Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Fearacht (40)

 
daba
Tá an sconmhíol atá ar an mbaile sin mar a bheadh madraí ann. Má chaitheann tú daba ag madadh, leanfaidh sé i dtigh diabhail thú. Sin é a fhearacht acu sin é. Tugann M. corrdhaba dhóibh, agus tá sé ina dhia beag acu a mhic ó
 
dáimh
Tá dáimh aici sin le chuile dhuine sa tír más fíor di féin, ach 'sé gaol mhadadh Úna le madadh Áine é. Ar chuala tú ariamh é: "uisce fuar mo chreach agus gaol i bhfad amach". Sin é a fhearacht aici sin é
 
daor 3
Déanfaidh sé fearacht Chéataigh leat: ceangal na naoi ndaora go daor agus go dochrach a chur ort, nó go mbeidh laidhricín do choise ag coinneáil seanchais le poll do chluaise
 
Ó thiocfas deachma na sláinte ar dhuine tá a chuid maitheasa ar iarraidh. Sin é a fhearacht agamsa anois é. Caithfidh siad cúis a dhéanamh de m'uireasa. Ach tá neart acu fhéin ann anois go lige Dia slán na daoine
 
déan 1
Déanfaidh tú rud go deimhin. Ar chuala tú ariamh é: is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn. Sin é a fhearacht agatsa é. Gaotaireacht uileag thú
 
dearg 1
Is tú atá círíneach dearg bail ó Dhia ort, ach is beag an dochar duit. Is maith é do ghreim, ní hé a fhearacht sin againne é
 
Tá mé ag réabadh dearglaoich ar an aimsir seo (ag baint phortaigh dearglaoch). Má tá féin, is furasta í a mhúnláil, ní hé fearacht portach na bliana anuraidh é. Mise i mbannaí gur beag a leacógaí a dhéanfas an mhóin seo nuair a chaithfeas tú suas í, ach bhí na portaigh eile dubhdhomhain
 
Tá sé sin deaslámhach mo choinsias. Ní fheicfidh tú aon chuileoigín chlúmhaigh ag imeacht ar a chuid éadaí ní hé m'fhearacht féin é
 
Mo léan géar, ní hé m'fhearacht féin é, ní hé boladh na deataí a bhí uirthi théis an S. Meas tú cá'il sí ag fáil a luach i gcónaí. M'anam gurb ait atá sí ag cruthachtáil, gurb ait sin
 
Nach deas a shíl siad imeartas ort: gan ceachtar acu ag tabhairt saoradh ná séanadh dhuit faoi. Sin é a fearacht é ag: íocfaidh an fear thoir an fear thiar agus íocfaidh Dia an fear deiridh
 
deis
Níl duine ar an bhfeadhain acu nach bhfuil an bealach céanna leis: ardnós agus onóir. Chuala mise ariamh é: putóig gan geir nó onóir gan deis. Sin é a fhearacht acu sin anois é. Is iomaí cor sa saol ón am a bhféadfaidís sin cis ar easair a dhéanamh den tír. Ní dhéanfaidh siad níos mó é, dar mo choinsias
 
Is maith í an diagantacht má chuireann sí rud ar do mhéis. Sin é a fhearacht ag an sagart sin é
 
díbir
Shílfeá go bhfuil an tae do do dhíbirt. Ar ndóigh, bail ó Dhia ort, ní nuaíocht ar bith agatsa tae, ní hé a fhearacht sin ag daoine eile é. Lig do scíth go fóilleach. Beidh tú sách luath sa mbaile
 
díle 1
Seanghnás ón Díle na crosógaí a chur suas Oíche Fhéil Bríde. Níor cheart daoibh éirí as anois. Ní pisreogaí ar bith na crosógaí, ní hé a fhearacht sin ag na gaidíní Bealtaine é. Ach is mór atá an saol ag athrú, is mór sin
 
