheidh sin. Bheadh sé ag dul siar in do bhéal, agus ghabhfadh sé suas annsin agus ghoidfeadh sé do chuid móna
 
Tá fairsinge ime anois againn ó a tháinig an samhradh = neart ime; i bhfad níos mó ná a bhí roimhe sin
 
fonsa
Na cléibhíní ime bhíodh fadó ann, bhíodh fonnsa ag án a mbéal. Cheal nach bhfaca tú ariamh iad? Bhíodh caiseal amach ar a mbéal mar a bhíos ar chiseóig. Níl an déanamh sin ar an gcléibhín ime chor ar bith anois
 
fuin
Níl an t-im sin fuinte ceart. An bhfeiceann tú a bhfuil de sprochaillí air?
 
feire
Sin sé anois an obair, feire an lampa sin a thabhairt isteach Gaillimh agus amach aríst slán. Ní mór dó sin aire an leinbh. Tá rud fánach indon a chur as cor. Bean a mbeadh cléibhín ime aice a thiúrfadh léithe ceart é
+
daigh
Bhuail doigh mé isteach im'imliocán agus shíl mé go raibh mé caillte. Céard a bheadh orm ach an tsnaoim (snaidhm) eile sin. Bhain sí trí lá asam. Chuirfeá amach thrí chró snáthaide mé nuair a leig sí dhom
TUILLEADH (1) ▼
Airighim doigh annsin: isteach díreach im'imleacán
+
Cé'n sórt diúrnáil a bhíos mar siúd aice ar an im. Ó a bhíos an mioscán déanta aice, shílfeá go ndéanfadh sin í. Is maith an rud riar. Ach caithfidh sí siúd gnaithí a bheith aice nach mbeidh ag aonduine
TUILLEADH (1) ▼
Ag diúrnadh prindín ime a bhí sí, ar a dhul isteach dom. Go deimhin chásuigh sí nach bhféadfadh sí láimh a chraitheadh liom.
+
(Rópa dlaoiníní = rópa tuighe cáithteach) "rópa a dhlaoidhfeá de bhruibh. Na bruibh a fháil suas annsin isna bárra. Bruibh mhóra láidre: fidheogaí. A dtarraint as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcragadán cupla lá nó go dtriomuighidís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoigheachan annsin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraint anuas de na bruibh. Mara mbeirtheá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh 'sa bhfidheoig mionús. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corr-shúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé cho maith le rópa rúinne (róinne) — rópa ruadh. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhigheachan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghádrachaí maoil asail ag tarraint malaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith in a dheidh sin. Dhá mbeitheá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhigheachan suas in a chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh len a mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíob. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shul a n-oibrighthí iad. Bhruithfeá slata l'aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú annsin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé cho maith leis an rópa dlaoinín bruibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbruibh nó na slat igcluasa an túirne (dlaoinín nó fiadhtaighil an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsad, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solus: dhlaoidhfidís anuas na fidheogaí agus d'fhágaidís stríoc bheag de'n dlaoinín ar an mbrobh, igcruth agus nach dtuitfeadh a mbeadh istigh ann amach in a mhionús. Chuiridís bealadh annsin orra: ola faidhtín nó ola runnaigh, agus a leaghadh ar cham agus a dtumadh ann. Mara bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leaghfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faidhtíní agus runnaigh in a snáth mara annseo an uair sin. Na h-aobha a leaghadh ar an teine, agus nuair a bheadh lochán agad na bruibh a thumadh uiliog ann, nuair a bheidís dlaoithte: an dlaoinín bainte dhíob. A gcrochadh suas ar stálú 'sa simléar nó go mbeidís tirm … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
TUILLEADH (1) ▼
Cé'r ab as a dtáinic an dlaoinín seo 'san im. Chuirfeadh sé col ar dhuine
 
Léan ar a dhranndailín coinín, maran deas uaidh a dhul ag sioscadh bréag. Agus shílfeá nach leaghfadh an t-im in a bhéal! Foighid ort muise go bhfeicidh mise é. Dhá mbadh i láthair an phobail é, dheamhan ball na h-áite a fhágfas sé nó go gcasaidh mé suas leis an smut aige é
 
dubh 2
Ba bhlasta an bheatha a bheadh annsin dhá dteigheadh dubh na fríde d'im thríd. Ach ní bhíonn aon-bhail air d'uireasa an ime.