Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Inrásta (ingrásta?)
Íochtar Chonamara (ní cloistear i gCois Fhairrge)
+
Níl sé inrásta tada a rádh leis, mar níl acfuinn grinn ar bith aige = ní féidir tada a rádh leis, nach dtógfadh sé suas; is contabhairt tada a rádh leis.
Níl sé ionrásta ag duine, aghaidh 'thabhairt amach indiu = tá'n lá ro-dhona.
TUILLEADH (1) ▼
Níl sé ionrásta ag duine a chos ar chuir isteach thar an tairsigh aige = d'ionnsóchadh sé thú dá gcuirtheá.

Inrásta in iontrálacha eile (4)

 
cora
Tá carra chloch istigh imbéal na bearna, a's níl sé inrásta ag tada a dhul isteach sa ngarrdha go mbailighthear iad = sprus chloch, caithte in aon-mhangarae amháin gan puínnteáilteacht, gan cruínnteacht.
 
Má dhéanann siad mórán eile cuir amach, ní bheidh siad inrásta iad a chur chor a' bith.
 
Tá mé ag ceapadh nach mbeadh sé inrásta ag duine ar bith comhnaí ar na cnoic fhuar-sceirdeacha sin. Nach shin iad a mullaigh istigh san aer. Diabhal tada a bhíos orra sin ach gabhair
 
Ní raibh sé inrásta aca an bealach a rith meireach an deibhil a tháinig. B'fhada a chaith siad ag maraidheacht anonn agus anall i mbéal na trágha sul má d'fhéad siad a n-aghaidh a thabhairt isteach. Má bhíonn lonnadh ar bith le tír, is olc an bealach í an chuisle sin aníos. Chuaidh sé 'fhoisceacht mbeannuighidh Dia dhúinn muid a chur soir ar an bhfearsaid, agus dhá gcuirtí, bhí ar gcuid bádóireacht ar iarraidh