puca
—
giota leathair a ghreamaíodh lucht grafa talún fadó dá dtaobhannaí i riocht agus nach dtógfadh cloigeann fheaca na láí nó na spáide léas orthu.
+–
Rinne sé puca dhíom ag leagan bruachannaí — beirt fhear ag coimhlint ag leagan bruachannaí, agus thug duine díobh a sháith go binn le déanamh don duine eile = Rinne sé puca dhe
Tá mé in mo phuca ag an gcapall — déarfadh duine é, cuir i gcás, dá mbeadh sé sáraithe ag iarraidh capall a cheansú agus é ag cinniúint dubh is dubh air
TUILLEADH (3) ▼
Tá mé in mo phuca ag an móin chéanna — tá mé i muinín mo chruite ag iarraidh caoi a chur uirthi agus é ag cinnt orm ina dhiaidh sin
Déanfaidh sé puca dhíot, a Sheáin — ní bheidh tú inchurtha leis a Sheáin sa gcoimhlint
Pádraic: Rinne sé puca dhíot inniu; Seán: Dheamhan baol ina chraiceann air: is deacair puca a dhéanamh d'fhear maith
puca in iontrálacha eile (11)
→
crinn
Bhí an choimhlint chomh géar orainn, agus curach na bhF. dhár gcrinneadh, agus gur bhuail faitíos mé, nuair a chasfadh muid ar ais sa gcóir, go ndéanfadh sí puca dubh ais dubh dhínn.
→
ard 1
Rinne mé puca dhe leath bealaigh suas an t-ard — scoith mé é, nó bhuail mé amach é, ar rothar, ar chapall srl.
→
danra
Ní raibh de chailleadh chor ar bith ar an mbarr uachtair. Diabhal mé go raibh, agus an mhóin roinnt sceiteach féin — briosc adéarfá. Ach nuair a theann mé síos sa mbarr láir agus sa mbarr íochtair, bhí sí danra a dheartháir — danra. B'éigean dom cosa i dtaca a chur orm féin ar an mbinse leis an sleán a chur thríthi. Rinne an barr íochtair puca críochnaithe dhíom
→
deis
Is maith le chéile an cúpla sin. An bhfeiceann tú an chaoi a bhfuil an liathróid ar a dheis ag chaon duine acu — fear deiseal agus fear ciotach. Déanfaidh siad puca den bheirt eile
→
dréim
Ní raibh aon fhear ag teacht isteach ag pobal an Ch. a bhí in ann a dhul ag dréim le P. Ph., agus nach furasta cur chuige inniu. Dhéanfadh seanpháiste ar bith puca dhó
→
dubh 1
Chinn sé dubh is daite ar J. B. an scorach sin ag T. P. a leagan a (/ə/: do?) chorchoraíocht. M'anamsa ón diabhal go ndearna sé puca dhe, ach ní ghabhfadh sé lena athair mura ndéanadh
D'aithneodh dall gan súil gur ag díriú air a bhí sé. Dá seasadh an fear eile talamh, bheadh rírá ann. Dheamhan a fhios agamsa nach ndéanfadh sé puca dhó (dhe) dhá mhéid de chliobaire é
→
dúradán
Dhá gcuireadh sé an dúradán dubh aníos dhá phutóig, dheamhan fód a choinneodh sé casta do Sh., léis (tar éis) a raibh de ghaisce aige. D'athraigh siad ansin — eisean ar an gclaise agus S. ag casadh an bhoird — ach rinne S. puca dhó (de) aríst. Bhí maith dhó a bheith ag coimhlint leis siúd!
→
téigh ar
Cheal nach bhfuil de rath leat ach sin a fhleascaigh, théis an aire atá mé a thabhairt duit. Tá dul ort. Déanfaidh malrachán a bhfuil dhá bhliain agat air puca dhíot, déanfaidh sin