Imirt
—cártaí agus airgead i gcomhnuidhe agus cártaí agus airgead amháin
—
a.
+–
'Raibh mórán 'san imirt? = imirt airgid. (ní thiubhárfá imreoirí ar dhaoine a bheadh ag imirt airgid, ná cnaipí)
Cá raibh an imirt indiu (airgead)
TUILLEADH (4) ▼
Cé mhéad a bhí idir-chamánuidhthe san imirt? = cé mhéad airgid a bhí in iomlán na ngeall a bhí curtha.
'Raibh imirt mhór ann? — mathshluagh daoine agus geallta troma.
Cé'n teach a mbeidh an imirt anocht (cártaí)
Céard is cor de'n imirt anocht? = cé tá ag gnóthachan; cé mhéad airgid atá ar clár agus rl.
+–
Bhí mé istigh le tús na h-imeartha = nuair a thosuigh an imirt (cártaí nó airgead nó cnaipí etc.)
D'eirigh sé as i lár na h-imeartha = nuair a bhí an imirt in a lár, thug sé suas
TUILLEADH (1) ▼
Bhí suas le punt ar an gclár as deire na h-imeartha: bhí punt idir-chamánuidhe, agus an imirt ag tarraingt ar a deire.
b.
·
Níl aon-chlóic orm fós, ach níl fhios agam céard a dhéanfas mé as deire na h-imeartha = tá mé ceart go leor fós, ach níl fhios agam cé'n chaoi a mbeidh an sgéal agam indeire na cúise; indeire na ngnaithe; faoi dheireadh thiar thall; agus an rud ionann's thart.
c.
·
Bíonn cead cainnte ag fear chaillte na h-imeartha (sean-fhocal) = an té a bhíos síos le rud nó le cúrsaí, níl aon-bhacainn air a bheith ag sgileigeadh leis, ach is ag déanamh a ghearáin le giolla gan truaigh a bhíos sé.
d.
Clár na h-imeartha = an bord ar a n-imrighthear cártaí: an áit a mbíonn cúrsa, margadh nó achrann ar siubhal. (Cé'n cárta a tháinig le clár = cé'n cárta a lomadh, a tugadh, nó a leagadh an chéad uair, nó i dtosach na h-iarrtha seo).
·
Caith anuas annsin ar chlár na h-imeartha é go bhfeiceamuid céard tá ad (agad) = deirtear seo le duine a bheadh ag coinneál suas cártaí mar dhóigh dhe, gur cárta maith é, go mbeadh an chuid eile imrighthe.
+–
Ní fhágfa tú clár na h-imeartha go n-innsighe tú dhomsa, cé'n chainnt a bhí ort fúm an oidhche dheireannach = ní imtheocha tú as ball na h-áite seo agus rl.; ní fhágfa tú an áit a bhfuil tú agus rl.
Bain do shásamh amach anois ó fuair tú ar chlár na h-imeartha é = bain díoghaltas de, ó fuair tú do dheis air; ó thárluigh sé a bheith in áit go bhfuil deis ionnsuighthe air, nó deis chainnte leis.
TUILLEADH (2) ▼
Cuir do chuid cártaí anois ar chlár na h-imeartha = má tá ughdar sáruightheachta agad, nó rud le cur ar do shon fhéin, abair anois é.
Ó casadh ar chlár an h-imeartha thú, caithfe tú cur díot = ó's rud é, go bhfuil [tú] in áit nach féidir leat teicheadh ná "rith maith" a dhéanamh, caithfidh tú cur ar do shon féin, nó innsean cé'n t-ughdar go raibh do phlé le duine nó le cúrsaí áithride.
Féach freisin
→
ainm
Imirt in iontrálacha eile (50+)
→
faitíos
M'anam nach ngabhfaidh mise ag imirt leat. Fagh cearrúch eicínt eile anocht. Th'éis mo shé scilleacha a chailleadh aréir gan ionú ar bith! An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air a mhic ó!
→
cadhail
Chaith mé an oidhche a' breathnú air a' caidhleadh (nó a' cadhladh) suas na bpighneachaí. 'Sé a chrap leis a raibh 'san imirt = bhí sé a' gnothachtáil, a's é a' cur pighneachaí in a gcual i mullach a chéile.
