imigh le
1.
a.
·
D'imigh leis mar bhuailfeá ar an gcluais é — go míshásta
D'imigh leis gan cur chuige ná uaidh — níor cuireadh aithríd ar bith air agus ainneoin sin, ghlan leis
b.
+–
Ní imeoidh mé leis an gceird sin go gcinnfidh orm — ní rachaidh mé i mbun oibre den tsórt sin mura mbí orm é a dhéanamh d'uireasa oibre ar bith eile
Ag imeacht le táilliúireacht atá sé anois — 'sí an táilliúireacht an obair nó an tslí bheatha atá aige agus bíonn air a bheith ag dul thart
TUILLEADH (2) ▼
B'fhearr do dhuine a bheith ag imeacht le ceird ar bith ná leis an gceird sin — b'fhearr dó ceird ar bith eile a bheith aige ná í
Bheinn imithe le obair eicínt mar sin fadó an lá dá mbeadh an t-airgead agam
2.
+–
Bhí sé ag imeacht leis go dtáinig sé go dtí teach — bhí sé ag siúl, ag rothaíocht nó a leithid
Bíonn siad imithe leob chuile oíche beo ag ceannaíocht
TUILLEADH (3) ▼
Imíonn siad leob chuile Dhomhnach — ag siúl, ag spaisteoireacht, ag rothaíocht nó a samhail
Imithe leob atá siad i gcónaí — imithe amach; imithe ar cuairt, ag céilithe ag báirí nó mar sin
D'imigh leis ag bóithreoireacht fadó inniu agus dheamhan amharc a chonaic muid air ó shin — chuaigh sé amach ag rothaíocht nó ag spaisteoireacht, nó ag cur bóthair dhe ar chuma eicín
3.
teitheadh ó bhaile i gcóir pósta.
+–
D'imíodar le chéile — fear agus bean a d'imeodh ón mbaile lena chéile a phósadh. Thabharfadh an fear an bhean go dtí teach duine muintrigh nó comharsan leis agus d'fhágfadh sé ansin í go ceann cupla lá nó seachtaine nó go mbeadh chuile théisclim déanta aige i gcóir an phósta. Ní chuirfeadh muintir ceachtar acu chucu ná uathu, taitníodh an cleamhnas leo nó ná taitníodh. Ba mhór an gnás sa tír é seo blianta ó shin agus ba mhinic a d'imigh bean le fear eile agus a bainis dá caitheamh
B'fhearr duit imeacht liom — déarfadh fear le bean é de ghrá grinn
TUILLEADH (14) ▼
Nuair a bhíos beirt grách le chéile, agus a muintir in aghaidh an phósta, b'fhearr dóibh imeacht le chéile
Imeoidh mé leat má eitíonn siad thú — déarfadh bean le fear é dá mbeadh sé le dhul dhá hiarraidh ar a muintir agus faitíos air fhéin agus uirthi fhéin go n-eiteoidís fúithi é
Ní raibh iarraidh ar bith ann. Imeacht a bhí ann — níor iarr an fear an bhean ar a muintir chor ar bith: d'imíodar le chéile
Ní fhaca sí aon lá dhá leas ariamh ach an lá d'imigh sí leis — déarfaí é le bean a ndeachaigh a pósadh go maith di
Ní fhaca sí aon lá den ádh, ón lá a d'imigh sí leis.
Cearc agus coileach a d'imigh le chéile (seanamhrán)
Chuir sé a sáith iontais ar chuid mhaith daoine an lá a d'imigh sí leis
Ó Aonach an Faiche a d'imíodar le chéile
Ní chónóidh siad go deo go n-imí siad le chéile — beirt a bheadh an-ghafach le chéile i gcosúlacht
B'fhurasta a aithinte go n-imeoidís le chéile
Mura dtuga a hathair cead pósta di, deamhan a cos nach n-imeoidh leis
Ba mhór an t-ionadh gur imíodar le chéile mura raibh aon treampán eile orthu (treampán = tiompán = bacainn)
Nach é an saol a d'imigh ón uair a bhíodh oiread agus fiche cúpla imithe le chéile ó Aonach Mór na Féile Bríde — is mór a d'athraigh an saol ón am a n-imíodh suas is anuas le fiche cúpla le chéile ó Aonach na Féile Bríde
Ag an diabhal go raibh sí — crosaim aríst í — mura bhfuil sí imithe le fear (seo é an rud adúirt máthair ar chloisteáil di go raibh a hiníon imithe le fear. Tabhair faoi deara gur le fear adeireas sí cé go raibh aithne mhaith ag an máthair ar an bhfear agus go raibh a fhios aici cé hé fhéin)
imigh le in iontrálacha eile (50+)
→
fearacht
Ní bheidh T. fearacht Mh. ag imeacht ag sceidínteacht leis an rud. Déanfaidh sé as láimh é, déanfaidh sin
Bhí sé (an gluaisteán) ag imeacht sna feire glinnteachaí. Ní mórán le go raibh sé ag fanacht ar bhóthar ar bith le siúl
+
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis agus ní imeodh sé uaim chomh saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh ina shiopa, agus déarfadh sé ina dhiaidh sin gurb é atá ag coinneáil leath na ndaoine beo! Nár ba gann measa a bheas sé!
