leatrom
—leatroma adeirtear
1.
·
Tá leatroma (t lom i gcónaí) sa mallach feamainne, sa gcliabh srl. — bíonn níos mó eire nó meáchain i leataobh leis ná sa taobh eile agus is minic a cuirtear lámh nó cloch sa taobh éadrom leis an dá thaobh a thabhairt meá ar mheá
·
Fulaing an leatroma dhom — déarfadh duine seo nuair a bheadh ualaigh iomarca meáchain aige ar leataobh agus go dteastódh uaidh tuilleadh a chur ar an taobh eile leis an ualach a thabhairt cothrom. Dá mbeadh duine eile i láthair déarfadh sé leis an leath trom a fhulaingt (fhuilingt) nó a lámh a chur faoin taobh trom i riocht agus nach n-iompódh an eire nó trealmha nó an t-ualach droim ar ais
2.
a.
·
Ní raibh uirthi ach leatrom suain (leath trom suain a bhí uirthi) — duine nach mbeadh uirthi ach ceochodladh nó codladh éadrom, agus go mb'fhurasta í a dhúiseacht. Codlaíonn daoine agus gan orthu ach leath trom suain
b.
·
Tá léan agus leatrom ar an tír, ar na daoine srl. — éagóir, splíontaíocht dá dhéanamh orthu. Is annamh a cloistear é i gConamara, ach cloistear corruair ar an Achréidh é