marbhfáisc
—
+–
Marbhfáisc ort! — drochrath ort; mara fáisc — ceangal a théadh ar chosa agus ar lámha marfáin roimhe seo. Ní dhéantar anois é, agus tá an chiall sin den fhocal ionann is seargtha. Níl ann anois ach eascainí, agus mioneascainí go hiondúil
Marbhfáisc ort fhéin agus air fhéin! Caith uait é!
TUILLEADH (1) ▼
Marbhfáisc air aige (asal)! Breá nach ndíolann sé é má tá sé ag dul ó cheansú air
+–
Marbhfáisc ar an iasc! (ar an bhfiach, ar na giorriachaí srl.) — dhá gcasadh fear leat agus é ag iascach nó ag fiach, déarfá seo leis
B'fhearr dhuit marbhfáisc ar an iasc a rá leis ná sionnach ar do shlat agus giorria ar do bhaoite. Ní thaitneodh sin chor ar bith leis. Tá pisreogaí aige
TUILLEADH (1) ▼
Marbhfáisc ar na giorriachaí! Shílfeá go bhfuil sibh ag dul ag fiach bail ó Dhia oraibh