Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Ionbhearrtha
Íochtar Chonamara
féach bearradh
·
Níl an cailín sin ion-bhearrtha = ní bhfaightheá leat í ar sheol na braiche. B'fhéidir gur t'ionnsuidhe a dhéanfadh sí, nuair a rachthá chun bladaireachta léithe; ní féidir í a thabhairt 'un míneadais. B'fhéidir go mbeadh stainnc nó stuaic eicínt uirre ar láthair na h-uaire, agus níor mhór duit a bheith ar t'áirdeall fhéin, nó d'ídeochadh sí sin ortsa.
Bhí sé ag ól agus ag ragarnaighil aréir, agus ní mó ná ion-bhearrtha atá sé indiu = tá póit, cantal agus colg air, agus is doiligh teangachtáil leis.
·
Ní dream ionbhearrtha iad na sagairt = go h-iondamhail, ní dream tláth iad le dhul chun cainnte leo. Bíonn cantal nó musán eicín ingeall le i gcomhnuidhe orra. (Tá sé i gceist freisin sa leagan cainnte seo, nach bhfaightheá do mhian)