lann
—
cuid an fhaobhair de bhall acra ar bith. Go hiondúil is giota cruaiche é.
·
Lann na speile, na scine srl.
lann in iontrálacha eile (9)
→
fód
Seachain tú féin le fód an ladhair nó camfaidh tú an sleán leis. Chítear dhom gurb éard a theastódh uaitse sleán a mbeadh lann ann. Sin iad na goití atá tú a chur ort fhéin ar chaoi ar bith. Is mór m'fhaitíos nach ndéanfaidh tú aon sleádóir maith choíchin
→
dealg
An bhfeiceann tú mac P. N. atá san easpaicil le dul chun bliana lena láimh. Is mór adéarfá dhá dtugadh duine tsiocair dhó féin, ach 'sé a raibh de shiocair aige sin é a bheith ag briseadh cloch le oirdín ansiúd in aice an tí. D'éirigh fleasc beag den chloich — fleasc a bhí chomh tanaí le lann scine. Bhuail sé sa láimh é. Níor chuir sé suim ar bith ann, mar níor fhuiligh sí féin air. Dheamhan oiread is cuimhniú a rinne sé air go ceann seachtaine aríst, nuair a shéid sí suas. Rinne sí bollóg le at. Sin é an uair a chuimhnigh sé ar na clocha. Chuaigh sé go dtí an dochtúr agus chuir sé san easpaicil ar an bpointe é, agus tá sé ann ó shin. Déarfá go mba fánach an tsiocair a bhí ag an duine bocht sin. Ach sin é. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
→
deannóid
Thit deannóidín shúí ar an bpáipéar chomhuain is a bhí sé dhá léamh agus dhá bhfeictheá é ag breathnú air! Chuir sé séideog faoi ansin, ach dheamhan maith a bhí ann. Tharraing sé amach lann safety ansin — ceann a bhí síos an-domhain ina phóca — agus seó páipéir timpeall uirthi. Dhá bhfeictheá chomh deas agus a chuir sé corr na lainne faoin deannóidín shúí, agus chuaigh sé amach ansin gur chuimil sé ar an gclaí í. Tá sé chomh pointeáilte le cat a bheadh dhá bhearradh féin. Cuireann salachar ar bith úis air
Is diabhlaí an dearmadach thú! Chuir mé na seacht bhfainiceachaí ort gan a theacht abhaile d'uireasa lann rásúir, agus tháinigis ina dhiaidh sin
→
diaidh
Cuir isteach í i ndiaidh a crainn. Féadfaidh tú lann na speile a fhágáil taobh amuigh, agus greim a choinneáil uirthi, agus ní bheidh a dhath clóice uirthi
Ní raibh ag dul fúm ná tharam ach lann rásúir a cheannacht, ach tháinig mé abhaile dhá huireasa ina dhiaidh sin. Sin é an dearmad i gcónaí — bhí rún agam a ceannacht; 'sé an rud is mó a bhí ar m'intinn a ceannacht