+
→
caidhl
Dheamhan a' féidir go bhfuil an chaidhl sin gnúithte (gnóithte) aghad, ó thosuigh tú ag imirt?
TUILLEADH (2) ▼
Is ghearr le dhul í mar chaidhl, nuair 'athruighea(nn)s an imirt = nuair a thosóchadh an imirt a' dhul in t'aghaidh.
Chaithfeadh sé go raibh imirt láidir ag ceann an bhóthair indiu, a's an chaidhl leath-chorónachaí a chonnaic mé ann.
→
baile
Dhá mbeadh an imirt a' teacht chomh fada liomsa, dar mo choinsias, d'fhanfá sa mbaile le do Rí aríst!
→
beanna
Tá mámh níos fhearr ná'n cíonán agad, má thugann tú do bheanna leat a' babhta seo. Is fada mise 'do dhiaidh, ach tá tú agham sa deire ar chlár na h-imeartha. = duine a' bagairt díoghaltais ar dhuine eile, a raibh sé ag iarraidh deis' a fhaghail air, le fada roimhe sin.
+
→
beart
Dheamhan cinneadh 'bith leis, má's sin é an beart a shíl sé imirt ort.
TUILLEADH (2) ▼
Is maith beachtuighthe n mac é D. ach dheamhan goir a bhí aige in a dheidh sin, imirt ar Sh. Bh., aindeoin nach cheal a shaothruighthe é. Chaith sé an bhliadhain a' cur beart in a shuidhe, len' imirteas ar a's chinn air in a dheidh sin.
Tá sé chomh h-imeartha, chomh h-ealadhanta, le na bhfaca tú ariamh, a's, a's aindeoin sin a's uileag, is beag beart a' bith, nach dteigheann in' aghaidh.
→
crinn
Ní raibh ciall a' bith agaibh a dhul ar chúrsaí, agus sib fhéin a's an bád eile a' creinneadh a chéile. 'Séard a bhí agaibh a dhéanamh an uair sin scód a thabhairt di. Ní raibh baoghal a' bith go gcaithfí thart an seol. Tá bádóireacht mhaith agaibh chois teallaigh, go dteighe sib ar chlár na h-imeartha. Ní fhanann fuis nó fais orraibh annsin.
→
cuntas
Dheamhan cunntas a' bith atá tú indon a choinneál in imirt = ní bheitheá indon an t-airgead ná'n bonn a chomhaireamh.
→
beo 2
Dheamhan oidhche le na bheo aríst, th'éis na h-oidhche sin, a d'fhan sé amuigh ag imirt chártaí, indiaidh an deich a chlog.
Do cheann-fhine ní fhéadfadh a dhul sa mbile buaic ar a' dreám sin, tá siad chomh h-imeartha sin.
+
Sin í an imirt agad, mo chreach! An bhainrioghan a leigean isteach biorach, faoi fhear falamh, a's an bun a' gabhail amach.
TUILLEADH (2) ▼
Ní chuirfinn ag imirt chnaipí thú! Scaoil tú an fear seo thall isteach biorach ag a pháirtidhe, a's 'fhusacht duit an seaichtín salach a bhí aige a bhualadh!
Shíl mé go dtiocfadh an bhainríoghan timcheall biorach, a's bheadh tuitim imeartha agam annsin leis a' gcuileata, arae bhí drámhaisí ar foghnamh agham. In a leaba sin, is amhla a bhánuigh mé mé fhéin, a' gabhail 'san áit nar bhain dhom.
→
bocht 1
Má tá sé falamh fhéin, nach bocht dó sin — fear nar ghnothuigh oiread a's cluithche ó shuidh sé anocht ag clár na h-imeartha.
→
bogán
Shiubhail a' bogán de phóilidhe, atá thíos annsin Tigh an Ch. anall chugainn, a's 'sé dubhairt go beo, droch-mhúinte, nach raibh aon-chead againn a bheith ag imirt ar a' mbóthar.
+
→
briotais
Tá briotais eicínt aige, le na cártaí, go bhfuil buadh imeartha aige i gcomhnuidhe.
TUILLEADH (1) ▼
Tá briotais eicínt aige leis an imirt, go ngnothuigheann sé ar chuile dhuine.
