Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Beo bocht (47)

 
Chuaigh fear thart anseo an bhliain cheana agus é gléasta mar a bheadh tincéara ann. Ar a chaomhúint a bhí sé i ngeall ar bhean bhocht eicínt a robáil agus a mharú thart síos. Dheamhan duine beo nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheireadh agus cuireadh príosúntacht lena ló air. Má cuireadh fhéin, ba mhaith an oidhe sin air, ná ar aon duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
 
conán
Dheamhan duine beo a thiocfadh ag cur aon araoid ar an gconán sin, mura mbeadh an cat mara ar fad air — créatúr bocht nach mbíonn i dtroid ná i mbruíon, ná nach raibh ariamh.
+
beo 1
Dheamhan an fearr dhó beo an duine bocht agus a fheabhas agus a bhí sé ag saothrú an tsaoil.
TUILLEADH (6) ▼
Cuirfidh siad sin chuile shórt ar an méir is faide, agus dheamhan ar mhiste leob dhá bhfaigheadh créatúir bhochta bás, chomhuain is bheidís ag fanacht leis an gcabhair. Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar, dar ndóigh.
Is bocht dom a bheith thíos sa talamh fhéin beo beithíoch agaibh, agus an cheird atá oraibh maidin is tráthnóna — ní iontas ar bith go bhfuil mé ionann is maraithe agaibh agus an cheird atá oraibh maidin is tráthnóna (samhailéireacht, sciolladóireacht srl.)
Beo bocht (fc. bocht).
Níl créatúr ar bith beo is fhearr atá ag saothrú an tsaoil leis — an duine bocht.
Ní bhfaigheadh Críostaí an bhéil bheo ina chlaonta a leithide de chleas a dhéanamh ar dhílleachta bhocht lag, ach níl scrupall ar bith ina chroí siúd.
Is bocht an rud do dhuine a shaol a chaitheamh mar sin agus gan Críostaí an bhéil bheo a fheiceáil ó mhaidin go faoithin ná ó oíche go maidin.
+
beo 2
Nach é an cás céanna don duine bocht a bheo nó a mharbh. Cé fearr dhó beo!
TUILLEADH (3) ▼
Ó tháinig bean an mhic isteach faoi chaolachaí an tí aici, ní beo léithe a beo chor ar bith. Tá sí reicthe chuile phointe sa ló aici, an tseanbhean bhocht.
Níor bheo leis a bheo, an duine bocht, ó chuir sé an chlann.
Tá méir bhocht air an áit a ndeachaigh dealg isteach faoin ionga agus chuaigh sé sa mbeo.
+
bocht 1
Tá sé beo bocht.
TUILLEADH (23) ▼
Beo bocht atá na daoine ariamh.
Tá sé beo bocht mar chuile dhuine eile dhá bhfuil anseo
Duine ar bith atá taobh le beithígh anois, is beo bocht atá sé
Is lena bheith beo bocht duit a bheith ag faire air sin.
Bhí sé ina shuí go te tamall ach tá sé beo bocht anois agus ag fáil a dhíol le déanamh snáth a choinneáil faoin bhfiacail.
Muise, dheamhan mórán le beo bocht iad, ainneoin go bhfuil cuid mhaith gaisce agus gláiféisce acub.
Níl tada le cois na sláinte aige anois. Tá sé beo bocht go leor.
Ní cás dó é mura bhfuil sé ach beo bocht, ach shíl mise nach raibh bonn bán aige.
Bhí dath gach bó ar sliabh acub tamall, ach ní mórán le beo bocht iad anois.
Ní mórán somhaoine dóibhsean a seanathair a bheith ina ridire caorach agus gan iad fhéin ach beo bocht, ní dhá roinnt leob é.
Is dhó is fusa cótaí móra a cheannacht, ní hionann sin agus daoine atá beo bocht.
Níl sé ach beo bocht ceart go leor, ach cén neart atá aige air sin. Más peaca a bheith buí, tá na mílte damanta.
Is mór leis atá beo bocht agus gan aon neart acub air.
Beo bocht atá muid ó rugadh muid agus beo bocht a bheas muid go dté muid i dtalamh, mura bhfuil ag Dia.
Dheamhan aithne anois air a raibh sé féin beo bocht ariamh le a bhfuil de ghoití agus de ghaileamaisíocht aige.
Lag slán a mhic ó, agus beo bocht (freagra a thug duine nuair a fiafraíodh dhe cén chaoi a raibh sé).
Má tá sé beo bocht nach dhó fhéin is measa sin. Air fhéin, an duine bocht, atá a lear agus ní orainne.
Más fíor di fhéin, níl sí ach beo bocht, agus is beag dhá cuid cluanaíochta é sílim.
Dhá bhfaighidís saibhreas Rí Sheoirse, beo bocht a bheidís ina dhiaidh, hé brí cén chaoi a gcuireann siad an drochbhail air.
Tá an-tsaothrú dhó ach má tá fhéin, tá sé beo bocht ina dhiaidh mar nach gcuireann sé aon bhail air ach an drochbhail.
Is diachta dhó a bheith beo bocht,agus a bhfuil a chlann a shaothrú.
Murach an t-uachta, is beo bocht a bheidís fós.
Bídís buíoch don seanathair agus dhá chuid airgid nó is beo bocht a bheidís lena saol.
 
