Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
léannán
sórt leabhar Eoin, adeirtí, a thugadh an sagart do mhalraigh agus iad dá mbaisteadh. Ní fhágadh sin fuíoll baistí orthu agus ní fheicfidís aon lá den tinneas mór — beannacht le hanam Phóil! — go deo.
·
Thug an sagart léannán baistí dhó; chuir an sagart léannán baistí faoina bhráid — léigh sé leabhar Eoin nó paidreacha eicínt ar leith dhó, agus ní fhágfadh sin fuíoll baistí air ná ní bhainfeadh galraí áiride leis lena bheo. D'iarrtaí fadó ar na sagairt léannán baistí a léamh do na naíonáin