Puca
—
giota leathair a ghreamuigheadh lucht graftha tal[ún] fadó dá dtaobhannaí i riocht a's nach dtóigfeadh cloig[eann] fheaca na láighe nó na spáide léas orru.
+–
Rinne sé puca dhíom ag leagan bruachannaí — beirt fhear ag coimhlinnt ag leagan bruachannaí, agus thug duine díobh a sháith go binn le deanamh do'n duine eile = ("Rinne sé puca dhe")
Tá mé in mo phuca ag an gcapall — déarfadh duine é, cuirigcás, dá mbeadh sé sáruighthe ag iarraidh capall a cheannsú, agus é 'cinneamhaint dubh agus dubh air.
TUILLEADH (3) ▼
Tá mé in mo phuca ag an móin chéadna = tá mé i muinghnín mo chruite, ag iarraidh caoi a chuir uirre agus é 'cinnt orm in a dhiaidh sin.
Déanfa sé puca dhíot, 'Sheáin = ní bheidh tú ionchurtha leis a Sheáin sa gcoimhlinnt.
Pádraic: Rinne sé puca dhíot indiu; Seán: Dheamhan baol in a chraiceann air: is deacair puca a dhéanamh d'fhear maith.
Puca in iontrálacha eile (11)
→
crinn
Bhí an choimhlinnt chomh géar orainn, a's currach na bhF. dhá'r gcreinneadh, a's gur bhuail faitchíos mé, nuair a chasfadh muid ar ais, sa gcóir, go ndéanfad sí puca dubh a's dubh dhínn.
→
ard 1
Rinne mé puca dhe leath-bealaigh suas a' t-árd = scoth mé é, nó bhuail mé amach é, ar rothar, ar chapall etc.
→
abair
Déarfá gur gearr eile a bheadh an troid ar siubhal, 'nuair a bheadh puca déanta dhó (dhe) ag M.
→
danra
Ní raibh de chailleadh chor ar bith ar an mbarr uachtair. Diabhal mé go raibh, agus an mhóin roint sceithteach féin — briosc adéarfá. Ach an uair a theann mé síos ins an mbarr láir agus ins an mbarr íochtair, bhí sí danra a dhearbhráthair — danra. B'éigin dom cosa idtaca a chur orm féin ar an mbínse, leis an sleaghan a chur thríthe. Rinne an barr íochtair puca críochnuighthe dhíom
→
deis
Is maith le chéile an cúpla sin. An bhfeiceann tú an chaoi a bhfuil an liathróid ar a dheis ag 'chaon duine aca — fear deiseall agus fear ciotach. Déanfaidh siad puca de'n bheirt eile
→
dréim
Ní raibh aon-fhear ag teacht isteach ag pobal an Ch. a bhí indon a dhul ag dréim le P. Ph., agus nach furasta cur chuige indiu. Dhéanfadh sean-pháiste ar bith puca dhó
→
dubh 1
Chinn sé dubh agus daite ar J. B. an scurach sin ag T. P. a leagan i (/ə/ : do?) chor charaíocht. M'anamsa ó'n diabhal go ndearna sé puca dhe, ach ní ghabhfadh sé len a athair mara ndéanadh
D'aithneochadh dall gan súil gur ag díriú air a bhí sé. Dá seasadh an fear eile talamh, bheadh rí-rá ann. Dheamhan a fhios agamsa nach ndéanfadh sé puca dhó (dhe) dhá mhéid de chliobaire é
→
dúradán
Dhá gcuireadh sé an dubhradán dubh aníos dhá phutóig, dheamhan fód a choinneochadh sé casta do Sh., léis (tar éis) a raibh de ghaisce aige. D'athruigh siad annsin — eisean ar an gclaise agus S. ag casadh an bhuird — ach rinne S. puca dhó (de) aríst. Bhí maith dhó a bheith ag coimhlint leis siúd!
→
téigh ar
Cheal nach bhfuil de rath leat ach sin a fhleascaigh, th'éis an aire atá mé a thabhairt duit. Tá dul ort. Déanfaidh malrachán a bhfuil dhá bhliain agad air puca dhíot, déanfaidh sin