Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
imigh le
1.
a.
·
D'imthigh leis, mar bhuailfeá ar an gcluais é = go mío-shásta.
D'imthigh leis, gan cur chuige ná uaidh = níor cuireadh aithríd ar bith air, agus aindeoin sin, ghlan leis.
b.
+
Ní imtheocha mé leis an gceird sin go gcinnfe orm = ní racha mé imbun oibre de'n tsórt sin, mara mbí orm é a dhéanamh d'uireasbha oibre ar bith eile.
Ag imtheacht le táilliúracht atá sé anois = 'sí an táilliúracht an obair nó'n tslighe bheatha atá aige, agus bíonn air a bheith ag dul thart.
TUILLEADH (2) ▼
B'fhearr do dhuine a bheith ag imtheacht le ceird ar bith ná leis an gceird sin = b'fhearr dó ceird ar bith eile a bheith aige ná í.
Bheinn imthighthe le obair eicínt mar sin fadó an lá dá mbeadh an t-airgead agam.
2.
+
Bhí sé ag imtheacht leis go dtáinic sé go dtí teach = bhí sé ag siubhal, ag rothuidheacht nó a leithid.
Bíonn siad imthighthe leo(b) chuile oidhche beo ag ceannuidheacht.
TUILLEADH (3) ▼
Imthigheann siad leo(b) chuile Dhomhnach = ag siubhal, ag spaisteoireacht, ag rothuidheacht nó a samhail.
Imthighthe leo(b) atá siad i gcomhnuidhe = imthighthe amach; imthighthe ar cuairt, ag céilidhthe ag báirí nó mar sin.
D'imthigh leis ag bóithreoireacht fadó indiu agus dheamhan amharc a chonnaic muid air ó shoin = chuaidh sé amach ag rothuidheacht nó ag spaisteoireacht, nó ag cur bóthair dhe ar chuma eicín.
3.
teicheadh ó bhaile i gcóir pósta.
+
D'imthigheadar le chéile = fear agus bean, a d'imtheochadh ó'n mbaile lena chéile a phósadh. Thabharfadh an fear an bhean go dtí teach duine muinntrighe nó comhursan leis, agus d'fhágfadh sé annsin í go ceann cupla lá nó seachtmhaine, nó go mbeadh chuile théisglim déanta aige i gcóir an phósta. Ní chuirfeadh muinntir ceachtar acu chucu ná uatha, taithnigheadh an cleamhnas leo nó ná taithnigheadh, ba mhór an gnás sa tír é seo, blianta ó shoin, agus ba mhinic a d'imthigh bean le fear eile agus a bainis dá caitheamh.
B'fhearr duit imtheacht liom — déarfadh fear le bean é de ghrádh grinn.
TUILLEADH (14) ▼
Nuair a bhíos beirt grádhthach le chéile, agus a muinntir in aghaidh an phósta, b'fhearr dóibh imtheacht le chéile.
Imhtheocha mé leat, má eitigheann siad thú — déarfadh bean le fear é, dá mbeadh sé le dhul dhá h-iarraidh ar a muinntir, agus faitchíos air fhéin agus uirre fhéin go n-eiteochaidís fúithe é.
Ní raibh iarraidh ar bith ann. Imtheacht a bhí ann = níor iarr an fear an bhean ar a muinntir chor ar bith: d'imthigheadar le chéile.
Ní fhaca sí aon-lá dhá leas ariamh, ach an lá d'imthigh sí leis = déarfaí é le bean a ndeacha a pósadh go maith di.
Ní fhaca sí aon-lá de'n ádh, ó'n lá d'imthigh sí leis.
Cearc agus coileach a d'imthigh le chéile (sean-amhrán)
Chuir sé a sáith iongantais ar chuid mhaith daoine, an lá a d'imthigh sí leis.
Ó Aonach an Faithche a d'imthigheadar le chéile.
Ní chomhnócha siad go deo go n-imthighe siad le chéile = beirt a bheadh an-ghabhthach le chéile i gcosamhlacht
B'fhuras aithinte go n-imtheochadís le chéile.
Mara dtuga a h-athair cead pósta di, deamhan a cos nach n-imtheocha leis.
Ba mhór an t-iongnadh gur imthigheadar le chéile mar a raibh aon treampán eile orra (treampán = teampán = bacainn)
Nach hé an saoghal a d'imthigh, ó nuair a bhíodh oiread a's fiche cupla imthighthe le chéile ó Aonach Mór na Féile Brighde = is mór a d'athruigh an saoghal ó'n am, a n-imthigheadh suas agus anuas le fiche cupla le chéile ó Aonach na Féile Brighde.
Ag an diabhal go raibh sí — croisim aríst í — mara bhfuil sí imthighthe le fear (seo é an rud adubhairt máthair ar chloisteáil di go raibh a h-inghean imthighthe le fear. Tabhair faoi deara gur le fear adeireas sí cé go raibh aithne mhaith ag an máthair ar an bhfear, agus go raibh fhios aice cé hé fhéin).