bocht 2
Ní fearrde na boicht é, ainneoin, más fíor dhó fhéin, nach mbeidís beo murach é.
 
feall 1
Tuilleadh ghéar den diabhal aige anois! Ba bheag an scrupall a bhí aige fhéin an fear bocht sin thiar a mharú. É a mharú a rinne sé scáth ar fhága sé beo dhe. 'Sé cóir Dé é anois gur éirigh an cleas céanna dhó fhéin. Más feall filleann
 
fuacht
Seán seo thoir! Ní fhaca mé an teas ag breith ar an bhfuacht aige (air) aon lá ariamh. Beo bocht a bhí sé, agus beo bocht atá sé, ní dhá roinnt leis é!
 
dia 1
Is dona a bhí sí beo ariamh an bhean bhocht. Chaith Dia an t-anam inti, sin é an méid
 
diaidh
Is minic ariamh a ghlan fear leis i ndiaidh a chinn roimhe agus ní fhaca sé aon lá den ádh ariamh ach é. B'fhéidir go dtiocfadh an té sin abhaile blianta ina dhiaidh sin agus é ina ridire. Ní bheadh sé ach beo bocht, dhá bhfuiríodh sé sa mbaile i gcónaí
 
Shílfeá nach mbeadh breith aige ó inniu go dtí amárach go dtéadh sé ann. Ag strócántacht chuile lá ag iarraidh imeacht nuair a chonaic sé na gearrbhodaigh eile ar fad ag dealú leo. Sin é a raibh ag cur síos leis — Sasana. D'imigh sé faoi dheireadh ar na drochóirí dhó féin. Ní raibh sé leathbhliain imithe — an duine bocht — nuair a maraíodh é … i gCoventry an t-am a raibh na haeroplanes ag caitheamh anuas. Níor frítheadh a dhubh ná a dhath ná a thuairisc ariamh. Buaileadh an shelter. Ní raibh mac an aoin bheo istigh ann nár cniogadh. Níor frítheadh a gcnámha féin.
 
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleá air sin, sceach a raibh geis uirthi thiar i ngarraí an Ch. a bhaint. Bhí na daoine maithe — diúltaí muide dhóibh — fúithi. Nuair a tharraing sé an tua, tháinig an guth go dtí é: 'ná buail,' adeir sé. Ach bhí S. chomh doghrainneach, chomh dúshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí chuile údragáil. Ón lá sin amach bhí an díleá air: leá chúr na habhann ar a raibh aige. Dar fia bhí an fear sin deisiúil, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá is gur thosaigh an saol ag dul ina aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nár báitheadh nó nár bascadh nó nár cailleadh. Ó bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lú faoin domhan, agus scaití ní call dóibh tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le seanbhó bhuí sa deireadh. Chonaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhósan sin. Ba mhaith bocht an fear é i ndeireadh a shaoil, agus beo bocht a bhí a chlann ina dhiaidh nó gur dhealaigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeachaigh an sceach dó. Ara bhí sé chomh dochomhairleach leis an saol. "A chomhairle féin do mhac dhanra," arsa tusa, "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith ar aon chor, a dhul thar thaispeánadh, agus fuair seisean an taispeánadh — go ndéana Dia grásta air!
 
díol 2
Is maith a rinne sé é, é a scaoileadh uaidh gan pínn gan bonn. Go dtuga Dia trócaire dhó. Ní chuirfeadh aon ghiúistís beo aon cheo ar an dílleachta bocht údaí. Is mór an díol trócaire é, an té a bhreathnódh isteach ceart ann
 
Dream an-díonmhar a bhí i muintir Ph. Mh. Mh. sin. Níor chuir a mháthair sin bean bhocht ón doras ariamh agus níor eitigh sí fear bóthair ná bealaigh faoi lóistín. Nach iad a thóg na G. bheaga sin chuile lá ariamh. Meas tú murach gurb iad an mbeidís beo. Bhí sé fánach acu
 
Diabhal neart ag an duine bocht air. Mar sin atá sé i gcónaí, ach blaiseadh d'aon deoir óil. Ní fhanfaidh a dhath ar a ghoile ar an bpointe. An dúradán dubh atá ina bholg, cuireann sé aníos é. Ach is deacair a chomhairleachan ina dhiaidh sin. Ní beo é gan a dhul ina ghaire agus a dhul ag blaismínteacht dó