Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
imirt
cártaí agus airgead i gcónaí agus cártaí agus airgead amháin
a.
+
An raibh mórán san imirt? — imirt airgid. Ní thabharfá imreoirí ar dhaoine a bheadh ag imirt airgid ná cnaipí
Cá raibh an imirt inniu (airgead)
TUILLEADH (4) ▼
Cé mhéad a bhí idir chamánaí san imirt? — cé mhéad airgid a bhí in iomlán na ngeall a bhí curtha
An raibh imirt mhór ann? — mathshlua daoine agus geallta troma
Cén teach a mbeidh an imirt anocht (cártaí)
Céard is cor don imirt anocht? — cé tá ag gnóthachan; cé mhéad airgid atá ar clár srl.
+
Bhí mé istigh le tús na himeartha — nuair a thosaigh an imirt (cártaí nó airgead nó cnaipí srl.)
D'éirigh sé as i lár na himeartha — nuair a bhí an imirt ina lár, thug sé suas
TUILLEADH (1) ▼
Bhí suas le punt ar an gclár as deireadh na himeartha: bhí punt idir chamánaí agus an imirt ag tarraingt ar a deireadh
b.
·
Níl aon chlóic orm fós, ach níl a fhios agam céard a dhéanfas mé as deireadh na himeartha — tá mé ceart go leor fós, ach níl a fhios agam cén chaoi a mbeidh an scéal agam i ndeireadh na cúise; i ndeireadh na ngnaithe; faoi dheireadh thiar thall; agus an rud ionann is thart
c.
·
Bíonn cead cainte ag fear chaillte na himeartha (seanfhocal) — an té a bhíos síos le rud nó le cúrsaí, níl aon bhacainn air a bheith ag scilligeadh leis, ach is ag déanamh a ghearáin le giolla gan trua a bhíos sé
d.
clár na himeartha: an bord ar a n-imrítear cártaí; an áit a mbíonn cúrsa, margadh, nó achrann ar siúl. Cén cárta a tháinig le clár — cén cárta a lomadh, a tugadh, nó a leagadh an chéad uair, nó i dtosach na hiarrtha seo.
·
Caith anuas ansin ar chlár na himeartha é go bhfeice muid céard atá agat — deirtear seo le duine a bheadh ag coinneáil suas cártaí, mar dhóigh dhe gur cárta maith é, go mbeadh an chuid eile imrithe
+
Ní fhágfaidh tú clár na himeartha go n-insí tú dhomsa cén chaint a bhí ort fúm an oíche dheireanach — ní imeoidh tú as ball na háite seo srl.; ní fhágfaidh tú an áit a bhfuil tú srl.
Bain do shásamh amach anois ó fuair tú ar chlár na himeartha é — bain díoltas de ó fuair tú do dheis air; ó tharlaigh sé a bheith in áit go bhfuil deis ionsaithe air, nó deis chainte leis
TUILLEADH (2) ▼
Cuir do chuid cártaí anois ar chlár na himeartha — má tá údar sáraíochta agat, nó rud le cur ar do shon fhéin, abair anois é
Ó casadh ar chlár an himeartha thú, caithfidh tú cur díot — ós rud é go bhfuil tú in áit nach féidir leat teitheadh ná "rith maith" a dhéanamh, caithfidh tú cur ar do shon féin, nó insin cén t-údar go raibh do phlé le duine nó le cúrsaí áiride

Féach freisin

ainm

imirt in iontrálacha eile (50+)

 
M'anam nach ngabhfaidh mise ag imirt leat. Faigh cearrbhach eicínt eile anocht. Théis mo shé scilleacha a chailleadh aréir gan ionú ar bith! An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air a mhic ó!
 
