—
·
Níl an cailín sin inbhearrtha — ní bhfaightheá leat í ar sheol na braiche. B'fhéidir gur t'ionsaí a dhéanfadh sí nuair a rachfá chun bladaireachta léithe; ní féidir í a thabhairt chun míneadais. B'fhéidir go mbeadh stainc nó stuaic eicínt uirthi ar láthair na huaire agus níor mhór duit a bheith ar t'airdeall fhéin, nó d'ídeodh sí sin ortsa
Bhí sé ag ól agus ag ragarnaíl aréir, agus ní mó ná inbhearrtha atá sé inniu — tá póit, cantal agus colg air, agus is doiligh teangachtáil leis
·
Ní dream inbhearrtha iad na sagairt — go hiondúil, ní dream tláth iad le dhul chun cainte leo. Bíonn cantal nó mosán eicín i ngeall le i gcónaí orthu. Tá sé i gceist freisin sa leagan cainte seo nach bhfaightheá do mhian