TUILLEADH (1) ▼
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuintir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mura mbeadh sé te nó trom — bhí sé ardaithe leo acu. Is leitheadaí a labhróidís ná duine ar fónamh ina dhiaidh sin
+
→
fios
B'fhaide liom ná fios mo shaoil go n-imíodh sé agus go dtéinn a chodladh — fios mo shaoil — an léas atá i ndán dom ar an saol; an méid bliain a bheas mé beo
TUILLEADH (1) ▼
Is faide leis ná fios a shaoil go n-imí an ceann eile as an teach go dté sé fhéin isteach ann. Chítear dhom gur suarach an mhaise do dhuine a bheith mar sin
→
fleet
"Ó bhí mé chomh haerach ar dtús agus gur ghéill mé do do shlí; Dhá n-imíodh sé an méid sin sa spéir leis an ngaoith; Ní phósfainn anois thú dhá dtéinn ar an bhfleet; Ach bainfidh mé arán as mo shláinte" As Na Ba Ciara agus Bána
→
focal
Bhí a fhios agam go maith ar an gcaoi ar las sí suas gur sciorradh uaithi a rinne an focal. Ní thabharfadh sí deoir fhola le náire. D'imigh an chaint uaithi uaidh sin amach
→
framsáil
Is cuma leis an mac atá sa teach seo é ach ag imeacht ag pramsáil leis. Dheamhan amharc a fheictear air aon oíche Dhomhnaigh go mbíonn sé an haon a chlog ar maidin, ná an uair sin fhéin scaití
Is geall le caora sheachráin nó le reithe fuaidrimh é. Tá sé de gheis air gan an darna béilí a ithe ar aon bhord, ná an darna hoíche a chodladh ar aon leaba, ach ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe mar sin.
→
fág
D'imigh sé uaim Dé Luain agus d'fhága sé ag obair ar anchaoi mé. Is beag é foghail duine aonraic le coirce atá ag titim dhá cheann
→
fágtha
Níl rud ar bith a bhíos chomh fágtha leis an duine scaití. Tá beithígh eile in ann snámh nó imeacht san aer, nó rud eicínt a mharú, ach dheamhan treoraíocht ar bith sa duine
→
fáinne
Ar an dá luath is a raibh an fáinne bán le n-aithneachtáil chor ar bith, d'imigh muid. Níor tháinig sé ina lá orainn nó go raibh muid i nGleann Bh.
+
→
fána
Tá Bealach na Bó Finne imithe le fána na nAirde (fc. bealach)
TUILLEADH (3) ▼
Ní féidir go bhfuil an madadh imithe aríst! Go dtóga an diabhal le fána aille é, gan dochar gan díobháil do na daoine
Tá sé imithe le fána na habhann anois — leis an sruth
'Mo ruainne beag cashmere(seál) a d'imigh le fána; Nach bhfaighidh mé go brách é ná tada ar a shon' — as amhrán faoi bhád. De bhord an bháid ar an gcuan a d'imigh an seál ón mbean
+
→
fánaí 1
Cá bhfaighinn fear fánaí anois. Tá an saol sin imithe. Dheamhan fear fánaí a thiocfadh leat anois agus iarr ar son Dé é
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhfaightheá fear fánaí anois ag spealadóireacht gan dó dhéag sa ló agus a bheathú. Agus is díon déirce le duine a bhfáil mar sin fhéin. Tig leo a rogha rud a dhéanamh. Má thograíonn siad an lá a chaitheamh ina luí, níl aon ghair agat cur chucu ná uathu. Má chuireann imeoidh siad, agus beidh tú gan Murchadh gan Mánas ansin
+
→
fán
Tá sé imithe le fán an tsaoil anois — chun drabhláis; bochtaithe; ar seachrán; gan aon chrích
TUILLEADH (1) ▼
Is cosúil go bhfuil na gamhna seo imithe le fán — ar iarraidh
→
féar
Imigh anois, agus ná tabhair cead don fhéar fás faoi do chosa go dté tú ann agus go ndeire tú leis a theacht
+
→
fíbín
Ní fhaca tú aon bhó ag imeacht le fíbín ar do bhealach? (Leitir Mealláin)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí fíbín air ag dul soir anseo inné. D'imigh sé ón mbaile ar fad. Rud eicínt adúradh leis
+
→
fíóg
D'imigh sé as go mór ó tháinig sé abhaile. Tá sé chomh caite leis an bhfíóig anois. Shílfeá gurb éard a thiocfadh sé chuige fhéin. Ina leaba sin, níor fhan scioltar ar bith air
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon cheo saille air ach an oiread le fíóig. Tá sé imithe ar an uisce bruite ar fad
Fág ansin iad sin. Sin iad na fíóigíní atá ag Deaideo le aghaidh a phíopa. Mearóidh sé muid má fhaigheann sé imithe iad
→
caidéis
Is furasta dhó a bheith imithe as a chranna cumhachta le ábhailleacht agus scabhaitéireacht. Dhá dtagadh sé isteach théis duine a mharú, dheamhan caidéis a chuirfeadh an t-athair ná an mháthair air. 'Sé an chaoi a bhfuil siad ag borradh leis.
