Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
inrásta
Íochtar Chonamara; ní cloistear i gCois Fharraige
+
Níl sé inrásta tada a rá leis mar níl acmhainn grinn ar bith aige — ní féidir tada a rá leis nach dtógfadh sé suas; is contúirt tada a rá leis
Níl sé inrásta ag duine aghaidh a thabhairt amach inniu — tá an lá ródhona
TUILLEADH (1) ▼
Níl sé inrásta ag duine a chos ar chur isteach thar an tairsigh aige — d'ionsódh sé thú dá gcuirtheá

inrásta in iontrálacha eile (19)

 
Níl garraí ag gabháil leis nach ag baint farasbarr donacht dhá chéile atá. Diabhal mé go bhfuil roinn thalúna ansin thiar aige agus nach mbeadh sé inrásta agat a siúl, tá sí chomh hachrannach sin. Is beag nár bascadh mé an lá faoi dheireadh inti agus mé ag briseadh trasna go dtí an bóithrín thiar.
 
cora
Tá cora chloch istigh i mbéal na bearna agus níl sé inrásta ag tada a dhul isteach sa ngarraí go mbailítear iad — sprus chloch caite in aon mhangarae amháin gan pointeáilteacht, gan cruinnteacht
+
Tá corrthulán ann atá sách crua, ach tá caochphoill ann a mbáfaí bád mór iontub. A cheann fine ní dhéanfaidh aon bhealach choíchin ann a bheas inrásta ag duine ná beithíoch a shiúl.
TUILLEADH (2) ▼
Níl sé inrásta ag an bhfia an bealach sin a shiúl amach sa ngeimhreadh, nuair a bhíonns dubhluachair na bliana ann agus an easca báite.
Níl sé inrásta ag duine an bealach a shiúl chomhuain is a bheas sé siúd sa tír.
 
beo 1
Ní raibh ginealach an bhéil beo ag an scoil inniu cé is moite den mháistir agus den mháistreás. Dheamhan a raibh sé inrásta ag aon ghasúr a theacht ar aon chor lena raibh de shneachta ann.
 
Má dhéanann siad mórán eile cur amach, ní bheidh siad inrásta iad a chur chor ar bith.
 
anam
Níl sé inrásta ag fear na háite seo a dhul siar ansiúd. Bhainfí an t-anam beo beithíoch as thiar ann.
 
ascar
Níl sé inrásta ag tada é a shiúl muran leis a dhul in ascar
 
Tá mé ag ceapadh nach mbeadh sé inrásta ag duine ar bith cónaí ar na cnoic fhuarsceirdeacha sin. Nach in iad a mullaigh istigh san aer. Diabhal tada a bhíos orthu sin ach gabhair
 
dealg
Níl sé inrásta a dhul chuig an teach aige anois chor ar bith le deilgne. Bhioraigh sé an iothlainn le sceacha, agus streachail na gasúir nó an gála anuas aríst iad agus tá an bóithrín druidte leo anois. Níl a fhios agam cén chaoi a seolann siad bó ar bith acu
 
Ní raibh sé inrásta acu an bealach a rith meireach an deibhil a tháinig. B'fhada a chaith siad ag maraíocht anonn is anall i mbéal na trá sul má d'fhéad siad a n-aghaidh a thabhairt isteach. Má bhíonn lonnadh ar bith le tír, is olc an bealach í an chuisle sin aníos. Chuaigh sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhúinn muid a chur soir ar an bhfearsaid, agus dhá gcuirtí, bhí ar gcuid bádóireacht ar iarraidh
 
deis
Sílim leis an deis atá ar an mbealach théis na báistí, nach bhfuil sé inrásta ag asal ar bith ualach móna a thabhairt ann. Ní shiúlfadh an fia na cíocraí bradacha sin scaití
 
Tá an-deabhach go deo ar an mbóthar seo ar a dhonacht. Níl sé inrásta ag duine ná beathach é a shiúl
 
dóigh 1
Sílim go mba mhaith an dóigh do dhuine trí nó ceathair de bhoscaí móna a tharlú anuas chuig an teach a fhad is atá an aimsir seasta mar seo. Ní fheicfidh tú seachtain ó inniu go mbeidh airde sneachta ar an talamh, agus ní bheidh sé inrásta ag tada a dhul 'na phortaigh ansin. Tuairt shneachta a thiocfas as an bhfuaraíocht seo
 
dóigh 3
Ní raibh fata de bhláth bliana sa ngarraí sin againn anuraidh nach raibh dóite ag sioc. Ní raibh sé inrásta aon cheann amháin acu a ithe. Bhí blas orthu as éadan
 
dóirt
Ní cosán do chapall ná d'asal é. Tá an iomarca dóirteadh síos ann, agus é ró-aistreánach. An té atá i gcleithiúnas an chosáin siúd le feamainn a chur as an gcladach, beidh sé ar deireadh. Dar mo choinsias níl sé inrásta ag duine féin a dhul ann — tada leis
 
Dhá n-ársaíodh an lá suas as an dúchan seo, b'fhéidir go mbeadh sé inrásta a dhul 'na phortaigh ar ball, ach níl aon ghotha maith air chor ar bith. Míle buíochas le Dia nach caillte an uair í!
 
Tá sé ag cur sheaca chomh daingean anois agus nach mbeadh sé inrásta ag duine ná ag beithíoch an bóthar a shiúl ar maidin