punann
1.
gabháil d'arbhar scothbhuailte agus crios uirthi (dornán = gabháil arbhair faoi chrios).
·
Níl roinnt punann ná dornán eadraibh — níl aon údar troda agaibh; níl aon fháth agaibh a theacht salach ar a chéile. Déarfaí é le beirt a bheadh líofa (saighdte) chuig a chéile agus gan aon údar achrainn le brath eatarthu. Is cosúil an tráth a mbíodh comhar cuir agus buanna ann go dtagadh achrann as roinnt na bpunann
2.
duine géagscaoilte místuama gan mórán lútha ná tapa.
·
Nach é an phunann é?
Tá sí ina punann ar fad anois — místuama (b'fhéidir gur thit sí chun feola le gairid)
Féach freisin
→
dornán
punann in iontrálacha eile (16)
→
coiric
Bhí sé ina Chath na bPunann anseo thuas inné. Tharraing na mná na coiriceachaí ag a chéile aríst.
→
brachán
Shílfeá nach mbeadh roinnt punann ná dornán eatarthu, agus 'sé an chaoi bhfuil siad anois go bhfuil an brachán dóirtithe.
Bhí sé ina bhruithshléacht inniu thuas ag an obair — muintir an Ph. a tháinig ag cur a gcosa uathub ag iarraidh oibre. Fhóbair go raibh sé ina Chath na bPunann. Cuireadh fios ar phóilíos sílim.
→
buail ar
Buailfidh mé tuí shrathair (shrathra) ort; buailfidh mé tuí na bpunann ort; buailfidh mé an dara hairt ort; buailfidh mé an-ghleadhradh, an-lascadh srl. ort; buailfidh mé broicneáil, droimeáil srl. ort
Punann bhradach í sin nach ndéanfadh aireachas ar aon cheo — bean mhór mhístuama leisciúil nach mbeadh san airdeall ar aon cheo
+
→
dornán
Dhá ghlaic mhóra (fogha corráin glaic sa gcás seo) nó trí ghlaic bheaga sin dornán, cheithre dhornán punann, fiche punann beart nó rópa (ach comhairtear punann is fiche den bheart in áiteacha, agus bíonn malrait comhairimh air ar fad: trí ghlaic dornán, dhá fhichead dornán stáca, dhá stáca rópa, agus deich rópa fichead cruach (Casla))
TUILLEADH (8) ▼
… Thosaigh siad ag lascadh a chéile lena dornáin nó nach raibh deoraí an bhéil beo acu sa gcomhaireamh ceann. Ba in é Cath na bPunann
Shílfeá nach raibh roinnt punann ná dornán eadraibh, le go mbeadh sibh ag troid (Ros Muc) — shílfeá nach raibh sibh ag teacht salach ar a chéile ar bhealach ar bith le go mbeadh sibh ag troid
Ba mhór adéarfá le beirt a bheadh ag béal an dorais ag a chéile, ach an bheirt sin a bhí ar chaon cheann de bhaile agus gan roinnt punann ná dornán eatarthu, agus go gcaithfidís tosaí ag troid ina dhiaidh sin! Ach is smál é a bhíos ar dhaoine mar sin
Dheamhan roinnt punann ná dornán eatarthu, agus mura bhfuil féin, ní beo iad gan a bheith ag sciolladóireacht ar a chéile chuile ré solais. Sílim gur faisean é a thugas daoine faoi deara dóibh féin. Bhainfeadh cuid de na daoine troid as na clocha
Níl roinnt punann ná dornán idir an dá theach seo, agus is maith an scéal don teach s'againne nach bhfuil, arae dhá mbeadh, bheadh muid taobh leis an driobaillín caol — cuid Pháidín den mheacan. Tá sí seo amuigh chomh gar di féin, agus nár mhór léithe an ceann ramhar a bheith aici féin i gcónaí
Is fada an lá nach raibh roinnt punann ná dornán idir mise agus an bocaileá sin, agus ní fearr dhomsa a bheith. Mise a bheadh siar leis an téiléireacht i gcónaí. Sách fada a bhí sé ag imeartas ormsa, ach múineann an saol duine
Níl roinnt punann ná dornán idir é féin ná an cliamhain anois. Measaim nach bhfuil siad an-gheal dhá chéile chor ar bith, ach go mbeannaíonn siad dhá chéile ar aontaí agus ag teach an phobail. Ach ní dhéanann siad níos airde ná sin de theanntás ar a chéile, sílim
Shílfeá nach raibh roinnt punann ná dornán idir é féin agus J. ariamh le go mbeidís chomh saighdte sin ag a chéile. Ach is duine é J. sin a mbaineann gnaithe chuile dhuine dhó. Tá an iomarca aisiléireachta aige ar fad. Tá a chomharsanaí féin sách diomdhach dó ar aon chor
→
dúshlán
Chuir sé soipín luiche eadrainn, agus thosaigh sé dhár saighdeadh ag iarraidh orainn smugairle a chaitheamh thar an soipín. Bhí muid fhéin inár bpleibeanna chomh mór an uair sin agus go raibh muid aige ar sheol na braiche. Ansin chuir sé faoi ndeara dhúinn dúshlán a chéile a thabhairt, agus na dornaí a thomhais le chéile. Ba ghearr, mo léan, go raibh sé ina Chath na bPunann. Ní raibh splanc chéille againn an uair sin. Ach bhí breathas eicínt airsean. Mhairfeadh sé go deo ar an gceird sin