Luachair
—
féar láidir muinge.
·
Beinnsín luachra = beairtín luachra.
Féach freisin
                  →
                  
                    
                      nuachair 
                    
                  
                
              
            Luachair in iontrálacha eile (18)
                    →
                    féar 
                  
                  
                    Féar ainleóige, féar airgead luachra etc. = bheadh go leór ainleóige agus airgead luachra etc. fé seach sna cineálachaí féir seo
                    
                    →
                    coirt 
                  
                  
                    Níor mhór dhuit an 'cetil' (kettle) sin a scalladh amach le airgead luachra mar tá a thóin uileag faoi chairt.
                    
                    →
                    bealach 
                  
                  
                    Níl sé ionrásta ag a' bhfiadh an bealach sin a shiubhal amach sa ngeimhreadh, nuair a bhío(nn)s dubh-luachair na bliadhna ann, a's an easca báithte.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    beart 
                  
                  
                    Tá beart luachra, féir, scolb, raithnighe, barrann etc. aige.
                    
                        TUILLEADH (2) ▼
                      
                    
                  
                    'A chailín bhig na luachra, suidh síos liom, a's fan go lá; nó scaipfidhear do bheairtín luachra, a's a bhfuair tú dhá easonóir'
                    'A chailín scoth na luachra, is truagh ghéar liom do bheart ar lár'.
                    
                    →
                    beo 1
                  
                  
                    'Amuigh ar shliabh uaigneach, a' buachailleacht beithidheach a bhíodh buachaill bó Shliabh Luachra.  Dheamhan's móide críostuidhe an bhéil bheo a d'fheiceadh sé ó bhliadhain go bliadhain.  Annsin lá amháin, chonnaic sé seala ag dul thairis … etc.  ("Buachaill Bó Shliabh Luachra").
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    binse 
                  
                  
                    Gheall tú gine a's punt dom, a's bhí dúil agham cur in a cheann; Culaith ó bhonn go h-uachtar, a's gúna de'n síoda bán; Sin a's a theacht ar cuairt agham, gach neoin a's gach maidin bhreagh; Le luach mo bheinsín luachra a's a bhfuair mé dhá easonóir. ("An Bheinnsin Luachra").
                    
                        TUILLEADH (2) ▼
                      
                    
                  
                    Bhí binsín luachra aige a' teacht.
                    Bhí beinsín beag luachra bainte aige, a's é dhá thabhairt abhaile.
                    
                    →
                    bruach 
                  
                  
                    'Chuile bhliadhain nuair a thaga(nn)s dubh-luachair na bliadhna, eirigheann carra bhruachannaí ar a bhéal
                    
                    →
                    faon- 
                  
                  
                    Céard a rinne an fíonn-oscal sin san doras.  Tá an gath gréine isteach ann.  An clár atá imithe as?  Duine eicínt a thug "pound" dó.  Nach bhfuil a fhios agaibh go bhfuil adhmad an dorais sin cho lag leis an luachair?
                    
                    →
                    fuacht 
                  
                  
                    Tháinig an fuacht luath i mbliana.  Diabhal mé go raibh laethantaí ann faoi Fhéil Michil agus sháraigh siad aimsir ar bith a thiocfadh amach i ndubh-luachair na bliana.  Ó atá sé le caitheamh aige is fhearr é a chaitheamh (an fuacht a chaitheamh) luath san ngeimhreadh, ná a bheith dhá bhuachailleacht go dteaga earrach.  Is mairg earrach an deagh-gheimhridh ar chuala tú ariamh é?
                    
                    →
                    deatach 
                  
                  
                    Ní hé baladh na deataighe a bhí air maidin Dé Luain … bhuel ní móide gurb é.  B'fhéidir gur baladh airgead luachra nó baladh eicínt eile mar sin a bhí air
                    
                    →
                    draoi 
                  
                  
                    Tá an draoi talmhana aige agus é leigthe i léig cheal an té a shaothróchadh é.  'Ar ndú' ní fear talmhana é siúd.  'Bhfeiceann tú na bárrannaí sin suas ar fad atá faoi mhuing-luachair anois.  Bhídís sin ar fad curtha le linn a shean-athar.  B'fhiú dhó an talamh siúd uiliog a thabhairt do dhuine eicínt ar chuntar go gcoinneochadh sé curtha é, ach gan scaradh leis amach agus amach é féin …  Duine eicínt nach mbeadh aon-talamh aige féin.  S. N. nó a mhacsamhail
                    
                    →
                    dual 1
                  
                  
                    'Ar ndú' is dual do'n aimsir a bheith fuar an tráth seo 'bhliain.  Nach hí an dubh-luachair ceart anois í
                    Is díbeartha an áit a bhfuil sé ag cur a inghine: isteach ar an mbáinseoigín luachra sin idir dhá chíocra, agus nach síon dá séidfidh nach mbainfidh cleite aisti (fuadóchaidh sí an teach uirre)
                    
                    →
                    dúradán 
                  
                  
                    Má's dubhradán atá faoi do shúil, bheadh fear a chuimleochadh a theanga trí h-uaire in aghaidh stuif d'ath-luachra go maith aige.  Is minic ariamh a chuala mé é.  Tá daoine ann a ghníos é th'éis cho gránna agus atá an ath-luachra.