Punann
1.
gabhail d'arbhar sgoth-bhuailte agus crios uirre. (dornán = gabhail arbhair faoi chrios).
·
Níl roinnt punann ná dornán eatorraibh = níl aon-ughdar troda agaibh; níl aon-fháth agaibh a thoidheacht salach ar a chéile. Déarfaí é le beirt a bheadh líomhtha (saghdtha) chuig a chéile, agus gan aon ughdar achrainn le brath eatorra. (Is cosamhail an tráth a mbíodh comhar cuir agus buanna ann, go dtagadh achrann as roinnt na bpunann)
2.
duine géag-scaoilte, mío-stuamdha gan mórán lútha na tapa.
·
Nach hé an phunann é?
Tá sí in a punann ar fad anois = mió-stuamdha (b'fhéidir gur thuit sí chun feola le goirid)
Féach freisin
→
dornán
Punann in iontrálacha eile (16)
→
coiric
Bhí sé 'na Chath na bPunann annseo thuas indé. Tharraing na mná na coirriceachaí aigeán a chéile aríst.
→
brachán
Shílfeá nach mbeadh roínnt punann ná dornán eatorra, a's sé'n chaoi bhfuil siad anois, go bhfuil a' brochán dóirtighthe.
Bhí sé 'na bhruighshléacht indiu, thuas ag an obair — muintir a' Ph. a tháinic a' cur a gcosa uatha(b) ag iarraidh oibre. Fhobair go raibh sé 'na Chath na bPunann. Cuireadh fios ar phóilíos, sílim.
→
buail ar
Buailfe mé tuighe shrathair (shrathra) ort; buailfe [mé] tuigheadh na bPunann ort; buailfe mé an dara thairt (tara thairt?) ort; buailfe mé an-ghleáradh, an-lascadh etc. ort; buailfe mé bruicneáil, druimeáil etc ort
Punann bhradach í sin, nach ndéanfadh aireachas ar aon-cheo = bean mhór mhío-stuama, leisceamhail, nach mbeadh san áirdeall ar aon cheo.
+
→
dornán
Dhá ghlaic mhóra (fogha corráin glaic ins an gcás seo) nó trí ghlaic bheaga sin dornán, cheithre dhornán punann, fiche punann beart nó rópa (ach comhairtear ponann is fiche de'n bheart in áiteacha, agus bíonn malrait comhairimh air ar fad: trí ghlaic dornán, dhá fhichead dornán stáca, dhá stáca rópa, agus deich rópa fichead cruach (Casla))
TUILLEADH (8) ▼
… Thosuigh siad ag lascadh a chéile lena dornáin nó nach raibh deoraidhe an bhéil beo aca ins an gcomhaireamh ceann. Ba shin é Cath na bPunann
Shílfeá nach raibh roint punann ná dornán eataraibh, le go mbeadh sib ag troid (Rosmuc) = shílfeá nach raibh sib ag teacht salach ar a chéile ar bhealach ar bith le go mbeadh sib ag troid
Ba mhór adéarfá le beirt a bheadh ag béal an doruis ag án a chéile, ach an bheirt sin a bhí ar 'chaon cheann de bhaile agus gan roint punann ná dornán eatorra, agus go gcaithfidís tosuighe ag troid in a dheidh sin! Ach is smál é a bhíos ar dhaoine mar sin
Dheamhan roint punann ná dornán eatorra, agus mara bhfuil féin, ní beo iad gan a bheith ag sciolladóir[eacht] ar a chéile 'chuile ré soluis. Sílim gur faisean é a thugas daoine faoi deara dóibh féin. Bhainfeadh cuid de na daoine troid as na clocha
Níl roint punann ná dornán idir an dá theach seo, agus is maith an scéal do'n teach se'aghainne nach bhfuil arae dhá mbeadh, bheadh muid taobh leis an driobaillín caol — cuid Pháidín de'n mheacan. Tá sí seo amuigh cho gar di féin, agus nar mhór léithe an ceann reamhar a bheith aice féin i gcomhnaí
Is fada an lá nach raibh roint punann ná dornán idir mise agus an buicileá sin, agus ní fearr dhomsa a bheith. Mise a bheadh siar leis an téiléaracht i gcomhnaí. Sáthach fada a bhí sé ag imeartas ormsa, ach múineann an saoghal duine
Níl roint punann ná dornán idir é féin ná an cliamhain anois. Measaim nach bhfuil siad an-gheal dhá chéile chor ar bith, ach go mbeannuigheann siad dhá chéile ar aontaighe agus ag teach an phobail. Ach ní dhéanann siad níos aoirde ná sin de theanntás ar a chéile, sílim
Shílfeá nach raibh roint punann ná dornán idir é féin agus J. ariamh le go mbeidís cho saghdtha sin ag án a chéile. Ach is duine é J. sin a mbaineann gnotha 'chuile dhuine dhó. Tá an iomarca aisiléarachta aige ar fad. Tá a chomharsanaí féin sáthach diomdhach dó ar aon-chor
→
dúshlán
Chuir sé soipín luiche eadrainn, agus thoisigh sé dhár saghdadh ag iarraidh orainn smugairle a chaitheamh thar an soipín. Bhí muid fhéin in ar bpleibeanna cho mór an uair sin agus go raibh muid aige ar sheol na braiche. Annsin chuir sé faoi ndeara dhúinn dubhshlán a chéile a thabhairt, agus na dornaí a thomhais le chéile. Ba ghearr, mo léan, go raibh sé ina Chath na bPunann. Ní raibh splanc chéille againn an uair sin. Ach bhí breathas eicínt airsean. Mhairfeadh sé go deo ar an gceird sin