ding
Bhí siad uileag mar a bheadh conairt ann ar thí an rud a bhí agam. Ach ba é an té a d'oil mé ar mo chích féin ba mheasa dhom ina dhiaidh sin. Chuala tú ráite ariamh é gur le ginn di féin a scoiltear an leamhán. Ba in a fhearacht agamsa é
+
D'fhéadfá sin a rá. 'Siad an díogha dháiríre iad. An té atá i gcleithiúnas na gclogs sin, b'fhearr dó imeacht cosnochtaithe. Dá n-imíodh duine sna boinn, is gearr go mbeadh sé taithithe air. An bhfeiceann tú na daoine a bhí anseo fadó. Fear sé nó seachráin a mbíodh bróig ar bith air agus nach acu a bhíodh an tsláinte. Is beag na scoilteachaí a bhíodh dhá gcraplú, ní hé fearacht an dream atá anois ann é
TUILLEADH (1) ▼
Dúirt sí leat ceann ar bith a thogair tú a thabhairt leat, agus d'fhága tú an langa agus an trosc in do dhiaidh, agus chroch tú leat an faoitín! Diabhal bréag nach ait an soláthraí thú. Ó chuala mise ariamh é: tabhair roghain don bhodach agus tógfaidh sé an díogha. Sin é a fhearacht agatsa anois é
+
díol 2
Mura bhfuil díol a fhreastail muis ag máistir scoile, is trua ghéar do thuilleadh. Nár agraí Dia ort é a mháistir. Ag imeacht as do chranna cumhachta atá tú lena bhfuil agat. Tá tú fearacht na n-uaisle ar fad …
TUILLEADH (1) ▼
Cé hé díol an mhagaidh anois fiafraím díot — tusa nó mise. D'fhéach tusa le dhul ag magadh fúmsa, ach sílimse gur mise atá ag magadh fútsa. Mar adúirt an ceann eile: "Bíonn daoine ag magadh fúmsa nuair a bhainim an choirce glas; Ach bímse ag magadh fúthusan nuair a thiteas an gráinne as". Sin é a fhearacht agamsa agus agatsa anois é
 
'Sé díoltas Dé é a theacht anuas air agus an chaoi a raibh sé féin le tuilleadh, chomh uain is a bhí an power aige. An bhfeiceann tú an dílleachta bocht a chaith sé ansin thoir, agus an créatúr a bhuail sé gur chuir sé ó mhaith an tsaoil é. Tá sé ar a mhéis féin aige anois, ní dhá roinnt leis é. Is mairg a bheadh go holc agus bocht ina dhiaidh adeir siad. Sin é a fhearacht aigesean anois é, ach go mba mhór ab fhiú dhó a bheith bocht, seachas an bhail atá air …
 
Déan deabhadh anois má rinne tú ariamh é. Is gearr nach léir duit do láimh. Tá an lá ag diúltú dhá sholas cheana, agus níl siar ná aniar ann an tráth seo bhliain. Dhá mbeadh an lorry líonta againn ó sholas, níor chás dúinn é. Níl muid ag iarraidh fearacht Sh. Ph. Mh. a dhéanamh leis: spadalach agus scrathachaí agus clocha a thabhairt dó de shiúl oíche!
 
dlaoi
Is furasta coirce a bhaint a fhearacht seisean. Ní bheadh ar dhuine ach an dlaoi a leagan thairis gan glanadh ná piocadh ar bith. Ghabhfainn féin poll maith isteach i ngarraí coirce lá ar an gcaoi sin
+
Má b'fhíor go raibh chuile Éireannach i Sasana le tógáil agus le cur amach sa gcogadh den bhuíochas. Diabhal Éireannach ar bith a tógadh ar a shon sin mura raibh a chiontsiocair féin leis. Duine ar bith a bhí ag iarraidh fanacht as an arm b'fhurasta dhó a dhéanamh. Chonaic mise é. Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn adeir siad. Ba é sin a fhearacht ag na hÉireannaigh i Sasana é. Bhí an tÉireannach in ann a rogha rud a dhéanamh i Sasana. Nach raibh na Sasanaigh ag creathadh ina gcraiceann rompu
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfuil airgead ar bois agat, ná taobhaigh siopaí na G. Má thaobhaíonn, is ag brú ar an doicheall a bheas tú. Siúd é an áit deiridh ag duine le dhul mura bhfuil pócaí teanna agat. Ná bac leis an bhfear folamh. Níl siad siúd dhá iarraidh. Is beag é a n-iarracht air. Tá sé a fhearacht ag an bhfear fadó: "Pócaí folmha bocht, buailidís bóthar agus gheobhaidh siad seantáin amach faoin tír"
 
