Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
leatromach
1.
·
Tuige a bhfuil tú leatromach ormsa i gcónaí — cén fáth go mbíonn tú sa mullach ormsa i gcónaí; tuige a mbíonn tú ag samhailt cionta liomsa chuile uair
2.
aimsir leatromach: bíonn aimsir leatromach ann sa samhradh nó sa bhfómhar nuair a chaitheas sé báisteach in áiteachaí agus nach gcaitheann in áiteachaí eile sa gceantar céanna.
·
Caitheann sé an bháisteach leatromach an t-am seo bhliain

leatromach in iontrálacha eile (4)

 
Tá sé ag craobhmhúraíl againne ó mhaidin, agus dúradh liom nár chaith sé deoir anseo. Sin é an chaoi a mbíonn sé. Caitheann sé báisteach an-leatromach i gcónaí an tráth seo bhliain — caitheann sé in áiteachaí í, agus téaltaíonn sí thar áiteachaí eile
 
Deir tú leis an mbaile s'againne a raibh bogfhuarlaigh ann inné, agus gan deoir ar bith agaibhse. Nach leatromach a chaith sí í!
 
Níl múr ar bith is deannachtaí ná an múirín gréine ar ndóigh. "An múirín gréine an múirín is déine," adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leatromach amach sa samhradh. Bheadh ráig dheannachtach anseo, agus dheamhan is móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fána Cnoc Bh. lá. Tháinig sé ina bháistigh orm. Tabhair báisteach uirthi: ní ligfeadh sí luch as poll ná diabhal as ifreann. Chuaigh mé ag tóraíocht foscaidh. Mo chreach an foscadh ansiúd. Ach mar sin féin, shúigh mé mé féin isteach in áit eicínt go liginn tharam é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh i nG. na B. Leathnaigh m'amharc orm. Nuair ba déine a bhí sé ag cur san áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach ina scaladh gréine, théis gur gearr óna chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaol sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaí ná a chonaic mé an lá sin
 
díle 1
Chaith sé díle anseo muise. Ní ligfeadh sí luch as poll ná diabhal as ifreann, bhí sí chomh gártha sin tamall. Ach ní raibh inti ach drochráig ina dhiaidh sin. Agus deir tú nach raibh sí sin agaibhse chor ar bith. Bíonn sí leatromach an t-am seo i gcónaí