Tá sé fánach ag aon duine a bheith ag ceapadh go bhfaighidh sé an ceann is fhearr uirthi siúd. Is beag an baol. Tá sí siúd ró-imeartha
 
Chaith mé an oíche ag breathnú air ag caidhleadh (nó ag cadhladh) suas na bpínneachaí. 'Sé a chrap leis a raibh san imirt — bhí sé ag gnóthachtáil, agus é ag cur pínneachaí ina gcual i mullach a chéile.
+
caidhl
Dheamhan an féidir go bhfuil an chaidhl sin gnúite (gnóite) agat ó thosaigh tú ag imirt?
TUILLEADH (2) ▼
Is gearr le dhul í mar chaidhl nuair a athraíonns an imirt — nuair a thosódh an imirt ag dhul in t'aghaidh
Chaithfeadh sé go raibh imirt láidir ag ceann an bhóthair inniu agus an chaidhl leathchorónachaí a chonaic mé ann
 
baile
Dhá mbeadh an imirt ag teacht chomh fada liomsa, dar mo choinsias, d'fhanfá sa mbaile le do rí aríst!
 
beanna
Tá mámh níos fhearr ná an cíonán agat má thugann tú do bheanna leat an babhta seo. Is fada mise i do dhiaidh, ach tá tú agam sa deireadh ar chlár na himeartha — duine ag bagairt díoltais ar dhuine eile a raibh sé ag iarraidh deise a fháil air le fada roimhe sin.
+
beart
Dheamhan cinneadh ar bith leis más sin é an beart a shíl sé a imirt ort.
TUILLEADH (2) ▼
Is maith beachtaithe an mac é D., ach dheamhan gair a bhí aige ina dhiaidh sin imirt ar Sh. Bh., ainneoin nach cheal a shaothraithe é. Chaith sé an bhliain ag cur beart ina shuí le n-imeartas air agus chinn air ina dhiaidh sin.
Tá sé chomh himeartha, chomh healaíonta, lena bhfaca tú ariamh, agus, agus ainneoin sin is uileag, is beag beart ar bith nach dtéann ina aghaidh.
 
crinn
Ní raibh ciall ar bith agaibh a dhul ar chúrsaí, agus sibh fhéin agus an bád eile ag crinneadh a chéile. Séard a bhí agaibh a dhéanamh an uair sin, scód a thabhairt di. Ní raibh baol ar bith go gcaithfí thart an seol. Tá bádóireacht mhaith agaibh chois teallaigh, go dté sibh ar chlár na himeartha. Ní fhanann fuis nó fais oraibh ansin.
 
cuntas
Dheamhan cuntas ar bith atá tú in ann a choinneáil in imirt — ní bheifeá in ann an t-airgead ná an bonn a chomhaireamh.
 
beo 1
Sin í a cheird — ag imirt chártaí — chuile oíche beo.
 
beo 2
Dheamhan oíche lena bheo aríst, théis na hoíche sin, a d'fhan sé amuigh ag imirt chártaí i ndiaidh an deich a chlog.
 
Do cheann fhine ní fhéadfadh a dhul sa mbile buaic ar an dream sin, tá siad chomh himeartha sin.
+
biorach 1
Sin í an imirt agat, mo chreach! An bhanríon a ligean isteach biorach faoi fhear folamh agus an bun ag gabháil amach
TUILLEADH (2) ▼
Ní chuirfinn ag imirt chnaipí thú! Scaoil tú an fear seo thall isteach biorach ag a pháirtí, agus a fhusacht duit an seaichtín salach a bhí aige a bhualadh!
Shíl mé go dtiocfadh an bhanríon timpeall biorach agus bheadh titim imeartha agam ansin leis an gcuileata, arae bhí drámhaisí ar fónamh agam. Ina leaba sin, is amhlaidh a bhánaigh mé mé fhéi, ag gabháil san áit nár bhain dhom.
 
bocht 1
Má tá sé folamh fhéin, nach bocht dó sin — fear nár ghnóthaigh oiread agus cluiche ó shuigh sé anocht ag clár na himeartha.
 
bogán
Shiúil an bogán de phóilí, atá thíos ansin tigh an Ch., anall chugainn agus 'sé dúirt go beo drochmhúinte nach raibh aon chead againn a bheith ag imirt ar an mbóthar.
+
Tá briotais eicínt aige le na cártaí go bhfuil bua imeartha aige i gcónaí.
TUILLEADH (1) ▼
Tá briotais eicínt aige leis an imirt go ngnóthaíonn sé ar chuile dhuine.
+
aer
Bhíodh togha imirt ansin muis, nó gur caitheadh in aer í.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon oíche san aer nach ndéanann siad geábh imeartha.
 
