Liostachas
1.
fad aimsire, síneadh.
·
Tá liostachas fada ar an sgéal sin = níor mór sgathamh maith le n-innsean.
2.
·
Is fada an liostachas atá air = déarfaí é seo le duine a bheadh i bhfad buailte síos le tinneas, agus nach mbeadh aon-ghothadh bisighe air.
Liostachas in iontrálacha eile (11)
→
bealach
Is fada aríst, tá faitchíos orm, go bhfeice tú imbealach ná indearmad é, mara dteighe tú de mhaol de mhainge 'na tighe a' breathnú air. Buaileadh síos é an tseachtmhain seo caithte, a's beidh liostachas fada air, mara bhfuil ag Dia.
Tá'n galra sin chomh h-aithmhéalach, agus má bhuailtear duine síos leis, go mbeidh liostachas fada air = má thagann an galra sin ar dhuine is fada a chaithfeas sé an leaba nó'n áit istigh a choinneál.
→
buail
Dar príocaidhe muis, má tá sé buailte ag a' slaghdán bradach seo, beidh liostachas fada air, ná ar dhuine 'bith eile a bhuailfeas sé. Sin é fhéin an droch-ailím in do chnámha.
→
buille
Bhí liostachas fhada air, a's badh é comhrádh dochtúirí nach mbuailfeadh sé aon-bhuille sa mbéim go deo aríst, ach m'anam gur maith an mhaise dhó anois é, th'éis a ndeacha sé thríd.
→
aire
Maran leat liostachas fada a bheith ort, bí aireach ort fhéin go n-imthighe an droch-uair seo.
→
aire
Beidh liostachas fada air (i.e. beidh sé i bhfad buailte síos), ach srianfa sé thríd le aire.
→
céadéaga
Chuaidh sé sin, an uair a bhí sé in a pháiste bheag ins na céad-déaga le convaidhlsiuns (convulsions). Ba mhinic nach rabh a fhios a imeacht nó a theacht dó. Chuir mé trí thuras air ag tobar Cholm Cille dhá dtugadh Dia biseach dó. Thug, míle buidheachas Leis Féin. Shrian sé as th'éis liostachais fhada. Sílim dheamhan áird ar na turais aige in a dheidh sin, aindeoin go mbíonn muid ag strócadh leis ag iarraidh air a gcur dó (dhe)
→
deilbh 1
Tá sé deilbhthe amach anois le h-aghaidh an bháis ceart. Is furast aithinte air é. Nar ba buil le Dia go mbeadh liostachas cho fada orm leis ar chaoi ar bith
Níl mórán lúid ann. Is beag é. Ach ní cheapfainn go bhfuil sé deireannach. B'fhéidir go srianfadh sé as, ach beidh liostachas fada air
Tá droichead a shróine briste. Is ann a fuair sé an iarraidh. Beidh liostachas fada air shul a bhéas sé chuige féin aríst
Scrúdfadh sé duine ag éisteacht leis an díogarnaighil i gcomhnuí, i gcomhnuí. Ach tá neamh-shuim déanta ag na daoine anois dó. Shílfeá scaithtí anois go dtagann árdú air thar a chéile. Dheamhan indán maitheasa go deo dhó, ná cuid de indán maitheasa. Tá an liostachas ro-fhada anois air le maith a dhéanamh.