imigh le in iontrálacha eile (50+)

 
D'fhan sé le faitíos imeacht
 
Ní bheidh T. fearacht Mh. ag imeacht ag sceidínteacht leis an rud. Déanfaidh sé as láimh é, déanfaidh sin
 
Bhí sé (an gluaisteán) ag imeacht sna feire glínnteachaí. Ní mórán le go raibh sé ag fanacht ar bhóthar ar bith le siúl
 
fios
B'fhuide liom ná fios mo shaoil go n-imíodh sé agus go dteighinn a chodladh (fios mo shaoil = an léas atá indán dom ar an saol; an méid bliain a bhéas mé beó)
 
fleet
"Ó bhí mé cho haerach ar dtús agus gur ghéill mé do do shlí Dhá n-imíodh sé an méid sin san spéir leis an ngaoith Ní phósfainn anois thú dhá dteighinn ar "an bhfleet" Ach bainfidh mé arán as mo shláinte" (As "na Ba Cíara agus Bána")
 
focal
Bhí a fhios agam go maith ar an gcaoi ar las sí suas gur sciorradh uaithe a rinne an focal. Ní thiúrfadh sí deoir fhola le náire. D'imigh an chaint uaithe uaidh sin amach
 
Is cuma leis an mac atá san teach seo é, ach ag imeacht ag pramsáil leis. Dheamhan amharc a fheictear air aon-oíche Dhomhnaigh go mbíonn sé an h-aon a chlog ar maidin, ná an uair sin fhéin scaití
 
Is geall le caora sheachráin nó le réithe fuaidreamh é. Tá sé de gheis air gan an dárna béilí a ithe ar aon-bhord, ná an darna hoíche a chodladh ar aon-leabaidh, ach ag imeacht indiaidh a chinn roimhe mar sin.
+
fág
An té is cumhang (nó "ar cumhang") leis fágadh = an té a shíleas nach bhfuil a dhóthain réitigh aige, imíodh sé; an té a shíleas go bhfuil doicheall roimhe ná fanadh sé mar a dtaithníonn leis
TUILLEADH (1) ▼
D'imigh sé uaim Dé Luain agus d'fhága sé ag obair ar anchaoi mé. Is beag é foghail duine aonraic le coirce atá ag tuitim dhá cheann
 
Níl rud ar bith a bhíos cho fágha leis an duine scaití. Tá beithigh eile indon snámh nó imeacht san aer, nó rud eicínt a mharú, ach dheamhan treóraíocht ar bith san duine
+
fána
Tá bealach na Bó Finne imithe le fánaidh na nÁirde (fc. Bealach)
TUILLEADH (3) ▼
Ní féidir go bhfuil an madadh imithe aríst! Go dtóige an diabhal le fánaidh aille é, gan dochar gan díobháil do na daoine
Tá sé imithe le fánaidh na habhann anois = leis an sruth
"Mo ruainne beag cashmere (seál) a d'imigh le fánaidh; Nach bhfuighidh mé go brách é na tada ar a shon" (as amhrán faoi bhád. De bhord an bháid ar an gcuan a d'imigh an seál ón mbean)
 