dóigh 3
Creid mé dhuit ann anois go mb'fhearr liom donacht ar bith eile faoin domhan a bheith orm an pointe seo de ló ná an t-anó atá orm. Ach deir siad an té a bhíos dhá bháthadh go mb'fhearr leis dhá dhó. Sin é a fhearacht agamsa é, chreidim
 
An rud is doilí le duine ná a bhás, cá bhfios dó nach é lár a leasa é. Is minic a chuala tú ariamh é. Ba in é a fhearacht ag Bríd é. Bhí a muintir ag iarraidh a cur soir tigh J. Ph., agus bhí gráin an tsaoil aici air, arae bhí sí "ag comhrá" le mac a bhí anseo thiar ag C. Ní Ch., agus séard a bhí sí féin ag iarraidh a dhéanamh éalú leis go Meiriceá. Ach fuair a muintir amach uirthi é, agus théis go leor anonn is anall chuaigh sí tigh J. Ph. Níl aon bhean sa taobh seo go Gh. inniu atá ina suí chomh te léithe. Tá deis agus talamh aici. Tá postaí ag a clann. Déarfá go raibh an t-ádh uirthi ceart. An fear a bhí sí féin ag iarraidh a phósadh, maraíodh i Meiriceá é leathbhliain théis a dhul ann dó
 
Deir siad nach bhfuil ceannús ceann ar bith ar an gclann atá aige sin le drabhlás. Ardaíonn siad leo na beithígh den talamh thiar, agus díolann siad i ngan fhios dá n-athair iad. 'Sé a fhearacht sin acu é le cruiteanna fataí, le coirce, agus le chaon tsórt dá mbíonn ann
 
Go deimhin ní drisín ná dreancán é, ní hé t'fhearacht féin sin (fc. dris. Cuirtear drisín agus dreancán le chéile mar sin)
 
dreas 2
Mura n-éirí creataí an tsamhraidh léithe, ní bhíonn dreas ná teas inti. Caithfidh tú an ghrian a thapú nuair a bheas sí ársaithe más leat móin mhaith thine a bheith agat, agus gan a bheith fearacht Ph. Á. a thriomaíodh í ar ana beag na Féile Michil
 
Cén sórt dreolán d'fhear de mhac é siúd aige. Shílfeá nach bhfuil biseach ar bith faoi. Dúradáinín dona fearacht an athar a dhéanfas sé
 
Is driopásaí é ná P. R. a bhí anseo fadó. Ní ligeadh an driopás do Ph. R. a bhróga a dhúnadh nó go mbeadh portach móna gróigthe aige. In am dinnéir a dhúnadh sé iad: leathláimh ag ithe agus leathláimh ag dúnadh. Sin é a fhearacht aigesean anois é
 
