imreoir
—
·
Imreoir maith — duine a bheadh go maith ag imirt chártaí
Cé na himreoirí a bhí tigh Sheáinín aréir (daoine a bhí ag imirt chártaí)
imreoir in iontrálacha eile (6)
                    →
                    imir 
                  
                  
                    Imir as do láimh fhéin — déarfaí é nuair a bheadh duine ag cur iomarca cronaí i gcártaí na n-imreoirí eile, agus rómhuiníneach as a pháirtí, agus nach mbeadh sé 'baint a dhóthain leasa as a chuid cártaí féin.
                    
                    →
                    folaigh 
                  
                  
                    Breá nach bhfolaíonn tú fúthu.  Is léir do chuile dhuine cártaí a chéile.  Dhá mbeadh imreoirí géara ann, mar a bhíos in áiteachaí, chuirfí as do roinnt thú ar an toirt.  Ba é a dhéanamh leat é freisin
                    
                    →
                    deachma 
                  
                  
                    Féadfaidh sibh an ghrifisc bheag sin soir i mB. L. a thabhairt don deachma.  Ar ndóigh ní in ann ball a bhualadh atá siad sin.  Tá muis.  Bhuailfeadh imreoir maith a bheadh ar an bpáirc ar rugadh ariamh acu.  Is feasach domsa go maith céard é a ngníomh sin.  Nach mbínn ag traíáil a n-aithreachaí fadó, nuair a bhíodh muid dallta anseo thoir.  Bhuailinn a raibh istigh ar thrí bhaile acu; agus mé ar mo chromada.  Is minic a bhuail.  Ach bheadh neart glaomaireachta acu nuair nach n-aireoidís aon fhear maith ann …  Siúd é anois a ndéanfainnse leo — a dtabhairt don dul amú.  Ní fhónfaidís do thada eile
                    
                    →
                    dris 
                  
                  
                    Ní raibh mórán call do dhuine a bheith faoi dhris le gnóthachtáil ansin anocht.  Ar ndóigh na himreoirí a bhí istigh níorbh fhiú cnaipe gan chos iad.  Dheamhan cúig ná cárta a gheobhaidís dá mbeidís ag an gclár go ceann míosa.  Ag caitheamh mámh ar bith a fhaigheas siad i dtraipisí.  Sin é a ndeis ó tháinig oíche