Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
leatromach
1.
·
Tuige a bhfuil tú leath-tromach ormsa i gcomhnuidhe = cé'n fáth go mbíonn tú sa mullach ormsa igcomhnuidhe; tuige a mbíonn tú 'samhailt cionnta liomsa 'chuile uair.
2.
aimsir leath-tromach: bíonn aimsir leath-tromach ann sa samhradh nó sa bhfoghmhar, nuair a chaitheas sé báisteach in áiteachaí agus nach gcaitheann in áiteachaí eile sa gceanntar céadna.
·
Caitheann sé an bháisteach leath-tromach an t-am seo' bhliadhain.

leatromach in iontrálacha eile (1)

 
Deir tú leis an mbaile se'againne a raibh bog-fhuarloigh ann inné, agus gan deóir ar bith agaibhse. Nach leatromach a chaith sí í!