Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
scinn amach
1.
a dhul amach de sciotán thar …
·
Scinn sé tharam amach — scoith sé mé de sciotán
Is air nach raibh an mhoill scinneadh amach thar an gcarr.
2.
feabhsú, ligean i mbeithíoch nó i nduine.
+
Is maith atá an bhodóg ag scinneadh amach — is maith atá sí ag feabhsú; ordú ag teacht uirthi
Tá an gamhain sin an-scinnte amach le gairid — méid agus ordú tagaithe air
TUILLEADH (2) ▼
Tá T. Ch. an-scinnte amach le tamall.
Tá sé scinnte amach go breá anois — tá feabhas, méid, nó slacht air thar mar a bhíodh

scinn amach in iontrálacha eile (14)

 
breá
Nach breá atá sí ag scinneadh amach? — ordú ag teacht ar bhó, duine ag méadú srl.
 
Dar mo choinsias, ó bhearr tú do ghruaig tá tú scinnte amach in do bhríthín óg (puisbhean a thug an bearradh giortach ar a gruaig le bheith sa bhfaisean)
 
Tá an gamhain sin an-fhíneáilte: rólom gan aon fhíonnach. B'fhéidir dhó scinneadh amach go maith. Má fhaigheann sé aire, is maith an beathach a bheas ann faoi Nollaig seo chugainn
 
Níl dea-ghealladh ná biseach faoin searrachín sin. Teagann an-tsearraigh muis ón stail sin. Féacha an ceann atá ag S. Sh. J. Dar Dia, tá sé scinnte amach ina chapall cheana.
 
dearg 2
Ní dheargfaidh sí leis an ola ach an oiread. 'Sé an chaoi a múchfaidh tú í. Lig di ar fad go fóilleach. B'fhéidir di scinneadh amach ar ball
 
Shíl mé dheamhan lá ratha a bheadh ar an ngamhainín sin go deo, agus nach maith a scinn sé amach ina dhiaidh sin. Deir siad gur minic na caiple deiridh ag dul chun tosaigh
 
Is diachta sin dom muis, a bheith láidir: fear nach ndeachaigh aon ghreim de bhia an tsaoil ar a bhéal le leathbhliain, cé is moite d'uibhín chirce agus de bhlogam bainne. Nach deacair duit a bheith ag iarraidh maitheasa ar a leithide sin. B'fhéidir nuair a thiocfadh an lá breá go scinnfinn amach thar mar atá mé
 
Ní cheannódh aon duine beo í ach é féin. Bhí sí ina giocach thoir ansiúd le claí agus gan an ceannaitheoir féin ag breathnú sa taobh a raibh sí. Tháinig sé aniar agus bhuail sé fúithi. Diabhal mé go bhfuair sé ar amhrán í. Nach ait a scinn sí amach ina dhiaidh sin. 'Sé an chaoi a bhfuil sé, má tá an beithíoch ag dul duit, níor mhiste dhuit dá mbeadh sé ar a chailleadh ach éireoidh sé. Mura bhfuil, ní choinneodh leagha na bhFiann beo é
 
dligh
Dar láthair Dé muis, dhligh C. a gcuid eascainí. 'Sí a dhligh — agus na buillí freisin dhá dtugaidís di iad. Dar ndóigh, níor tháinig iamh ar a béal le mo chuimhne ach ag sciolladóireacht agus ag géaraíocht orthu. Agus níor fhága sí cearc ná gamhain ariamh acu nár bhasc sí, nó ba chinniúint uirthi é. Ach gheobhaidh sí féin rud ar a shon anois ó na mná óga siúd. Diabhal mé go bhfuil siad scinnte amach ina gcailíní óga — bail ó Dhia orthu — scáth an t-achar ó bhí siad ag dul chun scoile
 
déag
Ó bheas siad sna déaga chor ar bith (gasúir), ní airíonn na daoine ag scinneadh amach ina bhfir iad. Ach ní mar a chéile uileag iad sin féin. Cuid acu a mbíonn an-bhiseach fúthu, agus cuid eile nach ndéanann aon bhiseach chor ar bith. De réir mianach an duine a bhíos sé
 
déan 1
Rinne sé an-lá théis an smúit a bhí ann ar maidin. Diabhal mé gur scinn sé amach an-bhreá
 
Rinne an bhodóg sin díchúis dom. Bhí an-ghealladh fúithi, ach níor tháinig biseach ar bith fúithi mar sin fhéin. Théis gur choinnigh mé í le leathbhliain ag ceapadh i gcónaí go raibh údar maith inti, agus go scinnfeadh sí amach, dheamhan ionga ná orlach a tháinig uirthi ó shin. Ní bréag ar bith dhom a rá go ndearna sí díchúis dhom
 
Bhí uainín meirbh anseo againn an bhliain cheana — díolúnach beag. Chaith sé cheithre mhí ag ithe as cúl a (ár) nglaice. Shílfeá nach mairfeadh sé ala an chloig an chéad uair. Uan fireann a bhí ann, agus níor cailleadh ariamh é. Ní dhéanfadh duine ar bith tada leis ach a chaitheamh amach. Ach dar príosta scinn sé amach leis an aimsir, agus rinne sé an-reithe. An reithe is fearr a bhí ariamh agam. Ní scarfainn leis ar chuid mhaith murach gur báitheadh é i gcaochpholl ansin thuas ar an easca anuraidh
 
Bhí cráin anseo uair againn, agus bhí cheithre bhanbh dhéag aici ar an ál. Dheamhan a raibh uirthi ach trí shine dhéag. An banbh corr a bhí ann nach bhféadfadh a dhul ag diúl, thosaigh muid féin ag tabhairt bhainne dhó. Shíl muid go ceann fada nach n-éireodh sé, arae bhí sé ina aircín dona. Ach scinn sé amach sa deireadh, agus rinne sé an-rampaire muice. Choinnigh muid é go raibh sé in am a dhíolta go maith. Diabhal mé dhuit go raibh carghas orainn scaradh leis chor ar bith. Bhí sé ina pheata againn. Dónaillín a thugadh muid air