Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
lann
1.
logán, roinnt caitheamh le fána i mbóthar. Ní bheadh an oiread caitheamh le fána ann agus go dtabharfaí gleann air.
·
Tá lann sa mbóthar — gleann ar éigean.
2.
bosaíl i gcosa duine: na cosa a bheith crotach.
·
Tá lann i gcosa an mhalraigh sin. (Roimhe seo, is minic a cuirtí buairthín ag ceangal an dá chos i riocht agus nach mbeadh aon lann iontu nuair a d'éireodh an malrach suas)

lann in iontrálacha eile (9)

 
bunán
Fhóbair go ndearna mé dhá leith de lann na speile inniu le ceann de na bunáin mhóra sin.
 
feac 1
Ní feac maith é sin. Níl aon lann ann
 
fód
Seachain tú féin le fód an ladhair nó camfaidh tú an sleán leis. Chítear dhom gurb éard a theastódh uaitse sleán a mbeadh lann ann. Sin iad na goití atá tú a chur ort fhéin ar chaoi ar bith. Is mór m'fhaitíos nach ndéanfaidh tú aon sleádóir maith choíchin
 
dealg
An bhfeiceann tú mac P. N. atá san easpaicil le dul chun bliana lena láimh. Is mór adéarfá dhá dtugadh duine tsiocair dhó féin, ach 'sé a raibh de shiocair aige sin é a bheith ag briseadh cloch le oirdín ansiúd in aice an tí. D'éirigh fleasc beag den chloich — fleasc a bhí chomh tanaí le lann scine. Bhuail sé sa láimh é. Níor chuir sé suim ar bith ann, mar níor fhuiligh sí féin air. Dheamhan oiread is cuimhniú a rinne sé air go ceann seachtaine aríst, nuair a shéid sí suas. Rinne sí bollóg le at. Sin é an uair a chuimhnigh sé ar na clocha. Chuaigh sé go dtí an dochtúr agus chuir sé san easpaicil ar an bpointe é, agus tá sé ann ó shin. Déarfá go mba fánach an tsiocair a bhí ag an duine bocht sin. Ach sin é. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
 
Thit deannóidín shúí ar an bpáipéar chomhuain is a bhí sé dhá léamh agus dhá bhfeictheá é ag breathnú air! Chuir sé séideog faoi ansin, ach dheamhan maith a bhí ann. Tharraing sé amach lann safety ansin — ceann a bhí síos an-domhain ina phóca — agus seó páipéir timpeall uirthi. Dhá bhfeictheá chomh deas agus a chuir sé corr na lainne faoin deannóidín shúí, agus chuaigh sé amach ansin gur chuimil sé ar an gclaí í. Tá sé chomh pointeáilte le cat a bheadh dhá bhearradh féin. Cuireann salachar ar bith úis air
 
Is diabhlaí an dearmadach thú! Chuir mé na seacht bhfainiceachaí ort gan a theacht abhaile d'uireasa lann rásúir, agus tháinigis ina dhiaidh sin
 
diaidh
Cuir isteach í i ndiaidh a crainn. Féadfaidh tú lann na speile a fhágáil taobh amuigh, agus greim a choinneáil uirthi, agus ní bheidh a dhath clóice uirthi
 
Ní raibh ag dul fúm ná tharam ach lann rásúir a cheannacht, ach tháinig mé abhaile dhá huireasa ina dhiaidh sin. Sin é an dearmad i gcónaí — bhí rún agam a ceannacht; 'sé an rud is mó a bhí ar m'intinn a ceannacht
 
Is ar an lann atá an greim daingean istigh sa bhfeirc, ainneoin gur beag an rud í