marbhfháisc
—
+–
Mara fáisc ort! = droch-rath ort (mara fáisc; marbh fáisc = ceangal a theigheadh ar chosa agus ar lámha marfáin roimhe seo. Ní dhéantar anois é, agus tá an chiall sin den fhocal ionann agus seirghe. Níl ann anois ach eascainí, agus mion-eascainí go hiondúil
Mara fáisc ort fhéin agus air fhéin! Caith uait é!
TUILLEADH (1) ▼
Mara fáisc air aige (asal)! Breagh nach ndíolann sé é, má tá sé ag dul ó cheannsú air
+–
Mara fáisc ar an iasc! (ar an bhfiach, ar na girriachaí agus rl.! = dhá gcasadh fear leat agus é ag iascach nó ag fiach, déarfá seo leis
B'fhearr dhuit "marafáisc ar an iasc" a rádh leis, ná sionnach ar do shlat agus girria ar do bhaoite". Ní thaithneódh sin chor ar bith leis. Tá pisreógaí aige
TUILLEADH (1) ▼
Mara fáisc ar na girriachaí! Shílfeá go bhfuil sibh ag dul ag fiach bail ó Dhia oraibh
marbhfháisc in iontrálacha eile (1)
→
dia 2
Lomadh Luain agus marbhfháisc ar an asal sin, mara bhfuil lasctha aríst dó. Caithfear a dhul ar a thóir anois muis, faitíos na fálach thuas