imreoir
—
·
Imreoir maith = duine a bheadh go maith ag imirt chártaí
Cé na h-imreoirí a bhí 'tigh Sheáinín aréir (daoine a bhí ag imirt chártaí)
imreoir in iontrálacha eile (4)
                    →
                    isteach 
                  
                  
                    Is baramhail an t-imreoir thú, 'cuir isteach faoi (le) do pháirtidhe (baramhail = greannmhar).
                    
                    →
                    deachma 
                  
                  
                    Féadfaidh sib an ghrifisc bheag sin soir i mB. L. a thabhairt do'n deachma.  'Ar ndú' ní indon "ball" a bhualadh atá siad sin.  Tá muis.  Bhuailfeadh imreoir maith a bheadh ar an bpáirc ar rugadh ariamh aca.  Is feasach domsa go maith céard é a ngníomh sin.  Nach mbínn ag traoiáil a n-aithreachaí fadó, an uair a bhíodh muid "dallta" annseo thoir.  Bhuailinn a raibh istigh ar thrí bhaile aca; agus mé ar mo chromada.  Is minic a bhuail.  Ach bheadh neart glaodhmaireacht' aca, an uair nach n-aireochaidís aon-fhear maith ann …  Siúd é anois a ndéanfainnse leo — a dtabhairt do'n dul-amú.  Ní fhoghanfaidís do thada eile
                    
                    →
                    dris 
                  
                  
                    Ní raibh mórán call do dhuine a bheith faoi dhris le gnothachtáil annsin anocht.  'Ar ndú' na h-imreoirí a bhí istigh níorbh fhiú cnaipe gan chos iad.  Dheamhan cúig ná cárta a gheobhaidís dá mbeidís ag an gclár go ceann míosa.  Ag caitheamh mámh ar bith a fhaghas siad idtraipisí.  Sin é a ndeis ó a tháinig oíche