Ná bac leis an áit seo a stór mo chroí! Déantar droichead dínn i gcónaí. Ní fhaca mé tada dhá ligean amach ariamh a bhfaigheadh an baile seo aon bhrabach air. Bheadh sé sciobtha ag an mbaile sin thoir nó ag an mbaile sin thiar. Sin é a fhearacht ag na bóithrí anois é. Tá bóthar an bhaile sin thoir dhá dhéanamh agus tá bóthar an bhaile sin thiar dhá dhéanamh, agus níl cás ar bith i mbóthar an bhaile seo, théis nach siúlfadh na gabhair é. Bhuel tá rud le déanamh leo, gan aon bhót a thabhairt dóibh aríst go brách
+
droim
Ní raibh aon lorries ná aon charrannaí ann an uair sin. Chaithfidís a gcuid earra a thabhairt leo ar a ndroim nó déanamh dhá fuireasa. Ar chuala tú ariamh é, is maith a shaothraíos an droim an bolg. Ba in é a fhearacht acu san am sin é
TUILLEADH (2) ▼
Ar chuala tú ariamh é, an rud a chruinníos duine ar dhroim an diabhail, caitheann sé ar a bholg é. Sin é a fhearacht ag J. anois é. Ní hé leathchóir Dé é go bhfuil an mac ag ól mar atá sé. Chaithfeadh Dia é féin a fhoilsiú air ar chaoi eicínt agus a liachtaí pínn cham a bhain sé amach sa siopa sin ariamh. Ní raibh aon chneámhaire gan chrochadh ach é sin. Nár chuir sé faoi ndeara do D. Bh. N. ansin thiar fiacha a íoc faoi dhó
Bíonn sé ag gabháil ag pósadh chuile mhí sa mbliain ach cuireann rud eicínt dhá dhroim é i gcónaí, más fíor dó féin. Anuraidh bhí sé socraithe tigh Sh. L. ach níor phós sé í ina dhiaidh sin. Deir sé féin go dtáinig scéala as Meiriceá aige na laethanta céanna gur bhásaigh deartháir leis ann. Is tráthúil go mbíonn rud eicínt lena chur dhá bhuille i gcónaí. Sílim go bhfuil sé fearacht go leor eile: hob ann agus hob as aige, agus faitíos air nuair a théas sé ar an scian is géire nach mbíonn sé dhá fháil sách maith. Dheamhan duine a chonaic mé ariamh ar an ealaín sin nach mbuailfí air í — ágóid eicínt — sa deireadh. 'Sé díoltas Dé é
 
Má chloisimse druid uait aríst go faoithin, cuirfidh mé droiminn ort le a dtabharfaidh mé de bhata dhuit. Ní hé a mhalrait atá tú a thuaradh dhuit féin; ag imeacht ag cur allais asat ansin, agus gan méir i gcluais le cloisteáil agat. Nach breá nach mbeifeá cuibhiúil fearacht do leithide ar bith sa tír, agus gan na daoine a náiriú
 
Más ea féin, théis ar shiúil sé, tá nósa na tíre tógtha aríst aige. Deir tú leis a bhfuil na seiríní thuas aige, fearacht an athar. Leanann bá dúchas ar ndóigh
 
Ab í an scaineamháin sin thiar! Ní bheadh seasamh ar bith aici sin dhá dteagadh spalpadh mór fearacht na bliana anuraidh. B'fhearr dhuit a dhul in éadan an dúrabháin i mbliana. Cé méad bliain atá craiceann ar an bpáirc sin thuas agat
 
Is diabhlaí an t-aon é. Ag caitheamh agus ag cáineadh agus ag baint fogha is easpa as chuile dhuine ar an gcaoi sin. Séard a bhí a dhéanamh leis, an chaint a bhíodh ag a athair — go ndéana Dia maith air — a mheabhrú dó. Chuile uair a gcloiseadh an t-athair duine ag gearradh na comharsan séard adéarfadh sé i gcónaí: 'Is léir do dhuine an dúradán i súil na comharsan ach ní fheiceann sé an tsail mhór ina shúil fhéin.' Ba bheag ab ionann é féin agus an mac seo anois. Níor chuala aon duine ariamh an t-athair ag gíbliú (díbliú) ar aon duine, ní hé a fhearacht sin ag an mac é. Ón máthair a thug an mac an cheird sin. Murab ea ní ón athair
 
Ná téadh sé chun bundúin aríst ort fearacht ar ball. Breá nach mbeadh foighid agus éisteacht agat. Is fada dhuit do shaol ar an gcaoi a bhfuil tú