Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Léigheannán
sórt leabhar Eoin, adeirtí, a thugadh an sagart do mhalraigh agus iad dá mbaisteadh. Ní fhágadh sin fuigheall baistighe orra, agus ní fheicfidís aon-lá de'n tinneas mór — beannacht le h-anam Phóil! — go deo.
·
Thug an sagart léigheannán baistighe dhó; chuir an sagart léigheannán baistighe faoi na bhrághaid = léigh sé leabhar Eoin nó paidreacha eicínt ar leith dhó, agus ní fhágfadh sin fuigheall baistighe air, ná ní bhainfeadh galraí áithride leis le na bheo. D'iarrtaí fadó ar na sagairt léigheannán baistighe a léigheamh do na naoidheanáin.