Chuala mé go raibh sé ina bhruithshléacht aige anseo thíos aréir i ngeall ar imirt. Bhí sé ag déanamh amach go raibh daoine ag déanamh comharthaí dhá chéile ag an gclár.
 
Ba himeartha an mac é, má b'fhíor dhó fhéin, agus breá gur buaileadh an agóid air ina dhiaidh sin
+
buail
Tá na heascannaí sin an-imeartha, an-bheachtaithe go deo. Íosfaidh siad an baoite agus dheamhan a mbuailfidh siad an duán ina dhiaidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí bualadh na banríona agam, ach scaoil mé léithe ag faireadh ar thitim imeartha.
 
buille
Tá sé imeartha. Is deas a chuir sé as mo bhuille mé agus mé siúráilte go raibh liom.
 
aire
Dhá mbeadh conairteacha nimhe i chaon cheann di ag tabhairt aire dhi, tá cuid de na daoine chomh himeartha agus go ngoidfidís í ina dhiaidh sin
 
amach
Caitheadh imirt in aer amach is amach.
+
Bainfidh an imirt chéanna cabaireacht amach as a dheireadh.
TUILLEADH (1) ▼
Bhain muid tamall amach ag imirt i dtús oíche.
 
anuas
Leag sé anuas paca cárta agus d'ionsaigh orainn ag imirt go raibh sí ionann is ina lá gheal.
 
Is mór an fhosaíocht a bhí agat léithe nár chuir isteach faoi Sh. í agus bheadh titim imeartha agat aríst. Ní chuirfinn ag imirt chnaipí thú — imreoir a choinnigh an t-aon a hairt rófhada ina ghlaic
+
Tá sé an-imeartha — glic, críonna, in ann dobeart a dhéanamh; in ann a bheart a tharraingt
TUILLEADH (5) ▼
'Sé is imeartha dá bhfuil sa tír
Ní imeartha go dtí é, a mhic ó mo chroí
Bheadh ciall imeartha, ach níl a leithide faoin mbogha gréine inniu — ní hé an oiread sin iontais amach is amach a chuirfeá i nduine glic, ach tá sé thar a bheith glic: níl ríochan ar bith lena cuid glicis. (fc. ciall)
Tá an sionnach sách imeartha, ach beirtear air sa deireadh (cineál leathfhocail)
Nach imeartha an mhaise dhó é — tá sé an-ghlic!
+
imir
An bhfuil aon rath leis ag imirt chártaí?
TUILLEADH (7) ▼
An raibh mórán ag imirt chártaí aréir?
Cén sórt imirt a thug tú orthub? Scaoil tú mo dhuine isteach biorach agus bhuail tú do pháirtí — níor dhrann sé le cártaí duine den chomlán a bhí ina aghaidh. Scaoil sé thairis é, ach bhuail sé an té a bhí i gcomhar leis fhéin
Bhí an-chóisir mámhaisí agat ach níor chuir tú cuma ar bith imeartha orthu — bhí go leor mámh agat ach níor thug tú imirt na muice orthu
A dhiabhail álainn! Tuige nach mbíonn tú san airdeall ar an imirt — tuige nach bhfaireann tú na cártaí a thagas le clár
Lig tú don imirt a dhul amach — nuair a dhéanfadh duine drochimirt i ngan fhios nó i gcomhfhios, agus go dtiocfadh an bun amach nó go mbuachfadh comlán eile an cluiche
Is fearr mac le himirt ná mac le hól (seanfhocal)
Dar príosta, is leat imirt aríst — nuair a bheadh daoine ag sáraíocht agus a thabharfadh duine do lucht na sáraíochta gob nó sáiteán maith uaidh, déarfaí sin leis. Deirtear é freisin nuair a bhíos iondúirí nó rianóirí ag cur tomhaiseanna agus ceisteanna greamannacha ar a chéile