Sceinn amach
—foghar scinn
1.
a dhul amach de sciotán thar …
·
Sceinn sé tharm amach = scoth sé mé de sciotán.
Is air nach raibh an mhoill sceinneadh amach thar a' gcarr.
2.
feabhsú, leigean i mbeithidheach nó induine.
+–
Is maith atá an bhudóg a' sceinneadh amach = is maith atá sí a' feabhsú; ordú a' teacht uirre.
Tá'n gamhain sin an-sceinnte amach le goirid = méid agus ordú tagaithe air.
TUILLEADH (2) ▼
Tá T. Ch. an-sceinnte amach le tamall.
Tá sé sceinnte amach go breagh anois = tá feabhas, méid, nó slacht air, thar mar bhíodh.
Sceinn amach in iontrálacha eile (5)
Shíl mé dheamhan lá ratha a bheadh ar an ngamhainín sin go deo, agus nach maith a sceinn sé amach in a dheidh sin. Deir siad gur minic na caiple deireadh ag dul 'un tosaigh
→
diocach
Ní cheannóchadh aon-duine beo í ach é féin. Bhí sí in a giocach thoir annsiúd le claidhe agus gan an ceannachthóir féin ag breathnú ins an taobh a raibh sí. Tháinic sé aniar agus bhuail sé fúithe. Diabhal mé go bhfuair sé ar amhrán í. Nach h-ait a sceinn sí amach in a dheidh sin. 'Sé an chaoi a bhfuil sé má tá an beithidheach ag dul duit, níor mhiste dhuit dá mbeadh sé ar a chailleadh ach eireochaidh sé. Mara bhfuil, ní choinneochadh leágha na bhFíann beo é
→
déan 1
Rinne sé an-lá th'éis an smúit a bhí ann ar maidin. Diabhal mé gur scinn (sceinn) sé amach an-bhreagh
Bhí uainín meirbh annseo againn an bhliain cheana — dialúnach beag. Chaith sé cheithre mhí ag ithe as cúl a' (ar) nglaice. Shílfeá nach mairfeadh sé ala an chluig an chéad uair. Uan fireann a bhí ann, agus níor cailleadh ariamh é. Ní dhéanfadh duine ar bith tada leis ach a chaitheamh amach. Ach dar príosta sceinn sé amach leis an aimsir, agus rinne sé an-réithe. An reithe is fearr a bhí ariamh agam. Ní scarfainn leis ar chuid mhaith marach gur báthadh é i gcaochpholl annsin thuas ar an easca anuiridh
Bhí cráin annseo uair againn, agus bhí cheithre bhanbh dhéag aice ar an ál. Dheamhan a raibh uirre ach trí shine dhéag. An banbh corr a bhí ann nach bhféadfadh a dhul ag diúl, thosuigh muid féin ag tabhairt bhainne dhó. Shíl muid go ceann fada nach n-eireochadh sé, arae bhí sé in a aircín dona. Ach sceinn sé amach ins an deireadh, agus rinne sé an-rampaire muice. Choinnigh muid é go raibh sé in am a dhíolta go maith. Diabhal mé dhuit go raibh carghas orainn scaradh leis chor ar bith. Bhí sé in a pheata againn. Domhnaillín a thugadh muid air