Bhí sé fánach agam a bheith ann in imeacht uair an chloig. Ní bheadh ná le bád aeir
 
fánaí 1
Cá bhfuighinn fear fánaí anois. Tá an saol sin imithe. Dheamhan fear fánaí a thiocfadh leat anois agus iarr ar son Dé é
+
fán
Tá sé imithe le fán an tsaoil anois = chun drabhláis; bochtuithe; ar seachrán; gan aon-chrích
TUILLEADH (1) ▼
Is cosúil go bhfuil na gamhna seo imithe le fán = ar iarraidh
 
féar
Imigh anois, agus ná tabhair cead don fhéar fás faoi do chosa go dteighe tú ann, agus go ndeire tú leis a theacht
+
Ní fhaca tú aon-bhó ag imeacht le fíbín ar do bhealach? (Leitir Mealláin)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí fíbín air ag dul soir annseo inné. D'imigh sé ón mbaile ar fad. Rud eicínt adúradh leis
+
fíóg
D'imigh sé as go mór ó a tháinig sé abhaile. Tá sé cho caite leis an bhfíóig anois. Shílfeá gurb éard a thiocfadh sé chuige fhéin. In a leabaidh sin, níor fhan sciolltar ar bith air
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-cheo saille air ach an oiread le fíóig. Tá sé imithe ar an uisce bruite ar fad
 
Is olc é an scamall sin. Níl ann ach an fheoil. Tá ábhar fós inte. Is furasta aithinte é, agus an bhoiric atá uirre. Tá sé thar am aice imeacht. Ní raibh le déanamh agad ach a dhul ag an dochtúr léithe agus gan a bheith dhá buachailleacht níos fuide. Tá sí ag seadú ro-fhada. Nioscóid ar bith nach ndealóidh léithe in imeacht coicís nó trí seachtainí, ní ceart trust ar bith a bheith aisti
 
faon-
Céard a rinne an fíonn-oscal sin san doras. Tá an gath gréine isteach ann. An clár atá imithe as? Duine eicínt a thug "pound" dó. Nach bhfuil a fhios agaibh go bhfuil adhmad an dorais sin cho lag leis an luachair?
 
farae
Ná bac le seascachaí anois, d'fhuireasa neart farae san ngeimhreadh. Fadó leigeadh muid amach ar an sliabh iad agus cead aca beatha a bhaint as a gcrága, agus diabhal dhá shuaite chlaoite dhá mbeidís, go bhfuightheá imeacht orra. Ach dheamhan mórán áirge beart cnámha (beithigh caite) a thabhairt chuig aontaigh anois. Mara mbeidh siad cho sleamhain anois agus go sciorrfá dhíob, níl aon-fhiafraí orra
 
feacht
Bhí an bád ag imeacht san bhfeacht le toiliúna dé = ag imeacht le sruth san bhfarraige; na sruthannaí a bhíos ag imeacht ar uachtar na farraige; ach is ar thonntrachaí a thugtar é go minic: teagann ceann de na bristeachaí móra nó na farabógaí farraige. Bíonn an-airde agus an-toirt inte. B'fhéidir go mbeadh dhá bhréidín farraige nach mbeadh cho mór sin ann annsin nó go dteagadh an chéad cheann eile de na bristeachaí móra. Siad na mion-bhréidíní seo idir an chuid mhóir na feachta. Ní bhíonn sé neamh-chosúil in a n-imeacht leis an sruth. Tugtar scaití freisin ar na bristeachaí móra fhéin é
 
M'anam nach bhfuil aon-chall di sin aon-chataíl a chur inte, go bhfuil a cuid gruaige sách feamainneach cheana aice bail ó Dhia uirre. Ach chreidim nach mór léithe a bheith san bhfaisean ach an oiread le duine. Sin é an chaoi a n-imíonn an t-airgead, 'ar ndú'.
 
Má d'imigh muise, ná raibh Feichín Fóir leis ag imeacht. Ní mórán duine, a chuirfeas a bheannacht leis
 
Teach feidheartha atá ann anois. Dheamhan ní dhár dhealbh an ghrian istigh faoin a chaolachaí. Imithe ag an bpán agus díolta. B'olc an imirce dóibh — ní dhá roinnt leo é! — a dhul isteach ar shlata an bhaile mhóir
 