Shílfeá go mba chosúil é le fear a bheadh ar a chaomhúint. Dheamhan fonn ar bith a bhí air aon duine a thaobhachtáil agus dhá bhfeiceadh sé aon duine ag teacht, d'imeodh sé as an mbealach. Duine é a tháinig as cathadh eicínt dhá mbeadh an saol ag caint.
→
cóirséad
Cáid ó thosaigh sé ag imeacht ina cheannaí leis an gcóirséad dearg siúd? (Is minic le ceannaí mála a leithide de bhall a bheith air)
+
Bhí sé chomh maith dhuit a dhul agus é a dhéanamh i gcomhfhios le a bheith ag imeacht i ngan fhios mar sin, arae dheamhan mac an éin bheo sa tír nach bhfuil a fhios aige go bhfuil tú ar an gceird.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé chomh maith dhó a dhul agus í a iarraidh i gcomhfhios le bheith ag imeacht i ngan fhios mar sin. Mar dhóigh dhe go bhfuil an oiread de chaomhúint ina muintir sise agus nach n-inseoidh siad don tír é! A mhaisce, sé a bhfuil uathu é!
+
→
cora
D'imigh na cosa uaithi sa gcora agus rinne sí cleas an tradhaill síos san abhainn. Ba gheall le madadh báite í nuair a rinne mé an tarrtháil.
TUILLEADH (1) ▼
Ba mhór an t-ár é mac A. an R. seo thíos ag imeacht ar fud an aonaigh inniu, ag cur cara chainte ar chuile bhoicín, mar dhóigh dhe gur daoine muintreacha dhó iad! Ach théis a bhfuil de ghairéad agus de ghaisce aige, is dona í a léine ach an oiread liom fhéin!
+
→
cuideáin
Beithíoch cuideáin é sin a d'imigh as áit eicínt. Ó tharla nach bhfuil aon choimhthíos ag na beithígh leis, níor mhiste é fhágáil ina mbail go dtagadh duine eicínt ar a thóraíocht.
TUILLEADH (2) ▼
Ní bheadh aon ghé chuideáin in éindí le na géabha s'agaibhse. Airím imithe le seachtain í, agus níl a fhios agam ó ardbhonnaíochaí an chat mara cá ndeachaigh sí, murab é an sionnach a tharlódh leis í.
Théis gur thoir ar an mbaile sin a rugadh agus a tógadh mé, i nDomhnach chreidim go mbeinn cuideáin ann dá gcastaí soir ann anois mé. Chuile dhuine dá raibh ann le mo linnse, tá siad curtha nó imithe.
+
→
baile
Is geall le bligeaird baile móir ag imeacht anois é.
TUILLEADH (1) ▼
Níl tuairisc ná fáisnéis air le na cianta: d'imigh leis go dtí tír eicínt i bhfad ó bhaile.
+
→
bannaí 1
Cén bhannaí atá aici nach 'imeacht' leis an gcailín báire sin a dhéanfadh sé.
TUILLEADH (1) ▼
Mise i mbannaí gur imigh sí léithe, gan cuid muc ná bó a réiteach! Nach uirthi atá an bheith go gcaithfidh sí greadadh léithe chuile Dhomhnach san aer, agus chuile shórt a fhágáil fúmsa le réiteach!
+
→
bealach
Níl duine ar bith ag baint cead an bhealaigh dhíot. Imigh leat, más breá leat é. 'A chomhairle fhéin do mhac Anna, agus ní bhfuair sé ariamh níos measa'.
TUILLEADH (3) ▼
Thug mé deich fichead liom agus fhóbair nach mbeadh díol an bhealaigh agam ina dhiaidh sin. Ní aireofá ag imeacht é. Cáide le dhul puintín gágach agus chomh daor agus atá chuile mhíle ní!
Ní raibh ceannús ceann ar bith air ó d'imigh an t-athair (ó fuair sé bás). Thug an mháthair a bhealach fhéin dó agus tá a shliocht air inniu: tá sé ligthe leis fhéin ar fad.
Ní raibh aon lá ariamh fhéin nach raibh muintir na mbealaí sin ag imeacht as a gcranna cumhachta le leithead.
→
bealaigh
Is beag an toradh a thabharfaidís sin ar an bPápa fhéin agus tagadh sé ag caint leo, arae tá an bhradaíl agus an leiciméireacht chomh bealtaithe isteach iontub anois agus nach scarfaidh sí leob go n-imí an ball dubh den fheadóig.