+
→
aer
Bhíodh togha imirt annsin, muis, nó gur caitheadh in aer í.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-oidhche san aer, nach ndéanann siad geábh imeartha.
Chuala mé go raibh sé in a bhruighshléacht aige annseo thíos aréir, i ngeall ar imirt. Bhí sé 'déanamh amach go raibh daoine a' déanamh comharthaí dhá chéile ag a' gclár.
→
buail ar
Ba h-imeartha an mac é, má b'fhíor dhó fhéin, a's breagh gur buaileadh an agóid air in a dheidh sin
+
→
buail
Tá na h-easconaí sin an-imeartha, an-bheachtuighthe go deo. Íosfa siad an baoite, a's dheamhan a mbuailfe siad a' dubhán in a dheidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí bualadh na bainríoghna agam, ach scaoil mé léithe, a' faireadh ar thuitim imeartha.
→
aire
Dhá mbeadh confairteacha nimhe, is 'chaon cheann di, a' tabhairt aire dhi, tá cuid de na daoine chomh h-imeartha agus go ngoidfidís í, 'na dheidh sin
+
Bainfe an imirt chéadna cabaireacht amach as a dheire.
TUILLEADH (1) ▼
Bhain muid tamall amach ag imirt, idtús oidhche.
→
anuas
Leag sé anuas paca cárta, agus d'ionnsuigh orainn ag imirt, go raibh sí ionann's 'na lá gheal.
Is mór an fhosaíocht a bhí agad léithe, nachar chuir isteach faoi Sh. í agus bheadh tuitim imearha agad aríst. Ní chuirfinn ag imirt chnaipí thú = imreoir a choinnigh an t-aonahairt ro-fhada in a ghlaic
+
→
imeartha
Tá sé an-imeartha = glic, críonna, indon doibeart a dheanamh; indon a bheart a tharraingt.
TUILLEADH (5) ▼
'Sé is imeartha dá bhfuil sa tír.
Ní imeartha go dtí é, a mhic ó, mo chroidhe.
Bheadh ciall imeartha, ach níl a leithide faoi'n mbogha gréine indiu = ní hé an oiread sin iongantais amach a's amach a chuirfeá induine glic, ach tá sé thar a bheith glic: níl righeachan ar bith le na cuid glicis. (feach "ciall")
Tá'n sionnach sáthach imeartha, ach beirtear air sa deire (cineál leath-fhocail)
Nach h-imeartha an mhaise dhó é = tá sé an-ghlic!
+
→
imir
Bhfuil aon-rath leis ag imirt chártaí?
TUILLEADH (8) ▼
Raibh mórán ag imirt chártaí aréir?
Cé'n sórt imirt a thug tú orra(b)? Scaoil tú mo dhuine isteach biorach agus bhuail tú do pháirtidhe = níor dhrann sé le cártaí duine de'n chomlán a bhí in aghaidh. Scaoil sé thairis é, ach bhuail sé an té a bhí i gcomhar leis fhéin.
Bhí an-chóisir mámhaisí agad, ach níor chuir tú cuma ar bith imeartha orra = bhí go leor mámh agad, ach níor thug tú imirt na muice orra.
Rinne tú droch-imirt annsin. Tuige nar lom tú an cíonán = níor imir tú ceart iad; tuige nar thug tú an cíonán.
A dhiabhail áluinn! Tuige nach mbíonn tú san áirdeall ar an imirt = tuige nach bhfaireann tú na cártaí a tha[gas] le clár
Leig tú do'n imirt a dhul amach = nuair a dhéanfadh duine droch-imirt inganfhios nó i gcuibhfios, agus go dtiocfadh an bun amach, nó go mbuachfadh comlán eile an cluiche.
Is fearr mac le h-imirt ná mac le h-ól (sean-fhocal)
Dar príosta, is leat imirt aríst = nuair a bheadh daoine ag sáruightheacht, agus a thiubharfadh duine do lucht na sáruightheachta gob nó sáithteán maith uaidh, déarfaí sin leis. Deirtear é freisin, nuair a bhíos ionndúirí nó rianóirí ag cur tomhaiseanna agus ceisteanna greamannacha ar a chéile.