Tá fionntarnach ag imeacht le gaoith inniu, tá sin
 
B'fhiuntaí go mór duit a dhul isteach ann idir chlár agus chuinneóg agus an bhean a iarraidh (le pósadh) go breá slachtar, ná a bheith ag imeacht i bpoill agus i bpruchógaí, agus dhá hiarraidh ar nós chuma liom
+
fleasc
Dhá mbuailtí do mhéir faoi thubán screabach (scrabach) — tubán a mbeadh scrabannaí ag imeacht dó — agus fleasc a dhul faoin ionga, thiocfadh cor faoi iongan ort. Sin é an uair a shaothróchthá an saol. Bheadh méir bhocht agad. Deirimse leat gur hiomdha oíche a bheitheá ar neamhchodladh aice
TUILLEADH (1) ▼
Cén sórt fleasc atá ort: ag imeacht ag fánaíocht mar sin. Dar fiadh muise, beidh luach do chuid fánaíochta agad ar ball, nuair nach mbeidh fód móna ag gabhail leat, le díol ná le dóghadh
 
Sé an uair a bhí siad ag brath ar imeacht a bhí fear den fhuireann ar iarraidh. Ní raibh sé le fáil i bhfus ná thall
 
fonn
Dhá laghad fonn agus atá air (dhá laghad fonn é) móin a bhaint is fhearr leis é in a dheidh [sin] ná imeacht
 
foras
Níl sé ag déanamh foras ar bith le goirid. Bíonn teas an aithinne ann ag imeacht i gcomhnaí
 
Má tá aon-bhraon fuisce ann nach diabhlaí an fhosaíocht atá orra leis nach roinneann amach é. Beidh lucht na tórra(imhe) imithe ar ball, agus gan duine ar bith len ól
 
Deir tú leis an gcailín a d'imigh uaim. Tá mé in mo bhambairne ceart na laetheanntaí seo. Níorbh fhiú trumpa gan teanga í, agus in a dheidh sin féin b'fhearr ann ná as í. Ní airíthear fascadh na tuime nó go mbaintear í, adeir siad
 
fraigh
Chuaigh sí sna fraghachaí annsin. Bhuail sí síos Gaillimh agus d'imigh sí le máirnéalach, agus níor tháinig leitir ná scuan uaithe uaidh sin suas
 
Is ait an fátallach farraige thú bail ó Dhia ort má d'eirigh leat an méid sin éisc a thabhairt leat as "cur oíche". Dheamhan a mbeadh sé ag tuilleadh in imeacht seachtaine
 
Chaith sé an lá imithe, ach ba bheag é a fhátall ag teacht. Thóruigh sé chuile shiopa siar is 'chuile áit, agus diabhal blas a d'eirigh leis ach deich gcinn (de thuitíní). Dhá mbeinnse cho scrúdha sin dhá bhfuireasa, chítear dhom go n-eireóinn asta ar fad
 
D'imigh sé, agus tháinig sé aríst, agus go deimhin má d'imigh agus má tháinig bhí féirín leis ag teacht! Scearach a bhí air. Thóig an baile uaidh í, agus ba ar ín ar éigin a scar sí leo chor ar bith. Bhí breithiúnas báis ar T. Mh. aice
+
Ní mí-fhonn atá orm a dhul in éindigh lib chor ar bith, ach nach bhfuil aon-duine agam leis an teach a chumhdach, agus mé imithe
TUILLEADH (1) ▼
Níor labhair sé smid i gcaitheamh na hoíche le mí-fhonn imeacht
 
Tháinig cnap annsin ar mo láimh mar a bheadh farcán ann go díreach. B'fhada liom go raibh sé ag imeacht agus chuaidh mé ag priocadh leis …
 
Ar chuala tú ariamh faoin bhfear as an M. a cuireadh Gaillimh leis an mBéarla a thabhairt abhailí … Bhí sé aige nó go dtainig sé cho fada le faslach thíos ar an gC. Mh. Thuit sé san bhfaslach, agus nuair a d'eirigh sé, bhí an Béarla imithe! Bhí an-diomú san M. nuair a thainig sé d'uireasa an Bhéarla. Tá an Béarla thíos san bhfaslach sin fós dá gcartaí é!
 
feoigh
Dar diagaí, is mór a d'imigh na billeogaí de na crainnte le cupla lá. Tá siad feóite ar fad. Sé an stolladh seo atá indon aca
 
fia
Níl aon-eireóig ag gabhail liom nach bhfuil luighe fia orra: ag imeacht ag luighe i neadrachaí agus gan iad ag breith ubh ar bith