Leath-trom
—leath-troma adeirtear
1.
·
Tá leath-troma (t lom i gcomhnuidhe) 'san malach feamuinne, sa gcliabh etc. = bíonn níos mó eire nó meadhchain i leath-taobh leis ná sa taobh eile, agus is minic a cuirtear lámh nó cloch sa taobh éadtrom leis an dá thaobh a thabhairt meadh ar mheadh.
·
Fulaing an leath-troma dhom = déarfadh duine seo, nuair a bheadh iomarca meadhchain aige ar leath-taobh ualaigh, agus go dteastóchadh uaidh tuille a chur ar an taobh eile leis an ualach a thabhairt cothrom. Dá mbeadh duine eile i láthair déarfadh sé leis an leath trom a fhulaint (fhuilingt) nó a lámh a chuir faoi an taobh trom i riocht a's nach n-iompóchadh an eire nó treallmha nó an t-ualach druim ar ais.
2.
a.
·
Ní raibh uirre ach leath-trom suain (leath-trom suain a bhí uirre) = duine nach mbeadh uirre ach ceo-chodladh nó codladh éadtrom, agus go mb'fhurasta í a dhúiseacht. Codluigheann daoine agus gan orru ach leath-trom suain.
b.
·
Tá léan agus leath-throm ar an tír, ar na daoine agus rl. = éagcóir, splíontaidheacht dá dhéanamh orra. (Is annamh a cloistear é i gConamara, ach cloistear corr-uair ar an Achréidh é).
Leath-trom in iontrálacha eile (4)
→
feadh
Ní chomhnaíonn sé ar feadh scéal ar bith a chloisteáil, go dteighe sé agus go n-innsighe sé don duine é a bhfuil an "trom trom" air. Is leath tógáil air, biadán a bheith len innseacht aige
+
→
droim
Buail ort é. Cuirfidh mise geall leat nach beag leat é, ach a n-iomchruighidh tú leath-mhíle é. Is trom cearc i bhfad adeir siad. Is beag an rud é sáith droma duine
TUILLEADH (1) ▼
Deirimse leatsa go bhfuil obair chruadh ar na dugaeraí sin ag iomchur málaí troma amach as soithigh. Hébrí cé'n pháighe a fhaghas siad is maith an aghaidh orra é. Dheamhan an seasfainn leath-lae choidhchin ann. Bíonn beatha ar foghnamh aca, ach ní mór dóibh sin. Saothruigheann an druim an bolg ar aon-chor
→
díoltas
Ar chuala tú ariamh é: díoghaltas Dé, bíonn sé mall ach bíonn sé trom. 'Sé a thuar siad dóib féin ar aon-chor, ní ag tabhairt bhreithe orra é — nar leigidh Dia go mbadh eadh. Ní hé leath-chóir Dé anois an bhail sin a bheith orra, agus an dícheannadh a rinne siad féin ar an tsean-lánamhuin a bhí annsin rúb (rómpab)