Lann
1.
logán, roinnt caitheamh le fánaidh imbóthar. Ní bheadh an oiread caitheamh le fánaidh ann a's go dtiubharfaí gleann air.
·
Tá lann sa mbóthar — gleann ar éigin.
2.
basaghil, i gcosa duine: na cosa a bheith crotach.
·
Tá lann i gcosa an mhalraigh sin. (Roimhe seo, is minic a cuirtí buaithrín a' ceangal an dá chos, i riocht a's nach mbeadh aon lann ionnta, nuair a d'eireochadh an malrach suas).
Lann in iontrálacha eile (9)
→
fód
Seachain tú féin le fód an ladhair nó camfaidh tú an sleán leis. Chítear dhom gurb éard a theastódh uaitse sleán a mbeadh lann ann. Sin iad na goití atá tú a chur ort fhéin ar chaoi ar bith. Is mór m'fhaitíos nach ndéanfaidh tú aon-sleádóir maith choíchin
→
dealg
Bhfeiceann tú Mac P. N. atá ins an aspuicil le dul 'un bliana len a láimh. Is mór adéarfá dhá dtugadh duine tsiocair dhó féin, ach 'sé a raibh de shiocair aige sin é a bheith ag briseadh cloch le oirdín annsiúd in aice an tighe. D'eirigh fleasc beag de'n chloich — fleasc a bhí cho tanuidhe le lann scine. Bhuail sé ins an láimh é. Níor chuir sé suim ar bith ann, mar níor fhuiligh sí féin air. Dheamhan oiread agus cuímniú a rinne sé air go ceann seachtaine aríst, an uair a shéid sí suas. Rinne sí bulóg le at. Sin é an uair a chuimhnigh sé ar na clocha. Chuaidh sé go dtí an dochtúr agus chuir sé ins an aspuicil ar an bpuínte é, agus tá sé ann ó shoin. Déarfá go mbadh fánach an tsiocair a bhí ag an duine bocht sin. Ach sin é. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
→
deannóid
Thuit dionnóidín shúighe ar an bpáipéar cho uain agus a bhí sé dhá léigheamh agus dhá bhfeictheá é ag breathnú air! Chuir sé séideog faoi annsin, ach dheamhan maith a bhí ann. Tharraing sé amach lann safety annsin — ceann a bhí síos an-domhain in a phóca — agus seó (show?) páipéir timcheall uirre. Dhá bhfeictheá cho deas agus a chuir sé corr na lainne faoi'n dionnóidín shúighe agus chuaidh sé amach annsin gur chuimil sé ar an gclaidhe í. Tá sé cho puinteailte le cat a bheadh dhá bhearradh féin. Cuireann salachar ar bith uais air
Is diabhlaí an dearmadach thú! Chuir mé na seacht bhfainiceachaí ort gan a theacht abhaile d'uireasbhaidh lann rásúir, agus tháinicis in a dheidh sin
→
diaidh
Cuir isteach í indiaidh a crainn. Féadfaidh tú lann na speile a fhágáil taobh amuigh, agus greim a choinneál uirre agus ní bheidh a dhath clóic' uirre
Ní raibh ag dul fúm ná tharm ach lann rásúir a cheannacht ach tháinic mé abhaile dhá h-uireasbhaidh in a dheidh sin. Sin é an dearmad igcomhnaí = bhí rún agam a ceannacht; 'sé an rud is mó a bhí ar m'intinn a ceannacht