Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Lann
cuid an fhaobhair de bhall acra ar bith. Go h-iondamhail is giota cruaiche é.
·
Lann na speile, na sgine agus rl.

Lann in iontrálacha eile (9)

 
bunán
Fhobair go ndearna mé dhá leith de lann na speile indiu, le ceann de na bunáin mhóra sin.
 
feac 1
Ní feac maith é sin. Níl aon-lann ann
 
fód
Seachain tú féin le fód an ladhair nó camfaidh tú an sleán leis. Chítear dhom gurb éard a theastódh uaitse sleán a mbeadh lann ann. Sin iad na goití atá tú a chur ort fhéin ar chaoi ar bith. Is mór m'fhaitíos nach ndéanfaidh tú aon-sleádóir maith choíchin
 
Is ar an lann atá an greim daingean istigh ins an bhfeirc, aindeoin gur beag an rud í
 
dealg
Bhfeiceann tú Mac P. N. atá ins an aspuicil le dul 'un bliana len a láimh. Is mór adéarfá dhá dtugadh duine tsiocair dhó féin, ach 'sé a raibh de shiocair aige sin é a bheith ag briseadh cloch le oirdín annsiúd in aice an tighe. D'eirigh fleasc beag de'n chloich — fleasc a bhí cho tanuidhe le lann scine. Bhuail sé ins an láimh é. Níor chuir sé suim ar bith ann, mar níor fhuiligh sí féin air. Dheamhan oiread agus cuímniú a rinne sé air go ceann seachtaine aríst, an uair a shéid sí suas. Rinne sí bulóg le at. Sin é an uair a chuimhnigh sé ar na clocha. Chuaidh sé go dtí an dochtúr agus chuir sé ins an aspuicil ar an bpuínte é, agus tá sé ann ó shoin. Déarfá go mbadh fánach an tsiocair a bhí ag an duine bocht sin. Ach sin é. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
 
Thuit dionnóidín shúighe ar an bpáipéar cho uain agus a bhí sé dhá léigheamh agus dhá bhfeictheá é ag breathnú air! Chuir sé séideog faoi annsin, ach dheamhan maith a bhí ann. Tharraing sé amach lann safety annsin — ceann a bhí síos an-domhain in a phóca — agus seó (show?) páipéir timcheall uirre. Dhá bhfeictheá cho deas agus a chuir sé corr na lainne faoi'n dionnóidín shúighe agus chuaidh sé amach annsin gur chuimil sé ar an gclaidhe í. Tá sé cho puinteailte le cat a bheadh dhá bhearradh féin. Cuireann salachar ar bith uais air
 
Is diabhlaí an dearmadach thú! Chuir mé na seacht bhfainiceachaí ort gan a theacht abhaile d'uireasbhaidh lann rásúir, agus tháinicis in a dheidh sin
 
diaidh
Cuir isteach í indiaidh a crainn. Féadfaidh tú lann na speile a fhágáil taobh amuigh, agus greim a choinneál uirre agus ní bheidh a dhath clóic' uirre
 
Ní raibh ag dul fúm ná tharm ach lann rásúir a cheannacht ach tháinic mé abhaile dhá h-uireasbhaidh in a dheidh sin. Sin é an dearmad igcomhnaí = bhí rún agam a ceannacht; 'sé an rud is mó a bhí ar m'intinn a ceannacht