liostachas
1.
fad aimsire, síneadh.
·
Tá liostachas fada ar an scéal sin — níor mór scaitheamh maith le n-insean
2.
·
Is fada an liostachas atá air — déarfaí é seo le duine a bheadh i bhfad buailte síos le tinneas agus nach mbeadh aon ghotha bisigh air
liostachas in iontrálacha eile (11)
→
bealach
Is fada aríst, tá faitíos orm, go bhfeice tú i mbealach ná i ndearmad é, mura dté tú de mhaoil do mhainge 'na tí ag breathnú air. Buaileadh síos é an tseachtain seo caite agus beidh liostachas fada air mura bhfuil ag Dia.
Tá an galra sin chomh haiféalach, agus má bhuailtear duine síos leis, go mbeidh liostachas fada air — má thagann an galra sin ar dhuine is fada a chaithfeas sé an leaba nó an áit istigh a choinneáil.
→
buail
Dar príocaí muis, má tá sé buailte ag an slaghdán bradach seo beidh liostachas fada air, ná ar dhuine ar bith eile a bhuailfeas sé. Sin é fhéin an drochailím in do chnámha.
→
buille
Bhí liostachas fhada air agus ba é comhrá dochtúirí nach mbuailfeadh sé aon bhuille sa mbéim go deo aríst, ach m'anam gur maith an mhaise dhó anois é, théis a ndeachaigh sé thríd.
→
aire
Beidh liostachas fada air (.i. beidh sé i bhfad buailte síos), ach srianfaidh sé thríd le aire.
→
céadéaga
Chuaigh sé sin, nuair a bhí sé ina pháiste bheag, sna céadéaga le convaidhlsiuns (convulsions). Ba mhinic nach raibh a fhios a imeacht nó a theacht dó. Chuir mé trí thuras air ag tobar Cholm Cille dhá dtugadh Dia biseach dó. Thug, míle buíochas leis féin. Shrian sé as théis liostachais fhada. Sílim dheamhan aird ar na turais aige ina dhiaidh sin, ainneoin go mbíonn muid ag stróiceadh leis ag iarraidh air a gcur dó (dhe)
→
deilbh 1
Tá sé deilbhthe amach anois le haghaidh an bháis ceart. Is furasta a aithinte air é. Nár ba buil le Dia go mbeadh liostachas chomh fada orm leis ar chaoi ar bith
Níl mórán lúid ann. Is beag é. Ach ní cheapfainn go bhfuil sé deireanach. B'fhéidir go srianfadh sé as, ach beidh liostachas fada air
Tá droichead a shróine briste. Is ann a fuair sé an iarraidh. Beidh liostachas fada air shula bheas sé chuige féin aríst
Scrúdfadh sé duine ag éisteacht leis an díogarnaíl i gcónaí i gcónaí. Ach tá neamhshuim déanta ag na daoine anois dó. Shílfeá scaití anois go dtagann ardú air thar a chéile. Dheamhan i ndán maitheasa go deo dhó, ná cuid de i ndán maitheasa. Tá an liostachas rófhada anois air le maith a dhéanamh